Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí
Gearán faoi shárú a bhain le faisnéis fostaíochta
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí gearán a rinne duine aonair in aghaidh a fhostóra. Bhain sé le sárú sonraí a tharla nuair a cuireadh fillteán acmhainní daonna ina raibh sonraí pearsanta an duine aonair ar thiomántán poiblí a raibh rochtain ag daoine aonair tríú páirtí air.
Dúirt an fostóir leis an gCoimisiún gur thug sé fógra don. Dúirt sé gur tharla sé, de dheasca earráid dhaonna, gur aistríodh fillteán ina raibh sonraí pearsanta chuig tiomántán comhroinnte coiteann inmheánach de thaisme. Dúirt sé freisin nach raibh rochtain ag aon duine ar bith lasmuigh den eagraíocht ar an bhfillteán sin. A luaithe a tháinig an fostóir ar an eolas faoin sárú sin, rinne sé gníomh láithreach chun na comhaid lena mbaineann a dhaingniú.
Daingníodh na fillteáin acmhainní daonna trí iad a bhaint den tiomántán comhroinnte agus trí iad a chur sa tiomántán cuí logánta acmhainní daonna. Rinne an fostóir imscrúdú ar an teagmhas sin agus dheimhnigh sé nach ndearnadh aon phróiseáil bhreise ar shonraí pearsanta sa chás seo. Chuir an fostóir na daoine aonair a ndearnadh difear dóibh ar an eolas faoin sárú agus thug sé an t-eolas is deireanaí roinnt uaireanta maidir leis an gcéanna tríd an ríomhphost. Ina dhiaidh sin, thug an fostóir don duine aonair liosta mionsonraithe de na catagóirí sonraí pearsanta a bhí i gceist leis an sárú sonraí.
Tar éis dó an ní a scrúdú a mhéid a measadh a bheith cuí, mheabhraigh an Coimisiún don fhostóir na hoibleagáidí atá air faoi Airteagal 5(1)(f) agus Airteagal 24 RGCS. Chomhoibrigh an fostóir leis an gCoimisiún arís agus arís eile. Rinne an Coimisiún cigireacht dheonach ag áitreabh an fhostóra freisin. Rinne an Coimisiún measúnú ar an sárú agus chuaigh sé i dteagmháil leis an bhfostóir, a d’inis don Choimisiún go bhfuil bearta i bhfeidhm, nó go bhfuil sé beartaithe bearta a chur i bhfeidhm, chun a chinntiú nach dtarlóidh teagmhas den chineál céanna arís sa todhchaí.
Cás-Staidéir CCTV
TCI i Seomraí Folctha
Gach bliain faigheann an CCS go leor fiosruithe agus gearáin ó dhaoine éagsúla a dhéanann gearán go sonrach faoi úsáid TCI i limistéir scíthe ag eagraíochtaí éagsúla ar nós tithe tábhairne, clubanna oíche, bialanna agus iostaí iompair. Go háirithe, líomhnaíonn na gearáin go bhfuil na ceamaraí ag díriú ar réimsí ar leith i seomraí scíthe ina bhfuil ionchas méadaithe maidir le príobháideacht, mar shampla os cionn ciúbach nó fualán.
Cé go ndeachaigh an CCS i dteagmháil le heagraíochtaí ar bhonn duine le duine, ní mór breithniú níos ginearálta a dhéanamh ar an tsaincheist maidir le dleathacht phróiseáil sonraí pearsanta trí TCI i seomraí scíthe. Mar thoradh air sin, tá scrúdú breise déanta ag an CCS ar na saincheisteanna seo agus nuashonraigh sé a Threoir maidir le TCIanna do Rialaitheoirí Sonraí trí mhír shonrach a chur san áireamh ar ‘Úsáid TCI i réimsí ina bhfuiltear ag súil le príobháideacht.
Cás-Staidéir CCTV
Gearán maidir le próiseáil chothrom a bhain le TCI san áit oibre
Tharraing duine aonair ábhar imní anuas lena fhostóir sa tionscal scéimhe faoi líon ceamaraí teilifíse ciorcaid iata (TCI) san áit oibre a chreid sé a bheith iomarcach. Luaigh an duine nár cuireadh in iúl dó riamh go raibh na ceamaraí á suiteáil agus go raibh imní air go raibh taifeadtaí fuaime agus taifeadtaí físe araon á ndéanamh ag na ceamaraí. Chuir an eagraíocht in iúl don duine aonair gur ar mhaithe le sábháilteacht na foirne a suiteáladh na ceamaraí agus nár taifeadadh aon fhuaim riamh.
Chuir an duine aonair gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí toisc go raibh sé míshásta leis an bhfreagra a fuarthas ón eagraíocht. Mar chuid den scrúdú uaidh, chuir an Coimisiún ceist ar an eagraíocht faoi na taifeadtaí fuaime líomhnaithe a taifeadadh leis na ceamaraí TCI. Dheimhnigh an eagraíocht nár taifeadadh aon fhuaim agus thug sí don Choimisiún litir ó sholáthraí an chórais TCI inar deimhníodh tuilleadh nár taifeadadh aon fhuaim leis na ceamaraí toisc nach raibh aon chumas taifeadadh fuaime acu.
Chuir an eagraíocht in iúl don Choimisiún gur shuiteáil sí na ceamaraí ar dtús tar éis sraith fadhbanna slándála, lenar áiríodh teagmhais ghadaíochta. Luaigh sí freisin, áfach, gur ar mhaithe le sábháilteacht na mball foirne agus iad ag obair ina n-aonar a suiteáladh na ceamaraí. Cé gur mhaígh an duine aonair nach raibh sé ar an eolas gur suiteáladh na ceamaraí, luaigh an eagraíocht go raibh na ceamaraí ann le trí bliana sula ndearna an duine aonair gearán leis an gCoimisiún agus gur chuir an duine aonair oiliúint ar an bhfoireann ina leith.
Luaigh an eagraíocht go raibh roinnt bunús dleathach aici le sonraí a phróiseáil ar an mbealach sin, lenar áiríodh Airteagal 6(1)(d) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”), á rá go bhfuil na ceamaraí ag teastáil chun leasanna ríthábhachtacha a foirne a chosaint. Sonraítear in Airteagal 6(1)(d) RGCS go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta dleathach más rud é “[gur] gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint”. Luaigh sí Airteagal 6(1)(f) RGCS freisin, ina sonraítear go mbeidh próiseáil dleathach más rud é “[gur] gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir...” toisc go bhfuil leas dlisteanach ag an eagraíocht i slándáil na háite oibre, i sábháilteacht na foirne agus sa choireacht a chosc.
Chuir an Coimisiún in iúl don eagraíocht nach bhféadann sí dul i muinín Airteagal 6(1)(d) RGCS mar bhunús dleathach le ceamaraí TCI a úsáid san áit oibre. Dheimhnigh an eagraíocht gurbh amhlaidh, ar aon dul le hAirteagal 6(1)(f) RGCS, a sheol sí tástáil cothromaithe leasanna dlisteanacha roimh shuiteáil na gceamaraí TCI. Luaigh an eagraíocht freisin go bhfuil an phróiseáil teoranta dá bhfuil riachtanach, á lua gur gá í a dhéanamh chun críocha sábháilteachta. Luaigh sí go gcoinnítear na píosaí scannáin ar feadh tréimhse 20 lá agus go dtaifeadtar píosaí scannáin nua ina n-áit ansin. Luaigh an eagraíocht nach bhfuil rochtain ar na píosaí scannáin, atá cosanta ag pasfhocal, ach amháin ag an lucht bainistíochta.
Ag teacht sna sála ar an scrúdú uaidh ar an ngearán, chinn an Coimisiún gur thaispeáin an eagraíocht bunús dleathach bailí le sonraí pearsanta a phróiseáil trí cheamaraí TCI a úsáid faoi Airteagal 6(1)(f) RGCS.
Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Shop Direct Ireland Limited t/a Littlewoods Ireland
I mí Bealtaine 2019, fuair an DPC gearán ó dhuine a dúirt go raibh teachtaireachtaí margaíochta dírí á bhfáil acu ar téacs ó Littlewoods ó mhí an Mhárta. Dúirt an gearánach gur lean siad na treoracha chun díchlárú agus gur sheol siad an focal ‘STOP’ ar téacs cúig huaire chuig uimhir ainmnithe ar a dtugtar gearrchód, ach nár éirigh leo díchlárú agus go raibh teachtaireachtaí margaíochta ar téacs fós á bhfáil acu.
Le linn ár n-imscrúduithe, dhearbhaigh Shop Direct Ireland Limited (t/a Littlewoods Ireland) go raibh taifead ar théacsanna díchláraithe a chuir an gearánach isteach trí bhíthin a socruithe cuntais ar láithreán gréasáin Littlewoods an 8 Bealtaine 2019. Ní raibh taifead acu, áfach, ar a gcuid iarrachtaí roimhe sin díchlárú ó théacsanna margaíochta dírí agus an gearrchód SMS á úsáid. B’amhlaidh sin de bharr earráid dhaonna agus an t-ábhar do na teachtaireachtaí margaíochta SMS á socrú. Dúirt an chuideachta gur chuir an duine a bhí freagrach as ábhar a bhain le téacsanna margaíochta a ullmhú agus a uaslódáil an eochairfhocal díchláraithe ‘STOP’ san áireamh ag deireadh téacsanna margaíochta de dhearmad, in áit ‘LWISTOP’.
D’ionchúisigh Shop Direct Ireland Limited an DPC in 2016 i ndáil le saincheist cosúil leis sin ina ndearnadh custaiméir iarracht gan rath díchlárú ó ríomhphoist margaíochta dírí. Ba é toradh an cháis cúirte an t-am sin, gur bhronn an chuideachta €5,000 ar charthanas in áit ciontaithe agus fíneála.
Chinn an DPC an chuideachta a ionchúiseamh i ndáil le cionta margaíochta dírí leictreonaí i ndáil leis an ngearán a rinneadh i mí Bealtaine 2019.
I gCúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 29 Iúil 2019, phléadáil Shop Direct Ireland Limited (t/a Littlewoods Ireland) ciontach in dhá chúis a bhain le teachtaireachtaí margaíochta dírí gan iarraidh a sheoladh ar téacs. Rialaigh an chúirt nach gciontófaí an chuideachta agus nach ngearrfaí fíneáil uirthi dá mbronnfadh sí €2,000 ar na carthanais Peter McVerry Trust agus Little Flower Penny Dinners agus cuireadh alt 1(1) den Probation of Offenders Act i bhfeidhm.
Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Sonraí pearsanta a nochtadh do ghníomhaireacht bailiúcháin fiach
Rinne duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí tar éis do sholáthraí seirbhíse fuinnimh próiseáil bhreise a dhéanamh ar a shonraí pearsanta agus iad a chomhroinnt le tríú páirtí, ar gníomhaireacht bailiúcháin fiach é. Chuir an duine aonair a chonradh leis an soláthraí seirbhíse i gcrích agus fuair sé a shonrasc deiridh as na seirbhísí a soláthraíodh. Cheistigh an duine aonair roinnt de na muirir ar an sonrasc, ach ní bhfuair sé aon fhreagra ón soláthraí seirbhíse. Ina ionad sin, rinne gníomhaireacht bailiúcháin fiach teagmháil leis.
Rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí teagmháil leis an soláthraí seirbhíse, agus d’fhiafraigh sé de cén bunús dleathach a bhí aige leis an bpróiseáil faoi Airteagal 6 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”) i gcomhthéacs sonraí pearsanta an duine aonair a chomhroinnt le tríú páirtí, ar gníomhaireacht bailiúcháin fiach é. Ar dtús, luaigh an soláthraí seirbhíse gurbh é an bunús dleathach a bhí aige le sonraí pearsanta an duine aonair a phróiseáil ná Airteagal 6(1)(b) RGCS, ina luaitear go mbeidh próiseáil dleathach i gcás gur “...gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí a chomhlíonadh...”. Mhínigh an soláthraí seirbhíse don Choimisiún gur le “táille luathscoir” a bhain easaontas an duine aonair leis an sonrasc agus gur cuireadh an táille sin leis an sonrasc toisc gur chealaigh an duine aonair an conradh leis an soláthraí seirbhíse sular comhlíonadh an fad aontaithe conartha. Dar leis an soláthraí seirbhíse, luaitear ina théarmaí agus coinníollacha go ngearrfar táille scoir ar chustaiméir i gcás go mbrisfidh sé an conradh leis an soláthraí seirbhíse. Dúirt an soláthraí seirbhíse freisin gur aontaigh an duine aonair lena théarmaí agus coinníollacha nuair a chláraigh sé leis an soláthraí seirbhíse.
Dúirt an soláthraí seirbhíse leis an gCoimisiún gur mhainnigh sé easaontas an duine aonair leis an sonrasc a thaifeadadh, rud a d’fhág ansin gur comhroinneadh sonraí pearsanta an duine aonair le tríú páirtí. Ghlac an soláthraí seirbhíse leis nár lean sé an nós imeachta inmheánach ceart agus é ag déileáil le fiacha faoi dhíospóid agus gur fhág sé sin go ndearnadh próiseáil mhícheart ar shonraí pearsanta an duine aonair. Dúirt sé, áfach, gurbh earráid dhaonna ba chúis leis sin.
Dá réir sin, mhainnigh an soláthraí seirbhíse a thaispeáint gur chomhlíon sé ceann amháin de na príomhphrionsabail atá in RGCS, is é sin: ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar chaoi go n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach, agus úsáidá baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla, de réir Airteagal 5(1)(f) RGCS (‘sláine agus rúndacht’).
Ba cheart don soláthraí seirbhíse aird a bheith aige ar Airteagal 25 RGCS (‘cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú’) maidir lena chinntiú go leanann gach ball foirne na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla dá chinntiú nach bpróiseáiltear mar réamhshocrú ach sonraí pearsanta atá riachtanach chun gach críche sonraí atá leis an bpróiseáil.
Mhol an Coimisiún don soláthraí seirbhíse gur cheart, i gcás go mbeadh easaontas beo ann i leith an chuntais, gur cheart dó a chinntiú go mbeadh a bhaill foirne ar an eolas faoin nós imeachta inmheánach le haghaidh an céanna a dhoiciméadú ionas nach dtarchuirfí an cuntas chuig gníomhaireacht bailiúcháin fiach go dtí go mbeadh an t-easaontas réitithe nó dúnta.
Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Sonraí sláinte agus airgeadais a nochtadh do thríú páirtí
Chuir duine aonair iarraidh saorála faisnéise faoi bhráid a iarfhostóra, ar Gníomhaireacht Stáit é. Tar éis dó freagra a fháil ar an iarratas sin ar shaoráil faisnéise, fuair an duine amach gur nocht an Ghníomhaireacht Stáit a shonraí airgeadais agus a sonraí pearsanta de chatagóir speisialta – eadhon, sonraí sláinte – do thríú páirtí gaolmhar. Rinne an duine aonair gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.
Cuireadh de chúram ar an gCoimisiún a scrúdú cé acu a rinne nó nach ndearna an Ghníomhaireacht Stáit próiseáil dhleathach, ar bhealach nach raibh iomarcach, ar shonraí pearsanta an duine aonair nuair a nocht ball foirne de chuid na Gníomhaireachta Stáit sonraí sláinte agus airgeadais an duine aonair do thríú páirtí bainteach.
In imthoisc an cháis seo, rinne an duine aonair cumarsáid le ball den fhoireann acmhainní daonna ina cháil oifigiúil, ar lena linn a tharraing an duine aonair aird ar shaincheisteanna a bhain lena shláinte, lena stádas airgeadais agus lena shaol pearsanta. Mar gheall ar shaincheisteanna a bhain le sláinte an duine aonair, bhí sé i dteagmháil thráthrialta leis an mball foirne acmhainní daonna ina cháil oifigiúil.
Tar éis cruinniú idir an duine aonair agus an ball foirne acmhainní daonna, sheol an ball sin achoimre ar an méid a pléadh chuig tríú páirtí bainteach, i.e., ball den tSeirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe na Státseirbhíse. Soláthraíonn an tSeirbhís Chúnaimh Clár inmheánach Cúnaimh d’Fhostaithe do bhaill foirne státseirbhíse, rud ar féidir le fostaithe leas a bhaint as trí theagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís. Is seirbhís chomhroinnte í a úsáideann na Gníomhaireachtaí Stáit uile chun tairbhe do gach fostaí, agus folláine fostaithe agus éifeachtacht eagraíochtúil á gcur chun cinn aici.
Le linn an scrúdaithe ar seo, Luaigh an Ghníomhaireacht stáit gur dhleathach a bhí próiseáil na sonraí pearsanta agus comhroinnt shonraí pearsanta an duine aonair ag an mball foirne acmhainní daonna leis an mball den tSeirbhís Chúnaimh toisc gur chomhroinn an duine aonair na sonraí pearsanta faoi shaoirse leis an mball foirne acmhainní daonna agus, dá réir sin, gur thoiligh sé leis an bpróiseáil. Luaigh sí freisin gur ghnáthrud iad na seirbhísí forluiteacha agus an comhairliúchán idir an ball foirne acmhainní daonna agus an tSeirbhís Chúnaimh i ndáil leis an bhfostaí, go n-oibríonn an ball foirne acmhainní daonna agus an ball den tSeirbhís Chúnaimh araon faoi rún daingean le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, agus gur chuir an rud a chomhroinn an duine aonair leis an mball foirne acmhainní daonna an oiread sin imní ar an mball sin gur ghá dó é a nochtadh don bhall den tSeirbhís Chúnaimh chun treoir agus tacaíocht chuí a lorg agus chun tacú leis an duine aonair. Ba é seasamh na Gníomhaireachta Stáit, mar sin, nach raibh aon toirmeasc ann ar an nochtadh.
D’ainneoin go raibh fíorimní ar an mball foirne acmhainní daonna faoi shláinte agus leas an duine aonair, chinn an Coimisiún nach raibh na himthosca ag teacht leis an bpráinn a bhaineann leis an mbeatha a chosaint agus go ndearnadh an phróiseáil toisc gur lorg an ball foirne acmhainní daonna treoir ón mball den tSeirbhís Chúnaimh chun déileáil go práinneach leis na saincheisteanna a tharraing an duine aonair anuas.
Chinn an Coimisiún freisin nach bhféadfadh an Ghníomhaireacht Stáit a bheith ag brath ar thoiliú an duine aonair a bheith faighte aici chun a shonraí pearsanta a phróiseáil ar an mbealach sin toisc gurbh amhlaidh, cé gur chomhroinn an duine aonair na sonraí pearsanta faoi shaoirse leis an mball foirne acmhainní daonna, nár thug sé aon toiliú don bhall foirne sin na sonraí pearsanta sin a nochtadh ansin don bhall den tSeirbhís Chúnaimh.
Níor thug an Ghníomhaireacht Stáit aon bhunús dleathach eile leis an bpróiseáil. Dá réir sin, chinn an Coimisiún nach raibh aon bhunús dleathach ag an nGníomhaireacht Stáit leis an bpróiseáil agus gur fhág sé sin go raibh an phróiseáil neamhdhleathach.
Agus breithniú á dhéanamh ar na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, chinn an Coimisiún gur chun críche sonraithe, follasaí agus dlisteanaí a fuair an Ghníomhaireacht Stáit na sonraí pearsanta, ba é sin chun cúnamh acmhainní daonna a thabhairt don duine aonair i leith na saincheisteanna a tharraing sé anuas leis an mball foirne acmhainní daonna. Mar an gcéanna, mar gheall ar an gcaidreamh bainteach idir an ball foirne acmhainní daonna ina cháil oifigiúil agus an ball den tSeirbhís Chúnaimh, ní dhearnadh aon phróiseáil bhreise ar shonraí pearsanta an duine aonair ar bhealach a bhí ar neamhréir leis an gcríoch ar chuici a fuarthas iad, toisc gur nochtadh na sonraí chun cúnamh a thabhairt don duine aonair i leith na saincheisteanna a tarraingíodh anuas, lenar áiríodh folláine fostaithe.
Mar sin féin, chinn an Coimisiún gur mhó an méid sonraí pearsanta a nocht an Ghníomhaireacht Stáit ná an méid ba ghá chun cúnamh a lorg agus chun cúnamh a thabhairt don duine aonair. Dá réir sin, níor chloígh an Ghníomhaireacht Stáit le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí. Ghlac an Ghníomhaireacht Stáit leis an gcinneadh sin.
Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Cari’s Closet Limited
I mí Bealtaine 2018, fuaireamar gearán i gcoinne an mhiondíoltóra faisin ar líne, Cari’s Closet, ó dhuine a chuir ordú ar líne isteach chuig an gcuideachta roimhe sin. Bhain an gearán le trí ríomhphost margaíochta dírí gan iarraidh a fuarthas. Bhí gearán déanta ag an duine céanna leis an DPC i mí Eanáir 2018 maidir le ríomhphoist gan iarraidh ón gcuideachta sin. An t-am sin, dúirt an gearánach go bhfuair siad os cionn daichead teachtaireacht margaíochta in aon mhí amháin. Bhí iarracht déanta ag an duine díchlárú gan cúpla uair, ach níor éirigh leo.
Dúirt Cari’s Closet gur theip orthu an gearánach a dhíchlárú ó ríomhphoist mar gheall ar fhíor-earráid. De bharr gur eisigh an DPC rabhadh i mí Aibreáin 2018 i ndáil leis an ngearán a rinneadh roimhe sin, chinneamar imeachtaí ionchúisimh a thionscnamh i gcoinne na cuideachta.
I gCúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 29 Iúil 2019, phléadáil Cari’s Closet ciontach i gcúis amháin maidir le ríomhphost margaíochta dírí gan iarraidh a sheoladh chuig an ngearánach. In áit ciontaithe agus fíneála, chuir an chúirt alt 1(1) den Probation of Offenders Act i bhfeidhm ar an mbonn go mbronnfadh an chuideachta €600 ar an gcarthanas Little Flower Penny Dinners.
Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Just-Eat Ireland Limited
Fuaireamar gearán ó dhuine i mí na Samhna 2018 maidir le ríomhphoist margaíochta dírí gan iarraidh ó Just-Eat Ireland Limited. Dhíchláraigh an gearánach ó ríomhphoist margaíochta dírí na cuideachta ach fuair ríomhphost margaíochta dírí gan iarraidh cúpla lá ina dhiaidh sin. I rith ár n-imscrúdaithe ar an ngearán sin, chuir an chuideachta in iúl dúinn nár éirigh le hiarracht an ghearánaigh díchlárú mar gheall ar fhadhb theicniúil lena hardán ríomhphoist. Bhí tionchar ag an bhfadhb sin ar 391 chustaiméir in Éirinn.
De bharr gur thug an DPC rabhadh do Just-Eat Ireland Limited in 2013 de bhun gearáin i ndáil le ríomhphoist margaíochta dírí gan iarraidh, chinneamar imeachtaí ionchúisimh a thionscnamh.
I gCúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 29 Iúil 2019, phléadáil Just-Eat Ireland Limited ciontach i gcúis amháin i ndáil le ríomhphost margaíochta dírí gan iarraidh a sheoladh. In áit ciontaithe agus fíneála, chuir an chúirt alt 1(1) den Probation of Offenders Act i bhfeidhm ar an mbonn go mbronnfadh an chuideachta €600 ar an gcarthanas, Peter McVerry Trust.
Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Vodafone Ireland Limited
In Aibreán 2019, fuair an DPC dhá ghearán ar leithligh ó dhuine a fuair cumarsáid margaíochta dírí ar téacs agus ar an ríomhphost ón oibritheoir líonra mhóibíligh, Vodafone. Mhaígh an duine go ndearna Vodafone neamhaird dá socruithe rogha custaiméara, a thaifid nár theastaigh uathu margaíocht den sórt sin a fháil.
I rith ár n-imscrúdaithe, dhearbhaigh Vodafone gur roghnaigh an gearánach gan teagmháil margaíochta dírí a fháil ach gur seoladh cumarsáidí chucu mar gheall ar earráid dhaonna i gcás na teachtaireachta téacs agus na bhfeachtas margaíochta ríomhphoist araon.
I gcás na teachtaireachta SMS, dhearbhaigh Vodafone gur seoladh téacs inar tairgeadh deis do na faighteoirí ticéid le haghaidh chluiche rugbaí idir Éirinn agus an Fhrainc a bhuachan chuig tuairim is 2,436 chustaiméir a roghnaigh roimhe sin gan margaíocht dhíreach a fháil ar téacs. Tharla sin mar gheall gur teipeadh scagaire roghanna margaíochta a chur i bhfeidhm ar an bhfeachtas SMS sular seoladh é. I gcás an ríomhphoist a fuair an gearánach, úsáideadh feidhmchlár ar beartaíodh é a úsáid chun margaíocht dhíreach a sheoladh chuig custaiméirí ionchasacha de dhearmad agus seoladh an teachtaireacht chuig custaiméirí reatha Vodafone. Cé nach raibh Vodafone in ann dearbhú a thabhairt maidir leis an líon custaiméirí a ndearnadh teagmháil leo ar an ríomhphost contrártha dá rogha, seoladh an ríomhphost margaíochta chuig 29,289 gcustaiméir reatha Vodafone. Dhearbhaigh an chuideachta go ndearnadh teagmháil le tuairim is 2,523 as 7,615 díobh sin de dhearmad. Ní raibh sí in ann an 21,674 chustaiméir eile ar seoladh an ríomhphost céanna chucu a nascadh lena roghanna margaíochta i stóras sonraí Vodafone chun an líon iomlán daoine a ndearnadh teagmháil leo de dhearmad a dhearbhú.
Bhí gearán ar leithligh faighte ag an DPC i mí Feabhra 2019 ó dhuine eile ar iar-chustaiméir de chuid Vodafone iad. Scoir an duine sin de bheith ina gcustaiméir de chuid Vodafone níos mó ná cúig bliana roimhe sin ach bhí teachtaireachtaí téacs bolscaireachta fós á bhfáil acu. Le linn ár n-imscrúdaithe, dhearbhaigh Vodafone gur de dhearmad a seoladh na teachtaireachtaí margaíochta dírí. Dúirt siad nár baineadh uimhir an ghearánaigh den ardán a úsáideadh chun cumarsáidí margaíochta a sheoladh, sa chás eisceachtúil sin, nuair nach raibh an uimhir gníomhach níos mó ar an líonra.
De bharr gur ionchúisigh an DPC Vodafone roimhe seo, in 2011, 2013 agus 2018, i ndáil le cionta margaíochta leictreonaí dírí, chinneamar imeachtaí ionchúisimh a thionscnamh maidir leis na gearáin sin.
I gCúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 29 Iúil 2019, phléadáil Vodafone ciontach i gcúig chúis maidir le cumarsáidí margaíochta dírí gan iarraidh a sheoladh de shárú ar I.R. Uimh. 336 de 2011 (Rialachán maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach). Ciontaíodh an chuideachta agus gearradh fíneáil €1,000 uirthi maidir le gach ceann de na trí chúis. Ciontaíodh í agus gearradh fíneáil €750 an ceann uirthi maidir leis an dá chúis eile.
Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Starrus Eco Holdings Limited, ag trádáil faoi ainm Panda agus Greenstar
I mí Aibreáin 2018, rinne custaiméir de chuid Panda, soláthraí seirbhíse bailithe araidí, gearán á rá go bhfuair sé teachtaireachtaí margaíochta neamhiarrtha trí theachtaireacht téacs agus trí ríomhphost inar fógraíodh gnó leictreachais Panda. Níor thoiligh sé leis na teachtaireachtaí sin. Luaigh sé nach raibh rogha díliostála ann sna teachtaireachtaí.
Le linn ár n-imscrúdaithe, chuir Panda in iúl dúinn nár cheart na teachtaireachtaí margaíochta a bheith faighte ag an ngearánach. D’inis sé gurbh amhlaidh, mar thoradh ar earráid dhaonna, gur chreid ball foirne sa rannóg margaíochta go mícheart gur thoiligh an gearánach le teachtaireachtaí margaíochta dírí a fháil. B’oth leis gur theip air scar-rogha a chur ar áireamh sna teachtaireachtaí agus mhínigh sé gur theip ar a sholáthraí seirbhíse ríomhphost margaíochta gníomhú de réir na dtreoracha a thug sé scar-rogha a chur ar áireamh.
I mí na Bealtaine 2018, fuaireamar gearán ó chustaiméir de chuid Greenstar, soláthraí seirbhíse bailithe araidí eile. Rinne an duine sin gearán linn roimhe sin sa bhliain 2011 faoi theachtaireachtaí téacs margaíochta neamhiarrtha a seoladh chuige gan toiliú. Thugamar an gearán roimhe sin chun críche ach rabhadh a eisiúint chuig Greenstar i mí Mheán Fómhair 2011. D’inis an gearánach dúinn gur cuireadh tús an athuair le margaíocht dhíreach ó Greenstar trí bhíthin teachtaireachtaí téacs a bhíothas ag seoladh go dian.
Mar fhreagra ar ár gceisteanna, chuir Greenstar in iúl dúinn gurbh amhlaidh, mar thoradh ar an méid ama a bhí imithe thart ón uair a rinneadh an gearán sa bhliain 2011 (rud a d’admhaigh sé nach raibh inleithscéil), nach raibh a thaifid maidir leis an ngearánach chomh cruinn agus ba cheart iad a bheith, ós rud é gur roghnaigh an gearánach cheana féin gan margaíocht a fháil ón gcuideachta. Luaigh Greenstar nach raibh sonraí an ghearánaigh ná na sonraí faoin ngearán a rinneadh sa bhliain 2011 cruinn agus cothrom le dáta, a mhéid nár cheart uimhir theileafóin phóca an ghearánaigh a úsáid chun críocha margaíochta.
I bhfianaise an rabhaidh roimhe a d’eisíomar, chinn an Coimisiún go n-ionchúiseodh sé Starrus Eco Holdings Limited, ag trádáil faoi ainm Panda agus faoi ainm Greenstar i leith cionta a rinneadh sa dá chás. I gCúirt Dúiche Limistéar Chathair Bhaile Átha Cliath an 24 Deireadh Fómhair 2018, thaifead an chuideachta pléadálacha ciontacha i gcúiseanna a bhain le sáruithe ar Rialachán 13(1) de I.R. Uimh. 336 de 2011 i leith teachtaireachtaí téacs margaíochta neamhiarrtha a bheith á seoladh chuig beirt ghearánach gan a dtoiliú a fháil. In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, d’ordaigh an chúirt don chuideachta síntiús carthanúil €2,000 a thabhairt d’Iontaobhas Peter McVerry. D’aontaigh an chuideachta cosanta go n-íocfadh sí as costais ionchúisimh an Choimisiúin. Rinneadh deimhniú á léiriú gur tugadh an síntiús carthanúil don charthanas a chur ar fáil don chúirt an 15 Samhain 2018 agus caitheadh an ní amach.