Comhdháil ARC d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna)

Comhdháil ARC d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) – Páirc an Chrócaigh 11ú Bealtaine

 

 Croke Park Cusack Suite ahead of the conference opening on May 11th 2022
Svuít Uí Chíosóg i bPáirc an Chrócaigh roimh oscailt na comhdhála ar an 11ú Bealtaine 2022

 

Ar an 11ú Bealtaine 2022, d’óstáil an DPC comhdháil mórscala do FBManna i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath, i gcomhréir lena ghealltanais don tionscadal ARC atá á mhaoiniú ag an AE. Bunaíodh struchtúr an lae ar thorthaí shuirbhé an Tionscadail ARC (táirge insoláthartha níos luaithe den Tionscadal ARC), a d’aithin Boinn Dlí, Cuntasacht, agus maolú Sáraithe Sonraí mar réimsí le deacrachtaí áirithe do FBManna Éireannacha.

Spriocanna na Comhdhála

B’é sprioc na comhdhála ná go dtabharfaí rochtain do FBManna ar chomhairle dlí agus rialála den sórt nach mbeadh siad in ann a fháil leo féin de bharr cúrsaí airgeadais. Dá réir sin bhí painéalaithe ón DPC in éineacht ar an lá le fíorthogha na speisialtóirí dlí atá ag obair in Éirinn faoi láthair. Chomh maith leis sin, bhí baill den Institiúid um Chomhlíonadh (Compliance Institute – comhlacht ionadaíoch do FBManna in Éirinn) agus DPO Twitter agus Príomhoifigeach Príobháideachais Google i láthair, agus leis seo cruthaíodh painéil a bhí cothrom, eolach agus dírithe an t-am ar fad ar na dúshláin atá roimh FBManna.

 

 Croke Park Cusack Suite ahead of the conference opening
Stáitse Svuíte Uí Chíosóg i bPáirc an Chrócaigh roimh oscailt na Comhdhála

 

Bhí sprioc thánaisteach leis an gcomhdháil chun timpeallacht a chruthú ina bhféadfadh FBManna líonrú a dhéanamh idir piaraí, rud nach raibh siad in ann a dhéanamh le dhá bhliain anuas de bharr na srianta dochta a bhain le Covid in Éirinn. Theastaigh ón DPC obair chun laghdú a dhéanamh ar an scoiteacht a chur go leor FBManna agus OCSanna in iúl dúinn, agus iad ag plé le dúshláin comhlíonta. Bhí sé tábhachtach don DPC agus dá pháirtithe leasmhara go reáchtálfar an Chomhdháil go fisiciúil agus ní ó chian, chun éascú a dhéanamh ar chaidrimh agus líonrú a dhéanamh ar bhealach níos boige a chabhraíonn le cultúr comhlíonta a chruthú idir eintitis rialaithe.

Ag cur le luach – ag pleanáil ábhair

B’iad prionsabail cheannasacha na comhdhála ná praiticiúlacht agus infheidhmeacht: mar eagraithe, thuigeamar go maith go bhféadfadh go mbeadh ar an lucht freastail lá trádála a thabhairt suas le bheith i láthair ag an gcomhdháil agus mar sin bhí se ríthábhachtach go bhfágfadh siad ag deireadh an lae le heolas inúsáidte agus luach curtha lena gcleachtais oibre. Rinneadh go leor oibre ullmhúcháin le painéalaithe roimh na heachtra le cinntiú go mbainfear úsáid as cur chuige agus samplaí a mbeadh oiriúnach do lucht spéise FBM nach mbeadh ró-eolach faoi chleachtais comhlíonta. Bhí béim láidir ar chur i láthair ceardlann a thógfadh an lucht freastail trí na bearta le déanamh chun cloígh leis an tairseach cuntasachta dá ngnólachtaí faoi seach. Áiríodh seisiúin ceisteanna agus freagraí i ngach painéal chomh maith, a lig don lucht féachana soiléiriú a iarraidh maidir le pointí áirithe comhlíonta. Bhí painéalaithe an-fhial freisin faoina gcuid ama le linn na sosanna caife agus lóin, ag cur fáilte roimh na ceisteanna leantacha a spreagadh de bharr na seisiúin.

 

Croke Park Celtic Suite where delegates dined
Svuít Cheilteach i bPáirc an Chrócaigh, áit ina tugadh lón do na toscairí

 

 

Ag freastal ar FBManna – ábhar na comhdhála

Mar ullmhúchán don comhdháil, chuaigh an DPC i gcomhairle leis na comhlachtaí éagsúla FBM in Éirinn le cinntiú gur shroicheamar ár sprioclucht spéise: fiontair bheaga agus mheánmhéide. Eisíodh cuireadh don chomhdháil ar dtús trí na comhlachtaí seo lena mbaill, agus tugadh coicís do bhaill na gcomhlachtaí ionadaíocha seo chun réamhchlárú a dhéanamh don eachtra. Níor gearradh aon táille iontrála chun freastal ar an eachtra, ach bhí clárú ag teastáil chun áit a fháil. Ag deireadh na tréimhse coicíse réamhchláraithe, osclaíodh clárúchán don phobal chun na suíocháin a bhí fágtha a fháil. Tugadh aire le linn na tréimhse clárúcháin poiblí chun a chinntiú gur tháinig an lucht freastail laistigh de pharaiméadair an tionscadail ARC agus diúltaíodh do cheisteanna a fuarthas ó ardáin ilnáisiúnta idirlín agus institiúidí airgeadais ar an mbonn nár chloígh said le critéir na Comhdhála. Ar deireadh, fuarthas 300 clárúchán ó thoscairí, agus bhí 340 i láthair ar an lá (líon beag daoine nach ndearna réamhchlárú san áireamh).

 

 Delegates beginning to fill up the room on the morning of the Conference.
Toscairí ag líonadh an tseomra ar mhaidin na Comhdhála

 

Bhí daoine an-sásta leis na seisiúin painéil ar an lá. Fuarthas go leor moltaí ón lucht féachana maidir le hardchaighdeán na rannpháirtithe painéil, agus léiríodh an-fhonn chun eachtraí eile dá leithéid a fheiceáil sa todhchaí. Osclaíodh imeachtaí an lae go hoifigiúil le hóráidí ghearra ón Choimisinéir um Chosaint Sonraí, Helen Dixon, agus Leas-Stiúrthóir AZOP, Igor Vulje. Ina dhiaidh sin bhí cur i láthair ar phríomhthorthaí an tSuirbhé ARC agus achoimre ar aidhmeanna na comhdhála.

Briseadh an chuid eile den lá ina chodanna le téamaí éagsúla. Dhírigh na seisiúin roimh lóin ar chuntasacht agus boinn dlí agus tar éis lóin díríodh ar sháruithe, aimsiú riosca agus maolú. 

 

 

L-R Mr. Siniša Kovačić, AZOP; Mr. Igor Vulje, AZOP; Ms MB Donnelly, DPC Ms Helen Dixon, DPC and Mr Ashwinee Kumar, VUB pictured at the Conference.
Ó chlé go deas: An tUasal Siniša Kovačić, AZOP; An tUasal Igor Vulje, AZOP; MB Donnelly Uasal, DPC; Helen Dixon Uasal, DPC agus An tUasal Ashwinee Kumar, VUB i bpictiúir a glacadh ag an gComhdháil.

 


Agenda