Ár n-Obair Idirnáisiúnta

Mar chuid de na feidhmeanna Eorpacha atá aige, tugann an Coimisiún tacaíocht d’obair na gcomhlachtaí idirnáisiúnta seo a leanas:

An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí: Comhlacht neamhspleách Eorpach is ea an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB), a rannchuidíonn le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na rialacha cosanta sonraí ar fud an Aontais Eorpaigh agus a chuireann comhar chun cinn idir údaráis chosanta sonraí an Aontais. Ghlac sé áit Mheitheal Oibre Airteagal 29.

An Córas Faisnéise Custaim (CIS): Déanann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (EDPS), Grúpa Comhordaithe Maoirseachta an CIS agus an Comhúdarás Maoirseachta Custaim maoirseacht ar na sonraí a phróiseáiltear laistigh den CIS chun comhlíonadh le reachtaíocht um chosaint sonraí a chinntiú.

An Coiste Maoirseachta Comhordaithe (CSC): Is é an Coiste Maoirseachta Comhordaithe (CSC) ná grúpa ina bhfuil údaráis maoirseachta náisiúnta um chosaint sonraí agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (EDPS). Bunaíodh an CSC laistigh de chreatlach an Bhoird Eorpach um Chosaint Sonraí (“an Bord”) chun maoirseacht comhordaithe a chinntiú ar chórais IT mórscála áirithe agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE.

Grúpa Comhordaithe Maoirseachta EURODAC: Cinntíonn an Grúpa seo a go ndéanfaí an roinnt sonraí pearsanta a bhaineann le lucht iarrtha tearmainn idir thíortha an AE ar bhealach a urramaíonn cearta cosanta sonraí.

Meabhrán Tuisceana idir an DPC agus an ICO na Ríochta Aontaithe (as béarla): Déanann an Meabhrán Tuisceana seo athdhearbhú ar rún an DPC agus Oifig an Choimisinéara Faisnéise san RA go neartóidh siad an caidreamh atá acu faoi láthair agus go gcuirfidh siad malartuithe ar aghaidh chun cuidiú lena chéile i rialú dlíthe a chosnaíonn sonraí pearsanta.