Ceardlanna Tionscadail ARC

Ceardlanna Tionscadail ARC

Mar chuid den tacaíocht leanúnach a thugann sé don earnáil FBM, thug an DPC faoi rannpháirtíocht spriocdhírithe le FBManna earnála chun comhlíonadh a spreagadh agus chuir sé comhairle shaincheaptha ar fáil maidir le réimsí deacrachta.

Ó thús an tionscadail ARC, chuaigh an DPC i ngleic le go leor comhlachtaí agus grúpaí ionadaíocha, chun a chinntiú go ndírítear foghlaimí an tionscadail ARC ar na páirtithe leasmhara cuí. I measc na gcomhlachtaí ionadaíocha seo tá:

  • Comhlachas Ghnóthas Beag agus Meánmhéide na hÉireann (ISME)
  • Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fostóirí na hÉireann (IBEC)
  • Comhlachas na nGnólachtaí Beaga (SFA Ireland)
  • Compliance Institute (ACOI roimhe seo)
  • Pembroke Privacy
  • Castlebridge
  • McCann Fitzgerald
  • Arthur Cox Law
  • Future of Privacy Forum
  • Cónaidhm Ostáin na hÉireann
  • Oifigí Fiontair Áitiúla
  • Comhlachais Tráchtála Áitiúla

Toisc go raibh srianta i bhfeidhm de bharr na paindéime Covid 19, óstáladh an rannpháirtíocht ceardlainne a rinne an DPC le FBManna agus a gcomhlachtaí ionadaíocha ar líne.

I measc na dtopaicí ceardlainne bhí:

  • Iarrataí rochtana;
  • Taifid de Ghníomhaíochtaí Próiseála;
  • Cosaint Sonraí agus Covid 19;
  • Sáruithe agus maolú sáraithe;
  • Riosca agus dochar; agus
  • Seisiúin ceisteanna oscailte.

Chun eolas a fháil maidir le ceardlanna atá ag teacht agus conas d’fhreastail a chlárú, seol ríomhphost chuig DPONetwork@dataprotection.ie. Tá na ceardlanna go léir saor in aisce, ach is gá clárú.

 

ARC Project Workshops
Ceardlanna Tionscadail ARC

 

Tá an Tionscadal ARC cómhaoinithe ag Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht an Aontais Eorpaigh (2014-2020).

The ARC Project has been co-funded by the Rights, Equality and Citizen Programme of the European Union (2014-2020).