An bhfuil OCS de dhíth orm?

Faoin GDPR, tá iachall ar eagraíochtaí áirithe Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a cheapadh. Tá iachall ar eagraíochtaí freisin sonraí a nOifigigh Cosanta Sonraí a fhoilsiú agus na sonraí seo a chur ar fáil dá n-údarás náisiúnta maoirseachta.

Tá iachall ar eagraíocht oifigeach ainmnithe cosanta sonraí a cheapadh sna cásanna seo:

  • nuair a chuirtear an phróiseáil i gcrích ag údarás nó ag comhlachas poiblí;
  • nuair is oibríochtaí próiseála atá i gceist le croí-ghníomhaíochtaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, oibríochtaí a éilíonn monatóireacht rialta agus chórasach daoine is ábhar do na sonraí ar mór-scála; nó
  • sé atá i gceist le croí-ghníomhaíochtaí an rialaitheora nó an phróiseálaí ná próiseáil ar mór-scála shainchatagóirí sonraí nó sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe agus le cionta coiriúla.

Tá tuilleadh treorach faoi ról an OCS ar fáil anseo

Chun do OCS a chur in iúl don DPC, líon agus cuir isteach an fhoirm seo, le do thoil.