Dlí

Sa mhír seo tiocfaidh tú ar fhaisnéis faoi reachtaíocht ábhartha agus faoi chásdlí araon maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas.

Leagann an fo-alt ‘Reachtaíocht’ amach go hachomair na príomhchreatlacha reachtaíochta a bhaineann leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí mar údarás maoirseachta. Is é an aidhm atá leis ná cuidiú chun míniú cén réimsí a thagann faoi cén reachtaíocht, cathain a bhaineann an reachtaíocht, agus conas a dhéanann na creatlacha reachtaíochta idirghníomhú le chéile.

Chomh maith leis sin, faoin fo-alt ‘Breithiúnais’, is féidir rochtain a fháil ar bhreithiúnais ó imeachtaí dlí ina raibh an Coimisiún páirteach nó ina dtugtar aghaidh ar cheisteanna suntasacha maidir le cosaint sonraí agus dlí príobháideachais. Tá breithiúnais catagóirithe de réir na bliana agus de réir na Cúirte ina éisteadh an cás.