Eurodac

Is é is Eurodac (an Córas Eorpach Méarlorgaireachta) ann ná bunachar sonraí Aontais Eorpaigh lena stóráiltear méarloirg na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus méarloirg na n-imirceach neamhrialta. Baintear úsáid as fianaise méarlorg chun a thaispeáint cad é an chéad Bhallstát den Aontas Eorpach ar tháinig an t-iarratasóir isteach ann. Is féidir méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ach Eurodac a sheiceáil chun aitheantas na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus aitheantas na ndaoine a ghabhtar agus iad ag trasnú theorainn sheachtrach an Aontais Eorpaigh go neamhrialta a dhéanamh amach.

Le Eurodac, éascaítear cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (Rialachán Bhaile Átha Cliath III), rud ina leagtar amach an próiseas le haghaidh an Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann a phróiseáil a dhéanamh amach.

Cuireadh Eurodac ar bun le Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle an 11 Nollaig 2000, arna chomhlánú le Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle an 28 Feabhra 2002. Rinneadh an dá théacs sin a aisghairm agus a athmhúnlú san aon rialachán amháin:Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 an 26 Meitheamh 2013 (‘Rialachán Eurodac’ anseo ina dhiaidh seo), a tháinig i bhfeidhm an 20 Iúil 2016.

Maoirseacht Eorpach

Tá inniúlacht maoirseachta do lárchóras Eurodac ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (an Maoirseoir Eorpach). Déanann sé nó sí athbhreithniú ar an bpróiseáil sonraí pearsanta i mbunachar sonraí (láraonad) Eurodac agus ar tharchur na sonraí sin chuig na Ballstáit.

Tá an Grúpa Comhordaithe Maoirseachta ar Eurodac comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis chosanta sonraí náisiúnta agus den Mhaoirseoir Eorpach. Tagann sé le chéile dhá uair sa bhliain. Is ionann na húdaráis chosanta sonraí náisiúnta a ndéantar ionadaíocht dóibh agus na húdaráis sin de chuid na 28 mBallstát den Aontas agus iad sin de chuid na hÍoslainne, Lichtinstéin, na hIorua agus na hEilvéise.

Maoirseacht Náisiúnta

Déanann údaráis chosanta sonraí sna Ballstáit maoirseacht ar an bpróiseáil sonraí ag na húdaráis náisiúnta agus ar tharchur na sonraí sin chuig an láraonad.

Is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí an t-údarás maoirseachta náisiúnta d’Éirinn. I measc nithe eile, foráiltear le halt 12(2) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, go ndéanfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí faireachán ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 maidir le bunú Eurodac chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát ar chomparáidí le sonraí Eurodac.

Cearta Rochtana

Tá an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta ina hoifig laistigh de Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann atá freagrach as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015. Breithníonn sé freisin, mar chuid de phróiseas nós imeachta aonair, cé acu ba cheart nó nár cheart cead a thabhairt d’iarratasóirí fanacht.

Tá sé de cheart agat cóip a fháil d’aon sonraí pearsanta fút a phróiseálann an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta, Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann, an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Chun Iarraidh ar Rochtain d’Ábhair Sonraí a Dhéanamh, féach

http://www.ipo.gov.ie/en/ipo/pages/data_protection

Tuilleadh Cúnaimh

Má thagann tú ar aon deacracht agus do chearta cosanta sonraí á bhfeidhmiú agat i ndáil le Eurodac, is féidir leat Ábhar Imní a Chur in Iúl don Choimisiún um Chosaint Sonraí.