An Bunús atá le Cosaint Sonraí

Is é an aidhm atá ag an treoirnóta seo, ‘An Bunús atá le Cosaint Sonraí’, dul i ngleic le roinnt de na ceisteanna is coitianta maidir leis an dlí um chosaint sonraí agus soiléiriú a thabhairt ar na mbunprionsabail atá le cosaint sonraí. Clúdaíonn an treoir seo na dlíthe éagsúla a mbaineann i gcomhthéacs cosanta sonraí agus na cúinsí ina bhfuil feidhm acu, chomh maith leis an mbrí ata le ‘cosaint sonraí’ agus ‘próiseáil’, agus conas ‘rialatheoir sonraí’ a aithint agus cad iad na hoibleagáidí atá acu. Iarrann an treoir míniú a thabhairt ar an riachtanas le ‘bunús dlíthiúil’ chun próiseáil sonraí pearsanta a dhlisteanú, agus achoimre a thabhairt ar na cearta atá ag ‘ábhair sonraí’ aonair agus conas is féidir leo iad a fheidhmiú. Chomh maith leis sin, leagtar amach bunús na rialaithe maidir le margaíocht leictreonach dhíreach chomh maith le húsáid fianáin agus teicneolaíochtaí eile dá leithéid. Ba cheart don treoir seo cabhrú le hábhair sonraí agus le rialaitheoirí sonraí araon, go háirithe nuair a léitear í roimh iarratas a chur isteach chuig rialaitheoir sonraí nó ceist a chur isteach chuig an DPC.

An Bunús Atá Le Cosaint Sonraí - Treoirnóta Iomlán