Cé Muid Féin

Is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) an t-údarás náisiúnta neamhspleách in Éirinn atá freagrach as seasamh leis an gceart bunúsach atá ag daoine aonair san Aontas Eorpach go dtabharfaí cosaint dá sonraí pearsanta. Dá réir sin, is é an Coimisiún an t-údarás maoirseachta in Éirinn atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Tá feidhmeanna agus cumhachtaí againn freisin i dtaca le creataí rialála eile, lena n-áirítear Rialacháin na hÉireann maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach (2011) agus an Treoir ón Aontas Eorpach maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí.

Ár Misean

Cearta cosanta sonraí a chaomhú ach comhlíonadh a bhrú chun cinn trí threoir, maoirseacht agus forfheidhmiú.

 

Cairt Eagraíochta

Coimisinéir um Chosaint Sonraí

Ceann um Ghnóthaí Túslíne, Sáruithe, Gearáin agus Faisnéis

Ceann um Ghearáin Náisiúnta, lena n-áirítear Iarrataí Rochtana, LED, Sáruithe & Próiseáil

Ceann um Ghearáin Trasteorann: Measúnú, Láimhseáil & Fiosrúcháin ; Imscrúduithe faoi na Rialacháin e-Príobháidea-chais; Forfheidhmiú; Ionchúisimh

Ceann um Fhiosrúcháin Mhórscála agus Imscrúduithe Mórscála

Ceann um Maoirseacht, Treoir & Gnóthaí Idirnáisiúnta

Ceannasaí Teicneolaíocht & Feidhmíocht Oibríochtúil

Ceannasaí Gnóthaí Dlí

Ceann um Straitéis, Rialachas, Airgeadas & Riosca

Ceann um Ghnóthaí Corparái-deacha, Daoine & Foghlaim, Meáin agus Cumarsáid

Our team

Helen Dixon

Helen Dixon

Ceapadh Helen Dixon mar Choimisinéir Cosanta Sonraí d’Éirinn i Meán Fómhair 2014. Tá sí freagrach as cearta daoine aonair a dhearbhú maidir leis an tslí a úsáidtear sonraí fúthu. Ceann de riachtanais an róil, i measc rudaí eile, ná rialúchán líon mór de chuideachtaí idirlín na Stáit Aontaithe le bunáiteanna Eorpacha in Éirinn. Iar-Chláraitheoir na gCuideachtaí ab ea Helen, ról ina raibh sí i gceannas ar fhorfheidhmiú rialáil ar fhorálacha comhdaithe Achtanna na gCuideachtaí a chomhlíonadh. Bhí rólanna sinsearacha ag Helen chomh maith sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíoctha, ag obair ar bheartas imirce eacnamaíoch, eolaíocht, teicneolaíocht agus beartas nuálaíochta. Chaith sí an chéad deich mbliana dá gairm bheatha ag obair sa tionscal TF. Tá cáilíochtaí iarchéime aici i nGnóthaí Eacnamaíochta agus Poiblí na hEorpa, Rialachas, Eolaíocht Ríomhaireachta, Staitisticí Oifigiúla um Mheasúnú Beartais, agus Scileanna Breithiúnacha agus Cinnteoireacht. Bhí áthas an domhain uirthi nuair a bronnadh ánracht oinigh uirthu de chuid Institiúid Rúnaithe agus Riarthóirí Cairte (ICSA) i 2014.


Ian Chambers

Ian Chambers

Ceapadh Ian Chambers mar Leas-Choimisinéir, Ceann um Ghnóthaí Túslíne, Sáruithe, Gearáin agus Faisnéis, i mí na Samhna 2022. D’fhóin sé mar Choimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí le trí bliana roimhe sin, ag gníomhú dó mar cheann ar an Aonad Faisnéise agus Measúnaithe. D’oibrigh sé i roinnt réimsí éagsúla ó chuaigh sé isteach sa státseirbhís sa bhliain 2013, lenar áiríodh ról i riarachán na cánach maoine áitiúla leis na Coimisinéirí Ioncaim agus ról in Aonad Imscrúduithe Inmheánacha na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Ina ról reatha, tá freagracht air as na hAonaid seo a leanas laistigh den Choimisiún:

  • An tAonad Faisnéise agus Measúnaithe
  • An tAonad Luathfhreagartha
  • An tAonad um Fhógraí faoi Sháruithe
  • An tAonad Idirghabhála Dírí

Sandra Skehan

Sandra Skehan

Ceapadh Sandra Skehan mar Leas-Choimisinéir, Ceann um Ghearáin Náisiúnta i mí na Samhna 2022. Tá Sandra freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an scrúdú ar ghearáin a bhaineann le hiarratais rochtana, gearáin faoi shárú, ábhair a bhaineann le saincheisteanna próiseála, RTBF agus Gearáin LED, i measc nithe eile. Tá Sandra ina fostaí de chuid an Choimisiúin ó 2015 i leith agus í ag fónamh i roinnt post roimhe seo lena n-áirítear mar Choimisinéir Cúnta. Tá MSc i nGnó agus i mBainistíocht, Céim Gnó agus Dlí ag Sandra agus tá Dioplóma Iarchéime san Oideachas aici i measc dámhachtainí eile.

Ina ról reatha, tá sí freagrach as na nithe seo a leanas ag an CCS:

  • An tAonad Náisiúnta Gearán ar Iarratas Rochtana Ábhar
  • An tAonad Láimhseála Gearán Náisiúnta
  • An tAonad Láimhseála Gearán maidir le Sárú
  • An tAonad Measúnaithe Cinnidh
  • An tAonad Láimhseála Gearán um Fhorfheidhmiú an Dlí

Tony Delaney

Tony Delaney

Ceapadh Tony Delaney mar Leas-Choimisinéir, Ceann Ghearáin Trasteorann: Measúnú, Láimhseáil & Fiosrúcháin; Imscrúduithe faoi na Rialacháin e-Príobháideachais; Forfheidhmiú; Ionchúisimh, i mí Iúil 2019. Roimhe sin, d’fhóin sé mar Choimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí ar feadh breis agus trí bliana déag. Stiúir sé cuid mhór de na himscrúduithe ardphróifíle a rinne an Oifig le linn na tréimhse sin, lenar áiríodh imscrúduithe ar an earnáil margaíochta téacs, ar an earnáil ospidéal agus ar an earnáil bleachtairí príobháideacha. Bhunaigh sé Aonad Imscrúduithe Speisialta na hOifige sa bhliain 2015, rud a raibh sé i gceannas air ansin. Stiúir sé feidhm ionchúiseamh na hOifige ina ról mar Choimisinéir Cúnta freisin, agus é ag fianú go tráthrialta i gCúirteanna Dúiche ar fud an Stáit agus ag gnóthú roinnt torthaí rathúla ardphróifíle de bharr ionchúisimh ar raon eintiteas in earnálacha amhail an earnáil árachais, an earnáil teileachumarsáide, an earnáil margaíochta agus an earnáil bleachtairí príobháideacha.

Ina ról reatha, tá freagracht air as na hAonaid seo a leanas laistigh den Choimisiún:

  • Forfheidhmiú
  • Ionchúisimh
  • Imscrúduithe ar Ghearáin maidir le Ríomhphríobháideacht
  • Láimhseáil Gearán Trasteorann
  • Aonaid Láimhseála Gearán Trasteorann 1&2
  • Measúnú ar Ghearáin Trasteorann
  • Fiosrúchán Trasteorann Aonaid 1&2

Cian O'Brien

Cian O'Brien

Ceapadh Cian O’Brien ina Leas-Choimisinéir i mBealtaine 2022. Is ról é a dhíríonn ar gach fiosrúchán agus imscrúdú mórscála den Choimisiún um Chosaint Sonraí. Ar na róil a bhí ag Cian ó tháinig sé isteach sa Choimisiún sa bhliain 2019, áirítear Taighdeoir Dlí agus Dlíodóir Rialála Sinsearach. Le linn an ama seo, bhí sé freagrach as comhairle agus cúnamh dlí a chur ar fáil ar fhiosrúcháin agus ar imscrúduithe mórscála i ndáil le cúrsaí trasteorann agus cúrsaí baile araon. Ghníomhaigh Cian ina chomhairleoir don Choiste Fiosrúchán agus rinne sé próiseas an Choimisiúin um Chosaint Sonraí maidir le fíneálacha riaracháin a dheimhniú sa Chúirt a mhaoirsiú agus a chur i bhfeidhm, mar a bhforáiltear dó san Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Bhain sé céim amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ó Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath. Glaodh Cian chuig Barra na hÉireann sa bhliain 2014. Chleachtaigh sé dlí ina Abhcóide agus bhí sé ina theagascóir le dlí an Aontais Eorpaigh sula ndeachaigh sé leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.

Ina ról reatha, tá freagracht air as na hAonaid seo a leanas laistigh den Choimisiún:

  • Fhiosrúcháin Mhórscála
  • Imscrúduithe Mórscála

Dale Sunderland

Dale Sunderland

Leas-Choimisinéir ar a bhfuil freagracht as Maoirseacht, Treoir agus Gnóthaí Idirnáisiúnta atá ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí is ea Dale Sunderland. Chuaigh Dale isteach sa Choimisiún mar Leas-Choimisinéir i mí na Bealtaine 2016. Bhí sé ina Cheann ar an Rúnaíocht Cumarsáide agus Chorparáideach ag an Roinn Dlí agus Cirt roimhe sin. Shealbhaigh sé roinnt post éagsúil eile sa Roinn sin freisin, ag obair dó ar chomhar inimirce idir Éire agus an Bhreatain, ar bheartas ceartais choiriúil agus póilíneachta an Aontais Eorpaigh, ar fhormhaoirseacht ar rialachas corparáideach, agus ar ghnóthaí idirnáisiúnta, parlaiminteacha agus meán.

Ina ról reatha, tá freagracht air as na hAonaid seo a leanas laistigh den Choimisiún:

  • Comhairliúchán agus Maoirseacht
  • Comhlíonadh OCS
  • Beartas um Chosaint Sonraí Leanaí
  • Gnóthaí Idirnáisiúnta
  • Treoir

Ultan O’Carroll

Ultan O’Carroll

Leas-Choimisinéir um Theicneolaíocht agus Feidhmíocht Oibríochtúil is ea Ultan O’Carroll. D’fhóin sé mar Choimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí ar feadh breis agus seacht mbliana roimhe sin. Le linn na tréimhse sin, stiúir sé an obair ar nithe comhairleacha agus beartais teicneolaíochta don Choimisiún ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ag an am céanna, d’oibrigh sé ar fud aonaid rialála an Choimisiúin ar nithe iniúchóireachta, comhlíonta agus forfheidhmiúcháin a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus le heagraíochtaí ilnáisiúnta. Stiúrann Ultan an obair a dhéantar i réimse an chreidiúnúcháin agus an deimhniúcháin faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí sa Choimisiún freisin. Tugann Ultan an ról comhairleach teicneolaíochta agus an ról ceannaireachta deimhniúcháin sin ar aghaidh, agus é ag glacadh freagracht as straitéis TFC, dearbhú agus feidhmíocht oibríochtúil an Choimisiúin le linn tréimhse ina mbíonn sé faoi réir athrú agus fás bunathraitheach agus ina mbíonn gné idirnáisiúnta mhéadaitheach ag baint lena chuid oibre. D’oibrigh Ultan go fairsing san earnáil phríobháideach laistigh de thionscail teicneolaíochta sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn sula ndeachaigh sé isteach in oifig an Choimisinéara.

Ina ról reatha, tá freagracht air as na hAonaid seo a leanas laistigh den Choimisiún:

  • Feidhmíocht Oibríochtúil
  • Nithe Comhairleacha Teicneolaíochta
  • Soláthar Seirbhíse agus Dearbhaithe
  • Bainistíocht Feidhmchlár

Fleur O’Shea

Leas-Choimisinéir agus Ceann um Ghnóthaí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí is ea Fleur O’Shea.  Sa ról sin, bainistíonn Fleur Aonad Dlí an Choimisiúin, atá freagrach as comhairle dlí a thabhairt don Choimisiún chun tacú leis a chuid feidhmeanna a chur i gcrích.  Tugann an tAonad Dlí comhairle go díreach d’aonaid feidhme an Choimisiúin ar fud raon leathan disciplíní, lena n-áirítear léirmhíniú reachtúil de bhun dhlí na hÉireann agus dhlí an Aontais Eorpaigh agus comhairle maidir le ceanglais an nóis imeachta chóir de bhun dhlí na hÉireann agus dhlí an Aontais Eorpaigh.  Tugann sé comhairle agus tacaíocht don Choimisiún maidir le nithe rialachais inmheánaigh freisin, lena n-áirítear maidir leis an dóigh a gcomhlíonann an Coimisiún na hoibleagáidí atá air mar chomhlacht reachtúil.

Tar éis di cáiliú mar aturnae sa bhliain 2010, d’oibrigh Fleur i gcleachtadh príobháideach, mar chuid de ghnólacht dlí mór Éireannach, sula ndeachaigh sí isteach sa Choimisiún i mí Eanáir 2019.  Agus í ag obair i gcleachtadh príobháideach, rinne Fleur speisialtóireacht sa dlí fostaíochta agus comhionannais agus, ag gníomhú di tríd an meán sin, ghnóthaigh sí saineolas agus taithí ar leith sa dlí cosanta sonraí.  Le linn na tréimhse sin, thug Fleur comhairle do raon leathan eintiteas earnála poiblí agus príobháidí i ndáil le gach gné den dlí cosanta sonraí i gcomhthéacs na háite oibre.  Sula ndeachaigh sí isteach sa Choimisiún, thug Fleur comhairle dlí fhairsing i ndáil le gach gné de na sásraí comhair agus comhsheasmhachta atá leagtha amach i gCaibidil VII den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus i ndáil leis an gcóras fíneála a bunaíodh le hAirteagal 83 GDPR.


MB Donnelly

MB Donnelly

Ceapadh MB Donnelly mar Leas-Choimisinéir agus mar Cheann um Straitéis, Rialachas, Airgeadas agus Riosca i gCoimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí sa bhliain 2022. I dteannta na feidhme Straitéisí atá aige, tá MB freagrach freisin as caidreamh a dhéanamh leis an Rialtas, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le hoifigigh chosanta sonraí thar ceann an Choimisiúin.

Stiúir MB roinnt tionscadal tábhachtach don Choimisiún ó chuaigh sé isteach ann sa bhliain 2016. Áiríodh leo sin tionscadal Feasachta agus Oiliúna an Choimisiúin ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a reáchtáil roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta i mí na Bealtaine 2018, Straitéis Rialála an Choimisiúin 2022-2027 a fhorbairt, agus formhaoirseacht a dhéanamh ar rannpháirtíocht an Choimisiúin i dTionscadal ARC atá á chistiú ag an Aontas Eorpach, rud lena dtacaítear le hiarrachtaí comhlíonta san earnáil fiontar beag agus meánmhéide.

Tá dúspéis ag MB i dteoiric rialála, agus sealbhaíonn sé céimeanna fochéime agus iarchéime agus teastais ó Ollscoil Mhá Nuad, ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ó Scoil Eacnamaíochta Londan.

Ina ról reatha, tá sí freagrach as na nithe seo a leanas ag an CCS:

  • Pleanáil agus Rannpháirtíocht Straitéiseach
  • Rialachas agus Riosca
  • Trédhearcacht
  • Airgeadas

Graham Doyle

Graham Doyle

Leas-Choimisinéir agus Ceann um Ghnóthaí Corparáideacha, Daoine agus Foghlaim, Meáin agus Cumarsáid i gCoimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí is ea Graham Doyle.

Laistigh de na feidhmeanna um Ghnóthaí Corparáideacha agus Daoine agus Foghlaim, stiúrann Graham obair na bhfoirne um Sholáthar, Seirbhísí Corparáideacha, Acmhainní Daonna agus Foghlaim agus Forbairt de chuid an Choimisiúin. Tá Graham ina chomhalta de Choiste Iniúchóireachta agus Riosca an Choimisiúin freisin.

Déanann Graham Straitéis Cumarsáide an Choimisiúin a fhorbairt agus a bhainistiú. Mar chuid den obair sin, cothaíonn sé caidreamh fairsing leis na meáin náisiúnta agus idirnáisiúnta, freastalaíonn sé ar imeachtaí sa tír seo agus thar lear agus labhraíonn sé acu, agus reáchtálann sé clár cuimsitheach cumarsáide inmheánaí laistigh den Choimisiún. Déanann Graham ionadaíocht don Choimisiún ar Líonra Cumarsáide an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí freisin.

Shealbhaigh Graham na róil mar Cheann Cumarsáide agus Taighde i gCoimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (GSOC) agus i dTacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI) roimhe sin. Tá céim onóracha aige i mBainistíocht Phoiblí, áit a ndearna sé sainstaidéar ar an Dlí agus ar Riaradh an Cheartais.

Ina ról reatha tá sé freagrach as na nithe seo a leanas ag an CCS:

  • Na Meáin Chumarsáide agus na Cumarsáide
  • Acmhainní Daonna / Daoine agus Foghlaim
  • Seirbhísí Corparáideacha
  • Saoráidí agus Soláthar