Cás-Staidéir Agóid i gcoinne Próiseáil

 

Gearán déanta i gcoinne Club Gailf

Rinne duine aonair gearán leis an gCoimisiún maidir leis an dóigh ar bhain an rialaitheoir sonraí úsáid as píosaí scannáin TCI chun imscrúdú a dhéanamh ar theagmhas ina raibh an duine aonair páirteach. D’eagraigh an duine aonair imeacht i saoráid fóillíochta (an rialaitheoir sonraí) agus chuir sé comharthaí ar taispeáint i ndáil le nósanna imeachta Covid-19 chun cúnamh a thabhairt do na daoine a bheadh i láthair. Ag deireadh an imeachta, rinne an duine aonair comhartha eile i ndáil le nósanna imeachta Covid-19 a bhaint gan chuimhneamh nuair a bhí sé ag fáil réidh leis na comharthaí a shuiteáil sé don imeacht. Tar éis gearán a fháil ó dhuine aonair eile, rinne an rialaitheoir sonraí athbhreithniú ar na píosaí scannáin TCI chun a fháil amach cé a bhain an comhartha. Bhí an duine aonair den tuairim nár phróiseáil an rialaitheoir sonraí a shonraí pearsanta ar bhealach comhréireach ná trédhearcach agus nár chomhlíon sé na hoibleagáidí atá air mar rialaitheoir sonraí i ndáil leis an dóigh ar imscrúdaigh sé an teagmhas. Dá réir sin, rinne an duine aonair gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún.

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an rialaitheoir sonraí chun an gearán a scrúdú. Dhírigh sé ar mhainneachtain líomhnaithe an rialaitheora sonraí a chinntiú go gcomhlíonfaí na prionsabail a bhaineann le sonraí pearsanta an duine aonair a phróiseáil de réir Airteagail 5(1)(a), 5(1)(b) agus 13 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“GDPR”). D’inis an Coimisiún do na páirtithe gurb é cur chuige an Choimisiúin ar an gcéad ásc deis a thabhairt do na páirtithe féin féachaint le teacht ar réiteach cairdiúil ar an ngearán de réir alt 109(3) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (“Acht 2018”). Tháinig na páirtithe ar réiteach cairdiúil . Rinne an rialaitheoir sonraí iniúchadh ar a chóras TCI agus rinne sé rochtain ar phíosaí scannáin TCI a theorannú do bhaill foirne ainmnithe. Ghabh an duine aonair buíochas leis an gCoimisiún as an ngearán uaidh a láimhseáil ar bhealach gairmiúil cuidiúil. Luaigh sé freisin go raibh drogall air an gearán a chur isteach ar dtús toisc go raibh sé ar an eolas faoin líon gearán a ndéileálann an Coimisiún leo agus faoi na srianta a chuireann siad sin ar acmhainní. Cuireadh in iúl dó, áfach, gurbh ionann an aird a tugadh ar an ngearán uaidh agus an aird a thugtar ar na mór-shaincheisteanna a ndéileálann an Coimisiún leo. Tá muinín ag an duine aonair nach dtiocfaidh an tsaincheist chun cinn arís eile, a bhuí le rannpháirtíocht an Choimisiúin. Bhí an t-ábhar sonraí ag iarraidh buíochas a ghabháil leis an gCoimisiún agus aitheantas a thabhairt don dóigh éifeachtúil ar dhéileáil sé leis an ní.

Cás-Staidéir Agóid i gcoinne Próiseáil

 

Úsáid a bhaint as sonraí faoi shuímh chun éilimh ar chostais a dhearbhú

Bhí an gearánach sa chás seo ina iarfhostaí de chuid soláthraí seirbhíse reachtúil, a raibh sé i gceist ina chuid oibre tiomáint chuig láithreacha arna sannadh ag a fhostóir. I gcás ina raibh sé sin ina chúis le héilimh ar am breise nó cothabháil, chomhlánaíodh an gearánach foirmeacha arna gur ar fáil ag a fhostóir, inar tugadh mionsonraí maidir le nithe ar nós dátaí agus láithreacha ábhartha, uimhreacha tagartha um sheoladh, agus na méideanna a bhí á n-éileamh.

Bhain an fostóir úsáid as córas seolta a bhí beartaithe chun an úsáid is éifeachtúla a bhaint as tiománaithe agus feithiclí a chinntiú, go háirithe toisc gur thug ghníomhaigh siad i leith cásanna éigeandála. Logáil an córas seo comhlíonadh agus cur i gcrích glaonna seirbhíse, na huaireanta a raibh feithiclí amuigh ag freastal ar ghlaonna nó ar ais sa cheanncheathrú, agus na huaireanta a raibh tiománaithe ar dualgas nó nuair nach raibh siad ar dualgas.

Rinne an gearánach éileamh ar am breise agus cothabháil. Dhiúltaigh an fostóir dó sin toisc go raibh neamhréireanna idir na sonraí ar fhoirm éilimh an ghearánaigh agus na sonraí a taifeadadh ar chóras seolta an fhostóra. Chuir an gearánach i gcoinne úsáid a bhaint as sonraí ón gcóras seolta chun na críche seo agus rinne sé gearán leis an DPC.

Bhreithnigh an DPC cibé an raibh sé i gcomhréir le riachtanais i leith próiseáil chóir úsáid a bhaint as sonraí ón gcóras seolta chun éilimh ar am breise agus cothabháil a dhearbhú. Bhí cothroime na próiseála le measúnú faoi threoir cé acu ar cuireadh nó nár cuireadh an gearánach agus comhfhostaithe ar an eolas faoin úsáid a bhain an fostóir as na sonraí chun na críche sin, cé acu a raibh nó nach raibh an phróiseáil comhoiriúnach leis an gcuspóir a bailíodh na sonraí ina leith, agus cé acu a raibh nó nach raibh bonn dlí ag an bhfostóir maidir leis an bpróiseáil sin.

Ní raibh beartas i scríbhinn ag an bhfostóir maidir le húsáid a bhaint as an gcóra seolta. Ina ionad sin, bhíothas ag brath ar “feasacht ghinearálta” fostaithe go raibh an córas á úsáid chun na críche sin. Chuir an fostóir in iúl gur luadh úsáid dá leithéid i socrú a rinneadh le ceardchu- mainn a fhostaithe roinnt blianta roimhe sin. Thug an DPC chun suntais gur éilíodh ar fhostaithe na huimhreacha tagartha seolta ábhartha ón gcóras seolta a chur san áireamh in éilimh ar am breise agus cothabháil.

Bhí an DPC den tuairim trí bhíthin uimhreacha tagartha ábhartha bheith á gcur san áireamh ar an gcóras seolta i leith éilimh ar am breise agus cothabháil, gur léiriú a bhí ann go raibh fostaithe ar an eolas nár úsáideadh na sonraí le haghaidh próiseáil lóistíochtúil amháin, ach chun a n-éilimh a dhearbhú freisin. Fiú sa chás gurbh é an príom- hchuspóir a bhí leis an gcóras seolta cuidiú le lóistíocht, ní raibh sé neamh-chomhoiriúnach leis an gcuspóir sin é a úsáid chun éilimh ar am breise a dhearbhú, ós rud é go raibh na sonraí sin ar an aon mhodh amháin a bhí ar fáil don fhostóir chun éilimh a dhearbhú.

Thug an DPC ar aird go raibh sé ina riachtanas ag an bhfostóir éilimh ar am breise agus cothabháil a dhearbhú mar gheall ar rialacháin airgeadais infheidhme. Bhí an phróiseáil chun éilimh ar am breise agus cothabháil riachtanach ní hamháin chun cloí leis an riachtanas dlí sin, ach chun conradh fostaithe an ghearánaigh a chomhlíonadh agus ar fhorais leasanna dlisteanacha na bhfostóirí.

Key Takeaway

  • Tá an cás seo ina shampla ar chúinse inar féidir sonraí a bailíodh chun críche dlisteanach amháin — rialú lóistíochtúil, sa chás seo — a phróiseáil go cuí chun críche eile, éilimh ar am breise a dhearbhú, sa chás seo. Mar sin féin, ba chóir aird a thabhairt ar an riachtanas uileghabhálach maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go cothrom agus ní mór dóibh a chinntiú go gcuirtear ábhair sonraí ar an eolas faoi na cineálacha sonraí a bhailítear, mar aon le nádúr agus cuspóir na próiseála. Tá sé chomh tábhachtach céanna go mbeadh bonn dlí leis an bpróiseáil, agus beidh sé riachtanach sa chuid is mó de chásanna go bhfuil an phróiseáil riachtanach don chuspóir sonraithe.

Cás-Staidéir An Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (LED)

 

Treoir um Fhorfheidhmiú an Dlí

Rinne Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (GSOC) litir, ina raibh an toradh ar imscrúdú a rinne sé ar ghearán, a chur chuig seoladh nach raibh cónaí ar an ngearánach aige a thuilleadh. Fuair an Coimisiún amach gur cuireadh an litir chuig an seoladh ag a raibh cónaí ar an duine aonair nuair a rinne sé gearán roimhe le GSOC. Thug an duine aonair a bhí i gceist fógra do GSOC ina dhiaidh sin á rá nach raibh cónaí air ag an seoladh sin a thuilleadh agus nach bhféadfaí teagmháil a dhéanamh leis ach trí ríomhphost i ndáil leis an ngearán nua.

Rinne an Coimisiún idirchaidreamh fairsing le GSOC maidir leis an ngearán seo . Thuairiscigh GSOC an sárú sonraí don Choimisiún trí na gnáthbhealaí a úsáidtear chun sárú a thuairisciú . Chun a chinntiú nach dtarlódh teagmhas den sórt seo arís, dúirt GSOC leis an gCoimisiún gur eisíodh ríomhphost inmheánach chuig gach ball foirne chun béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé cruinneas na sonraí pearsanta a iontráiltear isteach sa Chóras Bainistíoch-ta Cásanna a chinntiú . Dúirt GSOC freisin gur sheol sé ríomhphost ar leith chuig gach bainisteoir líne i rannán Cásoibre GSOC chun iad a chur ar an eolas faoin ngá atá ann le sonraí pearsanta a chur isteach go cruinn sa chóras agus faoin ngá atá ann leis an bhfaisnéis sin a leasú nuair a fhaightear faisnéis nuashonraithe .

Cás-Staidéir An Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (LED)

 

Srianta Sonraí

Fuair an DPC gearán ó dhuine aonair a mhaígh go raibh sé ina íospartach i gcoir. D’iarr an duine aonair go ndéanfadh An Garda Síochána (AGS) a shonraí pearsanta íogair a phróiseáil de réir a théarmaí áirithe, is é sin, d’iarr sé go gcuirfí cóip iomlán de thorthaí leighis na dtástálacha fóiréinseacha arna dtabhairt faoi ag Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann (FSI) ar fáil dó ar an toirt i ndiaidh do AGS na torthaí a fháil. Ina dhiaidh sin, d’iarr sé go ndéanfaí an pacáiste samplaí a scaradh, leis an iarratas seo á leasú ina dhiaidh sin do anailís ó fhiala ar leith a bheith á n-iarraidh.

Thug an DPC faoi deara gurbh é an t-ábhar sonraí céanna a chuir tús leis an bpróiseas ar fad chun anailís de shamplaí fóiréinseacha a lorg, i ndiaidh na coire líomhnaithe . D’fhonn leanúint ar aghaidh leis na tástálacha fóiréinseacha, éilíodh ar an duine aonair foirm a chomhlánú dar teideal ‘Consent for Release of Stored Forensic and a Legal Report to the Custody of An Garda Síochána’ . Chinn an DPC go mbeadh aon sonraí pearsanta a phróiseáil AGS sa chomhthéacs atá leagtha amach ag teacht faoin Treoir maidir le Forfheidh- miú an Dlí (AE) 2016/680 faoi mar a thrasuitear í isteach san Acht um Chosaint Sonraí .

Chomhairligh AGS don DPC maidir le cásanna ina gcuireann duine aonair a sonraí pearsanta faoi bhráid AGS agus FSI lena dtástáil tuilleadh, go gcuirtear aon phróiseáil bhreise ó AGS agus FSI i gcrích d’fhonn cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú .

Mar sin, rialaítear tuairisc arna eisiúint ag Eolaíocht Fhóiréinseach Éirinn le forálacha Alt 94 den Acht, ina leagtar amach srianta maidir le rochtain a d’fhéadfadh ri- alaitheoir sonraí a chur i bhfeidhm, lena n-airítear srianadh chun dul i gcion ar imscrúdú a sheachaint . I ndiaidh don DPC na ceisteanna a ardaíodh a scrúdú, nach ndéantar foráil sa Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (AE) 2016/680 faoi mar a thrasuitear i gCodanna 5 agus 6 den Acht do dhaoine aonair na coinníollacha faoina dtoilíonn ábhair sonraí a sonraí pearsanta bheith á bpróiseáil ag údarás forfheidhmithe a leagan síos .

Maidir le samplaí fóiréinseacha a phróiseáil i gcomhthéacs an dlí a fhorfheidhmiú, bhí an DPC sásta go raibh an phróiseáil ar shonraí íogaire i gcomhréir le hailt 71 agus 73(1)(b) (i) den Acht . Thug an DPC faoi deara shainigh an fhoirm ‘Consent for Release of Stored Forensic and a Legal Report to the Custody of An Garda Síochána’ faighteoirí na sonraí ar fad a bhí beartaithe, mar aon leis an bhfíoras go bhféadfaí torthaí na dtástálacha saotharlainne agus an tuairisc dlí a scaoileadh chuig na cúirteanna lena n-úsáid i bhfianaise. Mhol an DPC go gcuirfí Fógra um Chosaint Sonraí san áireamh san fhoirm, chun cur ar chumas ábhar sonraí faisnéis mhionsonraithe a fháil maidir leis an gcreat reachtach agus nósanna imeachta a rialaíonn coinníol- lacha na próiseála i ndáil le samplaí fóiréinseacha agus imscrúduithe AGS .

Cás-Staidéir An Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (LED)

 

Srianta Sonraí — ionchúisimh ar feitheamh

Déanann an DPC scrúdú ar ghearáin go minic a bhaineann le srianta a chuireann An Garda Síochána agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) i bhfeidhm mar gheall ar ionchúisimh choiriúla atá ar feitheamh. Cuimsíonn na gearáin cásanna ionsaithe ina n-iarrtar doiciméid ar nós taifid PULSE, grianghraif agus tuairiscí ó An Garda Síochána maidir leis na teagmhais, agus iarratais ar phíosaí scannánaíochta CCTV ó laistigh de stáisiúin féin An Gharda Síochána.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh An Garda Síochána cóip de ráiteas a chur duine aonair ar fáil a sholáthar don duine aonair ach coimeádfaidh sé sonraí eile siar ar bhonn Alt 94(3)(a) den Acht ina bhféadfadh rialaitheoir sonraí rochtain a theorannú, go hiomlán nó i bpáirt, chun críocha “cosc, brath nó imscrúdú cionta, gabháil nó ionchúiseamh ciontóirí nó éifeachtacht modhanna, córas, pleananna nó nósanna imeachta dleathacha a úsáidtear chun críocha na nithe réamhráite .”

I ndiaidh dearbhú a fháil ó rialaitheoir sonraí go bhfuil ionchúisimh phoiblí ar feitheamh, tabharfaidh an DPC comhairle do dhuine aonair go bhféadfadh na daoine aonair iarratas a dhéanamh an athuair ar chóip dá sonraí de réir mar a leagtar amach in Alt 91 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 i ndiaidh do na ceisteanna dlí a bhaineann leis na cásanna sin teacht chun críche .

Cás-Staidéir An Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (LED)

 

Teorannú Cuspóra

Scrúdaigh an DPC gearán mar ar mhaígh duine aonair go raibh sonraí a bailíodh i gcomhthéacs áirithe amháin forfheidhmithe dhlí á úsáid ag an rialaitheoir sonraí céanna do chuspóir eile forfheidhmithe dhlí. Bhain an gearán le hionchúiseamh duine aonair do chionta i réimse na leigheasanna eachaí agus ainmhithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara (RTBM) agus atreorú ar leith ag RTBM líomhaintí mí-iompair ghairmiúil do Chomhairle na dTréidlia (CT) maidir leis an duine céanna.

Tar éis don DPC na ceisteanna a tógadh a scrúdú, d´atreoraigh sé an gearánach d´Alt 71(5) den Acht um Chosaint Sonraí 2018:

Nuair a bhailíonn rialaitheoir sonraí pearsanta do chuspóir sonraithe in Alt 70(1)(a), is féidir leis an rialaitheoir nó rialaitheoir eile na sonraí a phróiseáil do chuspóir a sonraíodh seachas an cuspóir dár bailíodh na sonraí, sa mhéid go bhfuil—

  1. an rialaitheoir údaraithe chun a leithéid de shonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh a leithéid de chuspóir de réir dhlí an Aontais Eorpaigh nó dlí an Stáit, agus go bhfuil
  2. an phróiseáil riachtanach agus comhsheasmhach leis an gcuspóir dá bhfuil na sonraí á bpróiseáil .

Maidir le hAlt 70(1)(a) agus “dlí an Stáit”, thug an DPC faoi deara na forálacha a leagtar amach san Acht um Chleachtas Tréidliachta 2005 i dtaca le cur i gcrích fhiosrúchán ag an CT faoi líomhaintí mí-iompair ghairmiúil . Tugann Alt 76 den Acht um Chleachtas Tréidliachta 2005, go háirithe, achoimre gur féidir leis an CT nó aon duine iarratas a dhéanamh ar fhiosrúchán maidir le hoiriúnacht duine chláraithe chun tréidliacht a chleachtadh . Ar an mbonn seo ní dhearna an DPC machnamh faoi reachtaíocht chosanta sonraí chun atreorú ar leith RTBM a dhícheadú maidir le líomhaintí mí-iompair ghairmiúil don CT i dtaca le duine, i gcomhar le himeachtaí ionchúisimh ag RTBM in aghaidh an duine chéanna do chionta i réimse na leigheasanna eachaí agus ainmhithe .

Cás-Staidéir An Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (LED)

 

Srianta sonraí — uireasa comhthola ó gach páirtí

I gcás amháin a scrúdaigh an DPC, chuir tuismitheoir iarratas isteach chuig An Garda Síochána chun cóipeanna de shonraí pearsanta a pháistí óga a fháil.

Dhiúltaigh An Garda Síochána na sonraí a chur ar fáil . Chomhairligh an DPC don tuismitheoir go gcomhaontódh sé leis an srian a cuireadh i bhfeidhm, toisc go raibh eolas faoi leith ag an rialaitheoir sa chás seo maidir leis na cúinsí a bhain le socrú coimirce chomhroinnte a bhí i bhfeidhm agus toisc gur mheas sé go mbeadh comhthoil gach coimirceora ag teastáil d’fhonn na sonraí a scaoileadh sa chás seo .

Cás-Staidéir An Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (LED)

 

Srianta sonraí — sonraí tríú páirtí; tuairim tugtha faoi rún

Scrúdaigh an DPC cás inar chuir An Garda Síochána srianta i bhfeidhm ar rochtain ar bhonn Ailt 91(7) agus (8) den Acht um Chosaint Sonraí 2018.

Bhain an cás le duine aonair a bhí ag lorg cóipeanna de líomhaintí maidir le mí-úsáid a rinneadh ina choinne maidir le leas a thuismitheoirí . I ndiaidh an cheist seo a scrúdú, ba léir don DPC go scaoilfí sonraí pearsanta tríú páirtí agus go nochtfaí aitheantas an duine a raibh na líomhaintí á ndéanamh aige mar gheall ar an bhfaisnéis a scaoileadh . I ndiaidh don DPC athbhreithniú a dhéanamh, bhí sé sásta gur cuireadh na sonraí a bhí á n-iarraidh ar fáil go huile is go hiomlán faoi rún agus mheas sé go raibh feidhm le forálacha Alt 91(9)(a) freisin .

Cás-Staidéir Léirscriosadh

 

Cinneadh Airteagal 60 maidir le Twitter International Company — Iarraidh ar Aitheantas, Iarraidh Léirscriosta

Taisceadh gearán in aghaidh Twitter International Company (“Twitter”) go díreach leis an gCoimisiún an 02 Iúil 2019. Dá réir sin, láimhseáil an Coimisiún an gearán ina cháil mar phríomhúdarás maoirseachta. Líomhain an gearánach gur tharla sé, tar éis a chuntas ar Twitter a chur ar fionraí, gur mhainnigh Twitter an creat ama reachtúil a chomhlíonadh i leith iarraidh léirscriosta a chuir sé faoina bhráid. Líomhain an gearánach freisin gur iarr Twitter cóip dá aitheantas fótagrafach chun go bhféadfadh sé an iarraidh léirscriosta uaidh a chur i ngníomh gan aon bhunús dlí a bheith aige le déanamh amhlaidh. Ar deireadh, líomhain an gearánach gur choinnigh Twitter a shonraí pearsanta tar éis na hiarrata léirscriosta uaidh gan aon bhunús dlí a bheith aige le déanamh amhlaidh.

Cuireadh cuntas Twitter an ghearánaigh ar fionraí toisc gur mheas Twitter gur sháraigh an gearánach a Bheartas Iompair Ghránna . Tar éis do Twitter an cuntas a chur ar fionraí, d’iarr an gearánach go léirscriosfaí a shonraí pearsanta uile, amhail a sheoladh ríomhphoist agus a uimhir theileafóin . Chuir sé roinnt iarrataí difriúla faoi bhráid Twitter á iarraidh air go léirscriosfaí a shonraí . D’iarr Twitter ar an ngearánach cóip dá aitheantas a chur isteach chun a fhíorú gurbh é an sealbhóir cuntais i ndáiríre é. Dhiúltaigh an gearánach do dhéanamh amhlaidh . Ar deireadh, chomhlíon Twitter an iarraidh léirscriosta gan aitheantas fótagrafach an ghearánaigh a fháil .

Ar dtús, d’fhéach an Coimisiún leis an ngearán seo a réiteach go cairdiúil trína phróiseas láimhseála gearán . Níor éirigh leis teacht ar réiteach cairdiúil, áfach, agus osclaíodh fiosrúchán ar an gcás. Ba iad seo a leanas na saincheisteanna lena n-iniúchadh agus lena gcinneadh ag an bhfiosrúchán ón gCoimisiún: (i) cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag Twitter le haitheantas fótagrafach a iarraidh tar éis iarraidh léirscriosta a fháil de bhun Airteagal 17 RGCS; (ii) cé acu a láimhseáil nó nár láimhseáil Twitter an iarraidh léirscriosta sin i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta agus leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018; agus (iii) cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon Twitter ceanglais trédhearcachta Airteagal 12 RGCS . Agus an seasamh uaidh á chosaint, luaigh Twitter go bhfuil ríthábhacht ag baint le haitheantas an iarrthóra a fhíordheimhniú i gcásanna ina n-iarrann páirtí go ndéanfaí léirscriosadh ar a chuntas . Luaigh sé gurb é an t-aon toradh amháin a bhíonn ar na haitheantóirí uathúla a sholáthraítear nuair a chláraítear cuntas (i .e ., seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin) ná ceangal a dhéanamh idir úsáideoir agus cuntas . Ní fhíoraítear leo aitheantas aon sealbhóra cuntais . Luaigh Twitter gurb eol dó gur féidir cuntais ríomhphoist a haiceáil agus gur féidir go bhféachfaidh páirtithe leasmhara eile le cuntas a léirscriosadh, go háirithe i gcás den sórt seo inar cuireadh an cuntas ar fionraí mar gheall ar roinnt sáruithe líomhnaithe ar Bheartas Iompair Ghránna Twitter . Thug an chuideachta le fios go gcoinníonn sí faisnéis bhunúsach faoi shíntiúsóirí ar feadh tréimhse éiginnte, ar aon dul leis an leas dlisteanach atá aici i sábháilteacht agus slándáil a hardáin agus a húsáideoirí a chothabháil .

D’áitigh Twitter freisin nár bhain Airteagal 5(1)(c) le hábhar anseo toisc nár bhailigh sé aon aitheantas ar bith ón ngearánach . Ina ainneoin sin, luaigh sé gur chomhréireach agus riachtanach araon a bhí an iarraidh ar aitheantas fótagrafach sa chás seo. Thug sé le fios go mbíonn leibhéal níos airde fíordheimhniúcháin ag teastáil i gcás nach bhfuil duine logáilte isteach ina chuntas, rud a tharlóidh i gcónaí nuair atá cuntas an duine lena mbaineann ar fionraí.

Ag féachaint don iarraidh léirscriosta ón ngearánach agus don oibleagáid ghaolmhar atá ar an gcuideachta aon iarraidh den sórt sin a phróiseáil ‘gan moill mhíchuí’, leag Twitter amach amlíne an chomhfhreagrais idir é féin agus an gearánach maidir leis an iarraidh léirscriosta . Luaigh Twitter go ndearna an gearánach iarrataí dúblacha agus gur chuir sé sin moill ar phróiseas an scriosta/an léirscriosta . Maidir le coinneáil sonraí, chuir Twitter in iúl don Choimisiún gur choinnigh sé uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an ghearánaigh tar éis an iarraidh rochtana uaidh a chur i gcrích . Luaigh sé go gcoinníonn sé an fhaisnéis theoranta sin ar feadh tréimhse éiginnte tar éis an cuntas a dhíghníomhachtú agus go ndéanann sé amhlaidh de réir na leasanna dlisteanacha atá aige i sábháilteacht agus slándáil a ardáin agus a úsáideoirí a chothabháil. Dhearbhaigh sé gurbh amhlaidh, dá scriosfadh sé seoladh ríomhphoist nó uimhir theileafóin an ghearánaigh óna chórais, go bhféadfadh an gearánach an fhaisnéis sin a úsáid ansin chun cuntas nua a chruthú, cé gur sainaithníodh é agus gur cuireadh ar fionraí go buan é ón ardán de dheasca sáruithe éagsúla ar Bheartas Iompair Ghránna Twitter .

Tar éis dó an fiosrúchán uaidh a chur i gcrích, ghlac an Coimisiún an cinneadh uaidh i ndáil leis an ngearán seo de réir Airteagal 60(7) RGCS an 27 Aibreán 2022 . Chinn an Coimisiún gur sháraigh Twitter International Company, an rialaitheoir sonraí, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí mar a leanas:

  • Airteagal 5(1)(c): Sháraigh Twitter prionsabal an íoslagh- daithe sonraí, de bhun Airteagal 5(1)(c) RGCS, nuair a cheangail sé ar an ngearánach a aitheantas a fhíorú trí chóip dá aitheantas fótagrafach a chur isteach .
  • Airteagal 6(1): Níor shainaithin Twitter aon bhunús dleathach bailí faoi Airteagal 6(1) RGCS le cóip d’aithe- antas fótagrafach an ghearánaigh a iarraidh chun an iarraidh léirscriosta uaidh a phróiseáil .
  • Airteagal 17(1): Sháraigh Twitter Airteagal 17(1) RGCS, toisc go raibh moill mhíchuí ann ar an iarraidh léirscrio- sta ón ngearánach a phróiseáil .
  • Airteagal 12(3): Sháraigh Twitter Airteagal 12(3) RGCS trí mhainneachtain fógra a thabhairt don ábhar sonraí laistigh de mhí amháin faoin ngníomh a rinneadh i dta- ca leis an iarraidh léirscriosta uaidh de bhun Airteagal 17 RGCS .


Chinn an Coimisiún go raibh bunús dlí bailí ag Twitter, de réir Airteagal 6(1) (f), le seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin an ghearánaigh a bhí bainteach leis an gcuntas a choinneáil . Chinn sé freisin gurbh amhlaidh, gan dochar don chinneadh uaidh thuas maidir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí i ndáil le haitheantas fótagrafach, gur chomhlíon Twitter prionsabal an íoslaghdaithe sonraí toisc go raibh próiseáil an tseolta ríomhphoist agus na huimhreach teileafóin teoranta don mhéid ba ghá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil .

I bhfianaise mhéid na sáruithe, d’eisigh an Coimisiún iomardú chuig Twitter International Company, de bhun Airteagal 58(2)(b) RGCS . Ina theannta sin, d’ordaigh an Coimisiún do Twitter International Company, de bhun Airteagal 58(2)(d), leasú a dhéanamh ar a bheartais agus a nósanna imeachta inmheánacha le haghaidh iarrataí léirscriosta a láimhseáil chun a chinntiú nach gceanglófaí ar ábhair sonraí a thuilleadh cóip d’aitheantas fótagrafach a sholáthar nuair a dhéanann siad iarrataí léirscriosta sonraí, ach amháin i gcás go bhféadfaidh sé bunús dlí le déanamh amhlaidh a léiriú . D’ordaigh an Coimisiún do Twitter International Company mionsonraí faoina bheartais agus a nósanna imeachta inmheánacha athbhreithnithe a sholáthar dó faoin 30 Meitheamh 2022 . Chomhlíon Twitter an t-ordú sin faoin spriocdháta socraithe .

Cás-Staidéir Léirscriosadh

 

Próiseáil neamhdhleathach ar ghrianghraf agus iarraidh léirscriosta

Rinne ábhar sonraí gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) maidir le foilsiú a íomhá stairiúla i nuachtán (“rialaitheoir sonraí”). Mhínigh an t-ábhar sonraí don Choimisiún gur foilsíodh an t-alt gan fhios dó agus gan toiliú a fháil uaidh. Sula ndearna sé teagmháil leis an gCoimisiún, rinne an t-ábhar sonraí teagmháil leis an rialaitheoir sonraí chun aghaidh a thabhairt ar na húdair imní a bhí aige toisc go raibh sé den tuairim gur próiseáladh a shonraí pearsanta go neamhdhleathach. D’iarr sé go léirscriosfaí an íomhá ón nuachtán faoi Airteagal 17 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“GDPR”). Dhiúltaigh an rialaitheoir sonraí do na heilimintí uile den iarraidh ón ábhar sonraí, áfach.

Mar chuid dá scrúdú, rinne an Coimisiún idirchaid- reamh leis an rialaitheoir sonraí agus d’fhiafraigh sé de cén bunús dleathach a bhí aige faoi Airteagal 6 GDPR le sonraí pearsanta an ábhair sonraí a phróiseáil ar an mbealach atá leagtha amach sa ghearán uaidh . Dúirt an rialaitheoir sonraí leis an gCoimisiún nach raibh sé ag brath ar Airteagal 6 GDPR chun sonraí pearsanta an ábhair sonraí a phróiseáil . Dúirt sé go raibh sé ag brath ar alt 43 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (“Acht 2018”) (próiseáil sonraí agus saoirse chun tuairimí a nochtadh agus chun saorála faisnéise), is é sin gur díolmhaithe a bheidh próiseáil sonraí pearsanta chun go bhfeidhmeo- far an ceart chun saoirse chun tuairimí a nochtadh agus chun saorála faisnéise, lena n-áirítear próiseáil chun críoch iriseoireachta nó chun críoch léirithe acadúil, ealaíonta nó liteartha . Mhínigh an rialaitheoir sonraí freisin nach raibh an t-ábhar sonraí ina ábhar don alt nuachta a bhí i gceist agus go ndeachaigh roinnt mhaith blianta thart ó tógadh an grianghraf agus, dá bhrí sin, nach bhféadfaí an t-ábhar sonraí a shainaithint go héasca .

Maidir leis an iarraidh léirscriosta ón ábhar sonraí, bhí an rialaitheoir sonraí ag brath ar alt 43 d’Acht 2018 mar bhunús le diúltú don íomhá a léirscriosadh ón alt .

Tar éis dó breithniú a dhéanamh ar na heilimintí uile den ghearán seo, chinn an Coimisiún go raibh bunús dleathach ag an nuachtán faoi alt 43 d’Acht 2018 agus faoi Airteagal 85 GDPR le híomhá stairiúil an ábhair sonraí a fhoilsiú in alt nuachta .

Tugann an Coimisiún faoi deara nach ndíolmhaítear leis an díolúine iriseoireachta aon rialaitheoir sonraí ón Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ar fad ná ó na hAchtanna um Chosaint Sonraí ar fad . Ní mór do rialaitheoir sonraí aird a bheith aige ar na hoibleagáidí eile atá air faoi GDPR agus faoi Acht 2018 . Chinn an Coimisiún go ndearna an rialaitheoir sonraí próiseáil chomhréireach ar shonraí pearsanta an ábhair sonraí toisc go bhfuil an íomhá atá i gceist ina híomhá stairiúil inar féidir talamh slán a dhéanamh de le réasún nach féidir an t-ábhar sonraí a shainaithint go héasca a thuilleadh . Aithníonn an Coimisiún gurb é tríú páirtí an príomhdhuine atá i gceist leis an alt agus go luaitear sliocht as go díreach san alt . Dá bhrí sin, ní ionann an t-ábhar sonraí agus ábhar na díospóireachta .

Chuir an Coimisiún in iúl don ábhar sonraí, faoi alt 109(5) (c) d’Acht 2018, gur réasúnach a bhí an míniú a chuir an rialaitheoir sonraí ar aghaidh maidir le próiseáil a shonraí pearsanta in imthosca an ghearáin seo .