Cad a dhéanaimid

Cuireadh coimisiún nua, An Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC), ar bhun ag an Acht um Chosaint Sonraí 2018, a ndearnadh dlí de ar an 25 Bealtaine 2018. Is é an Coimisiún nua an t-údarás maoirseachta náisiúnta neamhspleách in Éirinn a bhfuil an fhreagracht air as seasamh le ceart bunúsach an duine aonair go gcosnaítear a sonraí pearsanta. Tá cumhachtaí, feidhmeanna agus dualgais an DPC bunaithe ar an Acht um Chosaint Sonraí 2018, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, chomh maith leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2003 a thugann, inter alia, éifeacht do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 108.

Trí úsáid a bhaint as a chumhachtaí reachtúla, déanann an Coimisiún um Chosaint Sonraí–

  • scrúdú ar ghearáin a fhaightear ó dhaoine aonair maidir le sáruithe féideartha an dlí cosanta sonraí;
  • fiosrúcháin agus imscrúduithe maidir le sáruithe na reachtaíochta cosanta sonraí agus déanann sé gníomh forfheidhmiúcháin más gá;
  • feasacht i measc daoine den phobal a chur chun cinn maidir leis na cearta atá acu go gcosnaítear a gcuid faisnéise faoin dlí cosanta sonraí;
  • feasacht níos mó agus géilliúlacht leis an reachtaíocht cosanta sonraí a chur chun cinn i measc rialaitheoirí agus próiseálaithe sonraí trí threoir ardchaighdeáin a fhoilsiú agus trí dhul i dteagmháil le heagraíochtaí na hearnála poiblí agus príobháidí ar bhonn réamhghníomhach;
  • tacaíocht a thabhairt chun rioscaí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a shainaithint, trí chomhairliúcháin le heagraíochtaí, agus cuireann sé treoir maidir le modhanna deachleachtais ar fáil chun na rioscaí sin a mhaolú;
  • obair i gcomhar le húdaráis cosanta sonraí eile (lena n-áirítear comhroinnt faisnéise), agus feidhmíonn sé mar Phríomhúdaráis Mhaoirseachta ag leibhéal an AE d'eagraíochtaí a bhfuil a bpríomhshuíomh AE acu in Éirinn.