Reachtaíocht um Chosaint Sonraí

Príomhchreatlacha reachtaíocht um Chosaint Sonraí a bhfuil feidhm leo ón 25 Bealtaine 2018

Rialaíonn roinnt creatlach reachtaíochta an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC). Tá eolas maidir leis an bpríomhreachtaíocht agus treoir maidir le feidhmiú na dlithe achoimrithe thíos:

Ón 25 Bealtaine 2018 seo a leanas na príomhchreatlacha reachtaíochta:

Baineann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) ón 25 Bealtaine 2018. Baineann sé go ginearálta le próiseáil sonraí pearsanta san AE, ag leagan amach dualgais níos leitheadaí faoi rialaitheoirí agus faoi phróiseálaithe sonraí, agus ag soláthar cosaintí treisithe d'ábhair do na sonraí. Cé go bhfuil an GDPR infheidhmithe go díreach mar dhlí i ngach Ballstát, ceadaíonn sé go dtabharfaí tuilleadh éifeachta do cheisteanna áirithe sa dlí náisiúnta. In Éirinn, is é an dlí náisiúnta a thugann, i measc rudaí eile, tuilleadh éifeachta leis an GDPR, ná an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

I gcásanna áirithe, áfach, ag brath ar nádúr agus ar chúinsí phróiseáil na sonraí pearsanta, cineál na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil, nó cén uair a tharla an cheist chosanta sonraí, ní bheidh feidhm leis an GDPR agus ina áit sin is féidir go mbeidh feidhm le creatlach dhlí eile a bhaineann le rialú phróiseáil sonraí pearsanta. Mar shampla, má bhaineann gearán cosanta sonraí nó sárú féideartha ar an dlí le teagmhas a tharla sula raibh feidhm leis an GDPR ar an 25 Bealtaine 2018, ansin beidh leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 – 2003, agus ní leis an GDPR. Tar éis an 25 Bealtaine 2018, má chuirtear próiseáil sonraí pearsanta i gcrích do chuspóir forfheidhmithe dlí (i bhfocail eile, cosc, imscrúdú, aimsiú nó ionchúiseamh ciona choiriúil nó cur i bhfeidhm pionós coiriúil) ansin ní bheidh feidhm leis an GDPR agus ina áit sin beidh feidhm leis an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, a rinneadh a thrasuíomh go dlí na hÉireann trí mheán an Achta um Chosaint Sonraí 2018.

Tugtar achoimre an-ghonta de na príomhchreatlacha cosanta sonraí, a ndéanfaidh an DPC maoirseacht orthu agus a fhorfheidhmeoidh sé ón 25 Bealtaine 2018 ar aghaidh, sa tábla thíos:

GDPR

Beidh feidhm leis an GDPR, go huathoibríoch, i gcás mhórchuid phróiseáil na sonraí pearsanta, ach in Éirinn tá rialacha breise faoi cheisteanna áirithe (mar shampla, na cúiseanna sin go mbeadh cearta ábhar sonraí srianta, agus an méid a bhfuil siad srianta) leagtha amach san Acht um Chosaint Sonraí 2018.

An Treoir maidir le Forfheidhmiú Dlí (faoi mar a rinneadh í a thrasuíomh i gCodanna 5 agus 6 den Acht um Chosaint Sonraí 2018)

Déantar an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí a thrasuíomh isteach go dlí na hÉireann ag an Acht um Chosaint Sonraí 2018, i gCuid 5 agus i gCuid 6 den Acht sin. Leagann na forálacha se amach na dlíthe sin in Éirinn a bhaineann le feidhm i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag rialaitheoirí sonraí atá inniúil do chosc, imscrúdú, aimsiú nó ionchúiseamh chionta coiriúla nó cur i bhfeidhm pionós coiriúil, nuair a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil do na cuspóirí seo.

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (faoi mar a coimeádadh iad ag codanna 7(4) agus 8 den Acht um Chosaint Sonraí 2018)

Baineann na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 le feidhm (gan na hachomhairc agus na cúlghairmeacha i gcuid 7 den Acht um Chosaint Sonraí 2018) sna cásanna seo:

  • Imscrúduithe atá fós ar siúl ag an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí, agus gearáin a cuireadh faoina bhráid, a tosaíodh nó a rinneadh, faoi seach, roimh an 25 Bealtaine 2018;
  • Gearáin nua agus sáruithe féideartha de na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 a d´eascair roimh an 25 Bealtaine 2018, ach a dhéantar nó a ndéantar imscrúdú fúthu ar nó tar éis an 25 Bealtaine 2018; agus
  • Próiseáil sonraí pearsanta faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Fhóiréinseach agus Córas Bunachar Sonraí DNA) 2014 nó an tAcht um Shonraí Cláraithe Feithiclí (Cuardach agus Malartú Uathoibríoch) 2018
Na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (faoi mar a leasaíodh iad ag cuid 7 den Acht um Chosaint Sonraí 2018)

Baineann na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (faoi mar a leasaíodh iad ag na hachomhairc agus ag na cúlghairmeacha i gcuid 7 den Acht um Chosaint Sonraí 2018) le feidhm le:

  • Gearáin agus sáruithe féideartha faoin dlí um chosaint sonraí a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta do chuspóirí bheith ag cumhdach shlándáil an Stáit, cosaint an Stáit no caidrimh idirnáisiúnta an Stáit (de réir cuid 8(1)(a) den Acht um Chosaint Sonraí 2018)
Rialacháin e-Príobháideachais

Ón 25 Bealtaine 2018, tá próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs cumarsáidí leictreonacha áirithe (lena n-áirítear, i measc rudaí eile, cumarsáidí leictreonacha nár iarraidh a dhéantar ar an teileafón, trí ríomhphost agus trí SMS,) faoi réir ag na dlíthe ginearálta sin atá leagtha amach sa GDPR agus na dlíthe sonracha atá leagtha amach sna "Rialacháin e-Príobháideachais” (I.R. Uimh. 336 ó 2011, faoina ndearnadh an Treoir e-Príobháideachais 2002/58/EC (faoi mar a leasaíodh í ag an Treoir 2006/24/EC agus 2009/136/EC) a thrasuíomh go dlí na hÉireann).

Tugtar an fhaisnéis seo mar threoir amháin, agus ní comhairle dlí ná anailís dlí atá inti.Suas chun data ar an 31.01.2019.