Cás-Staidéir An Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (LED)
Iarraidh Rochtana faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí – Cearta agus Srianta
Faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, a trasuíodh i ndlí na hÉireann le Codanna 5 agus 6 (ailt 69 go 104) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (an tAcht), féadfar srianta a chur ar an gceart atá ag duine aonair rochtain a fháil ar thaifid ina bhfuil sonraí pearsanta.
Féach Tuilleadh EolaisSrianta Sonraí
Fuair an DPC gearán ó dhuine aonair a mhaígh go raibh sé ina íospartach i gcoir. D’iarr an duine aonair go ndéanfadh An Garda Síochána (AGS) a shonraí pearsanta íogair a phróiseáil de réir a théarmaí áirithe, is é sin, d’iarr sé go gcuirfí cóip iomlán de thorthaí leighis na dtástálacha fóiréinseacha arna dtabhairt faoi ag Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann (FSI) ar fáil dó ar an toirt i ndiaidh do AGS na torthaí a fháil. Ina dhiaidh sin, d’iarr sé go ndéanfaí an pacáiste samplaí a scaradh, leis an iarratas seo á leasú ina dhiaidh sin do anailís ó fhiala ar leith a bheith á n-iarraidh.
Féach Tuilleadh EolaisSrianta Sonraí — ionchúisimh ar feitheamh
Déanann an DPC scrúdú ar ghearáin go minic a bhaineann le srianta a chuireann An Garda Síochána agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) i bhfeidhm mar gheall ar ionchúisimh choiriúla atá ar feitheamh. Cuimsíonn na gearáin cásanna ionsaithe ina n-iarrtar doiciméid ar nós taifid PULSE, grianghraif agus tuairiscí ó An Garda Síochána maidir leis na teagmhais, agus iarratais ar phíosaí scannánaíochta CCTV ó laistigh de stáisiúin féin An Gharda Síochána.
Féach Tuilleadh EolaisSrianta sonraí — sonraí tríú páirtí; tuairim tugtha faoi rún
Scrúdaigh an DPC cás inar chuir An Garda Síochána srianta i bhfeidhm ar rochtain ar bhonn Ailt 91(7) agus (8) den Acht um Chosaint Sonraí 2018.
Féach Tuilleadh EolaisSrianta sonraí — uireasa comhthola ó gach páirtí
I gcás amháin a scrúdaigh an DPC, chuir tuismitheoir iarratas isteach chuig An Garda Síochána chun cóipeanna de shonraí pearsanta a pháistí óga a fháil.
Féach Tuilleadh EolaisTeorannú Cuspóra
Scrúdaigh an DPC gearán mar ar mhaígh duine aonair go raibh sonraí a bailíodh i gcomhthéacs áirithe amháin forfheidhmithe dhlí á úsáid ag an rialaitheoir sonraí céanna do chuspóir eile forfheidhmithe dhlí. Bhain an gearán le hionchúiseamh duine aonair do chionta i réimse na leigheasanna eachaí agus ainmhithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara (RTBM) agus atreorú ar leith ag RTBM líomhaintí mí-iompair ghairmiúil do Chomhairle na dTréidlia (CT) maidir leis an duine céanna.
Féach Tuilleadh EolaisTreoir um Fhorfheidhmiú an Dlí
Rinne Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (GSOC) litir, ina raibh an toradh ar imscrúdú a rinne sé ar ghearán, a chur chuig seoladh nach raibh cónaí ar an ngearánach aige a thuilleadh. Fuair an Coimisiún amach gur cuireadh an litir chuig an seoladh ag a raibh cónaí ar an duine aonair nuair a rinne sé gearán roimhe le GSOC. Thug an duine aonair a bhí i gceist fógra do GSOC ina dhiaidh sin á rá nach raibh cónaí air ag an seoladh sin a thuilleadh agus nach bhféadfaí teagmháil a dhéanamh leis ach trí ríomhphost i ndáil leis an ngearán nua.
Féach Tuilleadh Eolais