Treoir ar cháilíochtaí d’OCSanna

Tugann Airteagail 37-39 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí faisnéis faoi na riachtanais maidir le hOifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a cheapadh, chomh maith leis an bpost agus na tascanna atá aige/aici faoin GDPR. Cé nach sainmhíníonn an GDPR na cáilíochtaí gairmiúla atá ag teastáil ná ní fhorordaíonn sé an oiliúint ba cheart go ndéanfaí OCS, d’eisigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) agus Meitheal Oibre Airteagail 29 treoir ar an gceist. (Thacaigh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) le comhairle na Meithle Oibre Airteagail 29 maidir le GDPR.) Ligeann sé seo d'eagraíochtaí cinneadh a dhéanamh maidir le cáilíochtaí agus le hoiliúint OCS atá curtha in oiriúint do chomhthéacs próiseála sonraí na heagraíochta.

I measc na scileanna agus an tsaineolais ábhartha do ról an OCS tá:

  • Saineolas ar dhlíthe agus ar chleachtais náisiúnta agus Eorpach um chosaint sonraí, lena n-áirítear tuiscint dhomhain ar an GDPR;
  • Tuiscint ar na hoibríochtaí próiseála a dhéantar;
  • Tuiscint ar theicneolaíochtaí faisnéise agus ar shlándáil sonraí;
  • Eolas ar an earnáil ghnó agus ar an eagraíocht; agus
  • An cumas cultúr cosanta sonraí a chur chun cinn laistigh den eagraíocht.

Féach ar ár nóta faoi chailíochtaí d’Oifigeach Cosanta Sonraí chun treoir níos mionsonraithe a fháil ar an ábhar seo.

Treoir ar cháilíochtaí iomchuí d’Oifigeach Cosanta Sonraí (GDPR)