An Coiste Maoirseachta Comhordaithe (CSC)

Is é an Coiste Maoirseachta Comhordaithe (CSC) ná grúpa ina bhfuil údaráis maoirseachta náisiúnta um chosaint sonraí agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (EDPS). Bunaíodh an CSC laistigh de chreatlach an Bhoird Eorpach um Chosaint Sonraí (“an Bord”) chun maoirseacht comhordaithe a chinntiú ar chórais IT mórscála áirithe agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE.

Glacann Éire páirt i bpróiseáil sonraí pearsanta i roinnt córais IT mórscála agus gníomhaireachtaí san AE, agus tagann an phróiseáil seo faoi raon na ngníomhaireachtaí comhordaithe CSC mar seo a leanas:

Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI)

Is é an IMI ná uirlis ilteangach shábháilte, forbartha ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhar leis na Ballstáit. Éascaíonn an IMI comhroinnt faisnéise idir údaráis phoiblí atá páirteach i bhfeidhmiú praiticiúil dlí an AE agus cabhraíonn sé le húdaráis a gcuid oibleagáidí riaracháin trasteorann a chomhlíonadh in a lán réimsí polasaí sa Mhargadh Aonair.

IMI Náisiúnta

Cinntíonn an CSC comhordú i maoirseacht ar phróiseáil sonraí pearsanta i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) de réir Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (mar a mionathraíodh ag Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724).

Glacann na hÚdaráis um Chosaint Sonraí (‘DPAnna’) de 27 Ballstáit an Aontais Eorpaigh, Éire san áireamh, páirt i ngníomhaíochtaí an CSC i dtaca leis an IMI.

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)

Mol is ea Eurojust atá lonnaithe sa Háig, san Ísiltír, ina bhfuil dlíodóirí, giúistísí, breithiúna agus saineolaithe eile dlí atá ar iasacht ó na Ballstáit.le cabhrú le coireanna a bhfuil gné trasteorann acu a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus an comhair idir údaráis bhreithiúnacha agus údaráis ionchúisimh á éascú ag an am céanna.

Suíomh gréasáin Eurojust

Cinntíonn an CSC comhordú i maoirseacht ar phróiseáil sonraí pearsanta oibríochtiúil i gcomhthéacs comhoibrithe idir na baill náisiúnta laistigh de Eurojust de réir Airteagal 42 (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1727/2018.

Glacann na hÚdaráis um Chosaint Sonraí (‘DPAnna’) de 27 Ballstáit an Aontais Eorpaigh, Éire san áireamh, páirt i ngníomhaíochtaí an CSC i dtaca le Eurojust.

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol)

Is é is Europol ann ná gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil sé mar shainordú aici treisiú le gníomhaíocht údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus leis an gcomhar atá ar bun eatarthu chun an choireacht thromchúiseach idirnáisiúnta agus eagraithe, an chibearchoireacht agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus a chosc. Oibríonn Europol lena lán Stát comhpháirtíochta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta lasmuigh den Aontas freisin, go háirithe maidir leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, na cibearchoireachta agus na smuigleála daoine. Tá tuilleadh faisnéise faoi ghníomhaíochtaí Europol ar fáil ar shuíomh Gréasáin Europol.

Maoirseacht ar Chosaint Sonraí

Is leagtha amach i Rialachán (AE) 2016/794 (Rialachán Europol), arna leasú le Rialachán 2022/991, atá na rialacha cosanta sonraí is infheidhme maidir le Europol, mar aon le cúraimí maoirseachta an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS).

Cinntíonn an Coiste Maoirseachta Comhordaithe go n-oibríonn na húdaráis náisiúnta chosanta sonraí agus MECS i ndlúthchomhar lena chéile agus iad ag déanamh maoirseacht ar phróiseáil na sonraí pearsanta a tharchuirtear chuig Europol agus uaidh araon, i gcomhréir le hAirteagal 44.2 de Rialachán (AE) 2022/991. Glacann údaráis náisiúnta chosanta sonraí na 26 Bhallstát den Aontas ar cuid de Europol iad páirt i ngníomhaíochtaí an Choiste i ndáil leis an ngníomhaireacht sin de chuid an Aontais.

Maoirseacht Náisiúnta

Mar atá leagtha amach in Airteagal 14 den Acht um Europol, 2012, is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí an t-údarás maoirseachta náisiúnta.

Na cearta atá ag ábhair sonraí i ndáil le Europol

Foráiltear le Rialachán Europol go bhfuil sé de cheart ag aon duine aonair faisnéis a fháil (Airteagal 36) maidir le cé acu atá nó nach bhfuil próiseáil á déanamh ag Europol ar shonraí pearsanta a bhaineann leis/léi, a iarraidh go ndéanfaí sonraí den sórt sin a cheartú, a léirscriosadh agus a shrianadh (Airteagal 37), agus a iarraidh go bpróiseálfaí a s(h)onraí i gcomhréir le prionsabail um chosaint sonraí (Airteagal 28), go háirithe ar bhealach cothrom dleathach.

Aon duine aonair ar mian leis/léi leas a bhaint as an gceart atá aige/aici rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann leis/léi agus a stóráiltear laistigh de Europol, nó ar mian leis/léi go seiceálfaí sonraí den sórt sin, féadfaidh sé/sí iarraidh a dhéanamh saor in aisce chuig Aonad Náisiúnta Europol (féach an seoladh thíos), a tharchuirfidh an iarraidh chuig Europol ansin agus a thabharfaidh fógra don duine aonair lena mbaineann go dtabharfaidh Europol freagra díreach dó/di. Ní mór do Europol déileáil leis an iarraidh laistigh de thrí mhí ó í a fháil.

Aonad Náisiúnta Europol

Idirchaidreamh agus Cosaint

Ceanncheathrú an Gharda Síochána

Páirc an Fhionnuisce

Baile Átha Cliath 8

Cúnamh Breise

Féadfaidh tú a iarraidh go seiceálfadh an Coimisiún um Chosaint Sonraí cé acu atá nó nach bhfuil próiseáil dhleathach á déanamh ag Europol ar aon sonraí fút.

Má thagann tú ar aon deacracht maidir leis na cearta cosanta sonraí atá agat i ndáil le Europol a fheidhmiú, féadfaidh tú Ábhar Imní a Chur in Iúl don Choimisiún um Chosaint Sonraí.

Córas Faisnéise Schengen

Nasc Éire le Córas Faisnéise Schengen (SIS II) an 15 Márta 2021. Le Córas Faisnéise Schengen, tugtar rochtain don Gharda Síochána ar shonraí fíor-ama faoi fholáirimh shonracha arna n-eisiúint ag údaráis forfheidhmithe dlí ar fud na hEorpa, amhail foláirimh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha coiriúla, maidir le daoine atá ar iarraidh nó maidir le rudaí goidte. Is le Rialachán (AE) 2018/1862 a rialaítear rannpháirtíocht na hÉireann i gCóras Faisnéise Schengen. Níl Éire páirteach i bhforálacha coiteanna rialaithe teorann agus víosa Chomhaontú Schengen toisc nach bhfuil Éire ina ball de chomhlimistéar taistil Schengen.

Tuilleadh Faisnéise - Bileog Faisnéise maidir le Córas Faisnéise Schengen

Maoirseacht ar Chosaint Sonraí

Cinntíonn an Coiste Maoirseachta Comhordaithe go ndéantar maoirseacht chomhordaithe ar phróiseáil sonraí pearsanta i gCóras Faisnéise Schengen i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1862 agus le hAirteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1861.

In éineacht leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS), glacann údaráis náisiúnta chosanta sonraí Bhallstáit Schengen páirt i ngníomhaíochtaí an Choiste i ndáil le Córas Faisnéise Schengen. Is é atá i mBallstáit Schengen ná 26 Bhallstát den Aontas, an Íoslainn, an Iorua, Lichtinstéin agus an Eilvéis. Glacann údarás cosanta sonraí na Cipire páirt sna gníomhaíochtaí sin mar bhreathnóir.

Maoirseacht Náisiúnta

Chun críocha Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1862 (‘Maoirseacht a dhéanamh ar N.SIS’) agus Airteagal 114 de Choinbhinsiún Schengen, tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí ainmnithe mar údarás maoirseachta náisiúnta (de réir alt 23 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009, arna leasú).

Na cearta atá ag ábhair sonraí i ndáil le Córas Faisnéise Schengen

Féadfaidh aon duine iarraidh rochtana a dhéanamh chuig aon cheann de na páirtithe conarthacha in acquis Schengen chun a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil a s(h)onraí pearsanta taifeadta ar Chóras Faisnéise Schengen.

Tá sé de cheart ag gach duine aonair rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a shealbhaíonn an Garda Síochána faoi/fúithi agus a iarraidh go ndéanfaí a s(h)onraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh.

Féadfaidh aon duine aonair atá ag iarraidh rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta a d’iontráil an Garda Síochána faoi/fúithi isteach ar SIS II an fhoirm Iarrata ar Rochtain d’Ábhar Sonraí (F20) a chomhlánú.

Gearáin

Má thagann tú ar aon deacracht maidir leis na cearta cosanta sonraí atá agat i ndáil le Córas Faisnéise Schengen a fheidhmiú, féadfaidh tú Ábhar Imní a Chur in Iúl don Choimisiún um Chosaint Sonraí.

Rialálann an Coimisiún um Chosaint Sonraí aon srianta ar chearta ábhar sonraí, mar atá leagtha amach in alt 89 go halt 95 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.

Féadfaidh tú a iarraidh go seiceálfadh an Coimisiún um Chosaint Sonraí cé acu atá nó nach bhfuil próiseáil dhleathach á déanamh ar aon sonraí fút i gCóras Faisnéise Schengen.

Imscrúdóidh an Coimisiún aon ghearáin a gheobhaidh sé i ndáil le Córas Faisnéise Schengen. Faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018, tá cearta áirithe agat i ndáil leis an dóigh a láimhseálfaidh an Coimisiún an gearán uait, lena n-áirítear an ceart chun achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda nó na hArd-Chúirte in aghaidh breith ón gCoimisiún.