Cás-Staidéir CCTV
Mainneachtain freagra a thabhairt ar iarraidh ar phíosaí scannáin TCI
Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair a rinne iarraidh rochtana chuig cuideachta iompair. D’iarr an duine aonair cóip de phíosaí scannáin TCI de thimpiste a bhí aige le ceann amháin de bhusanna na cuideachta iompair. Ní bhfuair an duine aonair aon fhreagra ar an iarraidh sin.
Féach Tuilleadh EolaisTCI a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar limistéar feithimh gan bearta trédhearcachta leordhóthanacha
Bhí duine aonair fostaithe i gclinic liachta, a bhain leas as píosaí scannáin TCI den seomra feithimh chun amanna feithimh othar a mheasúnú. Le linn don chlinic liachta na píosaí scannáin TCI a athbhreithniú i láthair an fhostaí, fuair an fostaí amach gur taifeadadh a íomhá leis an gcóras TCI ar fud a fhostaíochta ar fad gan é a bheith ar an eolas faoi sin. Rinne an duine aonair iarracht an tsaincheist a réiteach leis an gclinic liachta, ach ní raibh sé sásta ar deireadh leis an bhfreagra a fuair sé. Rinne sé gearán leis an gCoimisiún ansin
Féach Tuilleadh EolaisTCI Baile
Le linn na bliana 2024, fuair an Coimisiún 157 ngearán ó dhaoine aonair maidir le feistí taifeadta a úsáid, mar shampla córais TCI baile agus cloigíní dorais cliste a bheith á n-úsáid ag daoine aonair príobháideacha chun a dteach agus a réadmhaoin a chosaint.
Féach Tuilleadh EolaisGearán maidir le próiseáil chothrom a bhain le TCI san áit oibre
Tharraing duine aonair ábhar imní anuas lena fhostóir sa tionscal scéimhe faoi líon ceamaraí teilifíse ciorcaid iata (TCI) san áit oibre a chreid sé a bheith iomarcach. Luaigh an duine nár cuireadh in iúl dó riamh go raibh na ceamaraí á suiteáil agus go raibh imní air go raibh taifeadtaí fuaime agus taifeadtaí físe araon á ndéanamh ag na ceamaraí. Chuir an eagraíocht in iúl don duine aonair gur ar mhaithe le sábháilteacht na foirne a suiteáladh na ceamaraí agus nár taifeadadh aon fhuaim riamh.
Féach Tuilleadh EolaisTCI i Seomraí Folctha
Gach bliain faigheann an CCS go leor fiosruithe agus gearáin ó dhaoine éagsúla a dhéanann gearán go sonrach faoi úsáid TCI i limistéir scíthe ag eagraíochtaí éagsúla ar nós tithe tábhairne, clubanna oíche, bialanna agus iostaí iompair. Go háirithe, líomhnaíonn na gearáin go bhfuil na ceamaraí ag díriú ar réimsí ar leith i seomraí scíthe ina bhfuil ionchas méadaithe maidir le príobháideacht, mar shampla os cionn ciúbach nó fualán.
Féach Tuilleadh Eolais