Foilseacháin

Sa rannán seo, gheobhaidh tú tuarascálacha foilsithe ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC)..

San fho-rannán ‘Tuarascálacha Bliantúla’ tá na tuarascálacha bliantúla go léir a fhoilsigh an DPC gach bliain ó cuireadh an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018. Is féidir teacht ar thuarascálacha a foilsíodh sular cuireadh an GDPR i bhfeidhm sa rannán Tuarascálacha Bliantúla Roimh GDPR ar ár suíomh gréasáin.

Faoin rannán ‘Tuarascálacha Eile’, gheobhaidh tú eolas maidir le staitisticí gearán trasteorann Ionaid Ilfhreastail (OSS), an tuarascáil iniúchóra neamhspleách KOSI ar leithdháileadh acmhainní ag an DPC, tuarascálacha maidir le gníomhaíocht rialála faoin GDPR, treochtaí sáruithe sonraí, agus ábhair eile.