Feasacht FBM ARC

An Tionscadal ARC

Ag deireadh 2019, i bhforbairt a ghníomhaíochtaí i dtacaíocht le FBManna, thoiligh an DPC obair le hÚdarás Maoirseachta um Chosaint Sonraí na Cróite, AZOP, agus Ollscoil Vrije sa Bhruiseíl ar thionscadal maoinithe ag an AE (An Tionscadal ARC), a dhírigh go sainiúil ar FBManna. An sprioc atá ag an tionscadal ná comhlíonadh a fheabhsú ar fud na hearnála FBM.

Rinneadh rannpháirtíocht ar dtús le FBManna i Ráithe 1 de 2020 agus leanfaidh sí ar aghaidh le dhá bhliain eile. Tríd na rannpháirtíochta seo – a chuimsíonn suirbhéanna, taispeántais taistil agus comhdhálacha – tá sé i gceist ag an tionscadal tuiscint níos mionsonraithe a fhorbairt ar an timpeallacht ina bhfuil FBManna ag oibriú agus conas a bhféadfadh athrú a theacht air mar fhreagra ar chúinsí tíreolaíocha nó ar chúinsí eile. An t-aschur a thiocfaidh as an tionscadal seo sa deireadh ná sraith acmhainní comhlíonta a ndéantar eolas dóibh trí léargas láidir páirtithe leasmhara agus a bheidh inscálaithe de réir riachtanais an úsáideora.