Polasaí Fianáin

Ár Suíomh Gréasáin a Úsáid agus an Beartas maidir le Fianáin

Is leis an suíomh www.dataprotection.ie agus aon fofhearann de chuid an suíomh seo a bhaineann an beartas seo maidir le fianáin.

Cad is fianán ann?

Is é is fianán ann ná téacschomhad beag a d’fhéadfaí a stóráil ar do ríomhaire nó ar do ghléas móibíleach agus ina bhfuil sonraí a bhaineann le suíomh Gréasáin a dtugann tú cuairt air. D’fhéadfadh go gcumasófaí leis an bhfianán do shuíomh Gréasáin “cuimhneamh” ar do ghníomhartha nó ar do shainroghanna thar thréimhse ama nó d’fhéadfadh go mbeadh sonraí ann a bhaineann le feidhm an tsuímh nó leis an dóigh a soláthraítear é. Is é úinéir an tsuímh Ghréasáin a shocraíonn na fianáin. I gcásanna áirithe, is iad seirbhísí tríú páirtí a shocraíonn iad, i gcás gur thug úinéir an tsuímh Ghréasáin cead dóibh faisnéis eile a chur i láthair, ábhar a thabhairt nó feidhmiúlacht eile amhail anailísíocht a chur ar fáil.

Cén dóigh a n-úsáidtear fianáin ar an suíomh seo?

Ní úsáidtear fianáin ar an suíomh www.dataprotection.ie nó ar aon fofhearann dá chuid ach amháin le haghaidh feidhmiúlacht a bhfuil fíorghá léi do na seirbhísí a n-iarrann an t-úsáideoir go sonrach iad le linn a s(h)eisiúin, de réir Rialachán 5(5) de I.R. Uimh. 336 de 2011 (na Rialacháin maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach).  Úsáidtear fianáin seisiúin ar an suíomh Gréasáin seo. Úsáidtear fianáin seisiúin chun na feidhmeanna bunúsacha de shuíomh Gréasáin a sholáthar, i.e. ionas gur féidir le leathanaigh cuimhneamh ar aon athruithe nó roghanna teicniúla a dhéanann tú idir leathanaigh. Is fianáin neamhbhuana iad fianáin seisiúin agus is gnách go léirscriostar iad nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí.

Ní úsáidtear aon fhianáin tríú páirtí ná aon fhianáin dhianseasmhacha ar dataprotection.ie nó ar aon fofhearann dá chuid.

Trí chliceáil ar chnaipí nó naisc le suíomhanna nó seirbhísí tríú páirtí, déanfar tú a atreorú chuig suíomh seachtrach, a bhfuil a pholasaithe féin aige maidir le fianáin agus príobháideachas, agus níl aon smacht againn ar na polasaithe seo.

Fianáin a Bhainistiú

Laistigh de do bhrabhsálaí, is féidir leat a roghnú cé acu ba mhaith leat glacadh le fianáin nó diúltú dóibh. Toisc go gcuirtear rialuithe difriúla ar fáil ar bhrabhsálaithe difriúla, tá naisc tugtha thíos chuig na treoracha ó na príomh-mhonaróirí maidir le conas is féidir leat do shocruithe brabhsála a athrú. Tríd is tríd, tabharfar na roghanna seo a leanas duit: glacadh le gach fianán, diúltú dóibh nó iad a scriosadh i gcónaí; glacadh le fianáin ó sholáthraithe a mbaineann úinéirí suímh Ghréasáin úsáid astu (“fianáin tríú páirtí”), diúltú dóibh nó iad a scriosadh; nó glacadh le fianáin ó shuíomhanna Gréasáin sonracha, diúltú dóibh nó iad a scriosadh. 

Tá an Beartas seo maidir le Fianáin mar chuid dár Ráiteas Príobháideachta