Ráiteas Inrochtaineachta

21st Mí Feabhra 2024

Arna fhoilsiú an 26 Feabhra 2024

  1. Ráiteas faoi thiomantas
  2. Stádas comhlíonta
  3. Ábhar neamh-inrochtana
  4. Bearta chun tacú le hinrochtaineacht
  5. An Ráiteas Inrochtaineachta seo a ullmhú
  6. Conas a chuirfimid feabhas ar inrochtaineacht ar dataprotection.ie
  7. Aiseolas agus faisnéis teagmhála
  8. Gearán a ghéarú

 

Ráiteas faoi thiomantas

Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) tiomanta do dataprotection.ie a dhéanamh inrochtana de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí), 2020.

Tá feidhm ag an ráiteas inrochtaineachta seo maidir le hábhar a fhoilsítear ar dataprotection.ie.

Stádas comhlíonta

Comhlíontar leibhéal AA de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1 go páirteach ar dataprotection.ie, mar gheall ar an neamhchomhlíonadh agus na díolúintí atá liostaithe thíos.

 

Ábhar neamh-inrochtana

Tá an t-ábhar atá liostaithe thíos neamh-inrochtana ar na cúiseanna seo a leanas:

1. Neamhchomhlíonadh Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí), 2020.

Eilimintí dearaidh: Ní leor an chodarsnacht idir dathanna i rannáin áirithe.  Tá aghaidh á tabhairt ar an bhfadhb sin faoi láthair agus réiteofar sa chéad leath den bhliain 2024 í.

Íomhánna: Níl tuairiscí grianghraif (nó meiteathuairiscí) ag gabháil leis na híomhánna uile ar dataprotection.ie. Mura bhfuil na tuairiscí cuí ag gabháil leis na híomhánna, ní bhfaighidh duine a úsáideann teicneolaíochtaí cúnta amach cén fhaisnéis atá san íomhá (Treoirlíne 1.1.1 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán).

Doiciméid PDF: Foilsítear a lán doiciméad mar dhoiciméid PDF, ar doiciméid iad nach bhfuil chomh hinrochtana céanna le leathanaigh HTML do dhaoine a úsáideann teicneolaíochtaí cúnta. Áirítear iad seo a leanas le roinnt de na fadhbanna a bhaineann le doiciméid PDF:
 

  • Níl siad leabharmharcáilte (Treoirlíne 2.4.5 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán)
  • Níl na táblaí i ndoiciméid PDF sainithe (Treoirlíne 1.3.1 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán)

Físeáin agus closdoiciméid: Níl aon tras-scríbhinn ann sna físeáin agus sna closdoiciméid atá foilsithe ar an suíomh faoi láthair

Ailt: Ní urramaítear an t-ordlathas ceanntásc i roinnt alt

Tá an t-ábhar seo ina liosta neamh-uileghabhálach d’ábhar neamh-inrochtana.

2. Ualach díréireach

Creidimid gur dhíréireach a bheadh sé na fadhbanna inrochtaineachta atá ag baint le roinnt ábhair i ndoiciméid PDF agus i bhfíseáin/closdoiciméid a dheisiú toisc go bhfuil an t-ábhar ábhartha á nuashonrú faoi láthair.

3. Ní thagann an t-ábhar faoi raon feidhme na reachtaíochta is infheidhme.

Tá doiciméid PDF a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe ó na treoirlínte, ach amháin i gcás go mbaineann siad le seirbhís nach mór do dhuine den phobal úsáid a bhaint aisti.

Tá físeáin nó closdoiciméid a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2020 díolmhaithe ó na treoirlínte.

Bearta chun tacú le hinrochtaineacht

Rinne an Coimisiún na bearta seo a leanas chun feabhas a chur ar inrochtaineacht ar dataprotection.ie:

  • Beartais inmheánacha, amhail an treoir maidir le brandáil agus an treoir stíle ón gCoimisiún, a nuashonrú chun go n-áireofaí inrochtaineacht leo.
  • Rannán Ceisteanna Coitianta a chruthú, rud ina bhfuil freagraí ar roinnt de na ceisteanna is coitianta a fhaigheann an Coimisiún.
  • Feabhas a chur ar bharra cuardaigh an tsuímh Gréasáin, chun go mbeadh sé níos éasca do chuairteoirí faisnéis a aimsiú.

An ráiteas inrochtaineachta seo a ullmhú

Ullmhaíodh an ráiteas seo an 19 Feabhra 2024.

Ullmhaíodh an ráiteas trí úsáid a bhaint as leibhéal AA de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán chun a thástáil cé chomh hinrochtana agus atá dataprotection.ie. Bhaineamar leas as cur chuige Mhodheolaíocht Meastóireachta na dTreoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán chun an suíomh a mheasúnú. Leanfaimid le hiniúchtaí inrochtaineachta a dhéanamh agus an ráiteas inrochtaineachta seo a nuashonrú go tráthrialta.

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an ráiteas an 19 Feabhra 2024.

 

Conas a chuirfimid feabhas ar inrochtaineacht ar dataprotection.ie

  • Déanfaimid rud éigeantach de thuairiscí grianghraif ar dataprotection.ie.
  • Cuirfimid leathanaigh HTML atá lán-inrochtana in ionad dhoiciméid PDF (nuair is féidir).
  • Athbhreithneoimid an t-ábhar ar na rannáin is mó cuairt agus athscríobhfaimid i mBéarla simplí é.
  • Athbhreithneoimid na hailt a foilsíodh le déanaí chun a chinntiú go gcloífear leis an ordlathas ceanntásc iontu.
  • Athbhreithneoimid roinnt de na heilimintí dearaidh chun iad a dhéanamh lánchomhlíontach.

 

Aiseolas agus faisnéis teagmhála

Is é an ról atá ag ár nOifigeach Inrochtaineachta tacú le custaiméirí a dteastaíonn cúnamh uathu agus iad ag déileáil leis na seirbhísí a soláthraíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí iad.

Má theastaíonn cúnamh uait chun ár seirbhísí a rochtain, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Inrochtaineachta (de réir alt 26(2) den Acht um Míchumas 2005).

Mionsonraí teagmhála an Oifigigh Inrochtaineachta:

Oifigeach Inrochtaineachta
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
21 Cearnóg Mhic Liam
Baile Átha Cliath 2
D02 RD28
Éire

Ríomhphost: DPCAccessibilityOfficer@dataprotection.ie

 

Gearán a ghéarú

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi rochtain ar ár seirbhísí agus faoin dóigh a gcomhlíonann an Coimisiún téarmaí an Achta um Míchumas 2005, ba cheart duit an gearán a sheoladh chuig:

Ceann um Straitéis, Rialachas, Airgeadas agus Riosca

An Coimisiún um Chosaint Sonraí
21 Cearnóg Mhic Liam
Baile Átha Cliath 2
D02 RD28
Éire

Más rud é nach mbeidh tú sásta leis an bhfreagra ón gCoimisiún, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.