Cás-Staidéir don DPC

Ar an leathanach seo tá naisc le cás-staidéir a léiríonn obair na n-aonad láimhseála gearáin sa DPC agus na cur chuige a glacadh maidir le réimse ceisteanna a bhaineann le cosaint sonraí.

Sna naisc tá cás-staidéir a bhí mar chuid dár dtuarascálacha bliantúla, chomh maith le cás-staidéir nua nár roinneadh roimhe seo. Tugann na cás-staidéir seo léargas ar roinnt de na ceisteanna a scrúdaíonn an DPC ó lá go lá.

Cuimhnigh, le do thoil, gur achoimrí gearra iad na cás-staidéir seo, agus ullmhaíodh iad chun aird a tharraingt ar ábhair áirithe. De bharr riachtanas, fágadh roinnt sonraí ar lár. Déantar gach cás atá scrúdaithe ag an DPC a láimhseáil i bhfianaise a chuid fíricí agus cúinsí féin.

Cás-Staidéar (Tuarascáil Bhliaintiúil)

Cás-Staidéar


Tá leabhrán curtha ar fáil ag an gCoimisiún ina bhfuil 126 cás-staidéar ón gcéad chúig bliana den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).

Tá na cás-staidéir miondealaithe de réir catagóire agus innéacsaithe. Fágann sé sin go mbeidh sé an-éasca samplaí ábhartha a aimsiú sa leabhrán agus go mbeidh sé ina uirlis luachmhar tagartha le linn a iniúchadh conas a dhéileálann an Coimisiún le gearáin.

Íoslódáil an leabhrán iomlán de Chás-Staidéir an Choimisiúin 2018 go 2023 anseo (PDF, 2.6mb).

The cover of the Irish language Case Studies booklet from 2018 to 2023