Cás-Staidéir Léirscriosadh
An Ceart go nDéanfaí Léirscriosadh agus Ábhar arna Ghiniúint ag Úsáideoirí
Bhain an gearán seo le diúltú a rinne an rialaitheoir sonraí ar dtús géilleadh d’iarratas ar léirscriosadh a rinne an gearánaí, de réir Airteagail 17 GDPR. Thaisc an gearánaí a ghearán ar dtús trí Údarás Cosanta Sonraí na Spáinne, an AEPD, a d’aistrigh an gearán ina dhiaidh sin go dtí an DPC mar Phríomhúdarás Maoirseachta.
Dúirt an gearánaí gur aimníodh é, agus mar sin gur aithníodh é, i léirmheas diúltach ar a ionad oibre . Rinneadh an léirmheas a phostáil ar líne, in éineacht le híomhá pháirteach den ghearánaí . D’iarr an gearánaí go mbainfí a ainm ón léirmheas, chomh maith le haon íomhánna a bhain leis .I rith a rannpháirtíochta leis an DPC maidir leis an gceist, chuir an rialaitheoir sonraí in iúl go ndearna sé athbh- reithniú ar an ábhar a bhí i gceist i gcomhthéacs na treoirlínte príobháideachais atá aige chun ábhar a bhaint ón suíomh gréasáin agus gur mheas sé nár sháraigh an t-ábhar na treoirlínte sin. D’iarr an DPC ar an rialaitheoir sonraí an cheist a ath- bhreithniú arís, ar mhaithe leis an ngearán a réitiú go cairdiúil . Ina dhiaidh sin d’fhill an rialaitheoir sonraí ar ais le cur in iúl gur, tar éis dó athbhreithniú níos faide a dhéanamh ar an ábhar a bhí i gceist, chinn siad an phostáil léirmheasa a bhaint go hiomlán. Léiríonn an cás-staidéar seo na buntáistí atá ann, do ghearánaigh aonair, nuair a dhéanann an DPC idirghabháil tríd an bpróiseas réiteach cairdiúil . Sa chás seo, de bharr na hidirghabhála seo, bhí an gearánaí in ann a cheart go ndéanfaí léirscriosadh ar a shonraí pearsanta a fheidhmiú, mar a thugtar do dhaoine aonair faoi Airteagal 17 den GDPR.
Cás-Staidéir Léirscriosadh
An Ceart go nDéanfaí Ligean i nDearmad (Microsoft)
Bhain an gearán le míshástacht an duine aonair leis an bhfreagra a thug an Rialaitheoir Sonraí (cuideachta ilnáisiúnta teicneolaíochta) ar an iarraidh a rinne sé go ndéanfaí ligean i ndearmad de bhun Airteagal 17 GDPR. D’iarr an duine aonair go ndíliostófaí seacht n-aimsitheoir aonfhoirmeacha acmhainne (URL) a tugadh mar thorthaí nuair a cuardaíodh ainm an duine aonair ar inneall cuardaigh an Rialaitheora Sonraí. Luaigh an duine aonair go raibh a uimhir Chéannachta Náisiúnta ar áireamh sna URLanna a tugadh mar thorthaí agus bhí imní air go mbeadh sé i mbaol méadaithe goid chéannachta mar gheall ar an bhfáil a bhí ar an uimhir sin.
D’aontaigh an duine aonair agus an Rialaitheoir Sonraí araon go n-oibreodh siad leis an gCoimisiún chun féachaint leis an ní a réiteach go cairdiúil . Dhiúltaigh an Rialaitheoir Sonraí don iarraidh díliostaithe ar dtús, á rá go raibh sna URLanna faisnéis a raibh ábharthacht phoiblí ag baint léi agus go raibh an fhaisnéis foilsithe bhfeasachán oifigiúil ó chomhlacht rialtais, mar atá Rialtas na Spáinne . Rinne an Coimisiún teagmháil le hÚdarás Cosanta Sonraí na Spáinne i ndáil leis an bhfaisnéis a bhí foilsithe sna URLanna . Luaigh Údarás Cosanta Sonraí na Spáinne gur tharla sé, mar thoradh ar GDPR a thabhairt isteach, gur athraíodh dlí Cosanta Sonraí na Spáinne agus nach gceadaítear don Rialtas a thuilleadh uimhir iomlán Chéannachta Náisiúnta aon saoránach a nochtadh in aice lena gcéadainm ná lena sloinne agus gníomhartha riaracháin á bpoibliú aige . Tar éis soiléiriú a fháil ó Údarás Cosanta Sonraí na Spáinne, chuir an Coimisiún an Ri- alaitheoir Sonraí ar an eolas faoin athrú i ndlí Cosanta Sonraí na Spáinne . Bunaithe ar an athrú sin, dúirt an Rialaitheoir Sonraí go ndíliostódh sé na URLanna uile de bhun Airteagal 17 GDPR chun nach dtabharfadh siad aon torthaí nuair a chuardaítear ainm an duine aonair. Léirítear sa chás seo a thábhachtaí atá sé cumarsáid a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta eile le linn an phróisis réitigh chairdiúil . Sna himthosca seo, tugadh soiléiriú don Choimisiún maidir leis an dóigh ar athraigh an Spáinn a reachtaíocht náisiúnta ar mhaithe le GDPR a chomhlíonadh . Thug sé sin deis don Rialaitheoir Sonraí a nós imeachta reatha a oiriúnú freisin chun a chinntiú gur de réir na reachtaíochta náisiúnta nuashonraithe a láim- hseálfaí gach iarraidh a bhaineann le díliostú a dhéanamh ar URLanna ina bhfuil uimhreacha iomlána Céannachta Náisiúnta .
Cás-Staidéir Léirscriosadh
Iarrataí Rochtana agus Léirscriosta (Pinterest)
Bhain an gearán le míshástacht an duine aonair leis an bhfreagra a thug an Rialaitheoir Sonraí (cuideachta meán sóisialta) ar na hiarrataí rochtana agus léirscriosta a rinne sé de bhun Airteagal 15 GDPR agus Airteagal 17 GDPR faoi seach. Chuir an duine aonair na hiarrataí uaidh isteach tar éis a chuntas a chur ar fionraí, agus é ag iarraidh cóip a fháil dá shonraí pearsanta uile agus a shocrú go scriosfaí na sonraí sin ó chórais an Rialaitheora Sonraí. Cuireadh cuntas an duine aonair ar fionraí mar thoradh ar shárú ar bheartais turscair an Rialaitheora Sonraí. Thug an Rialaitheoir Sonraí freagra uathoibrithe ar na hiarrataí, inar luadh go ndearna sé athbhreithniú ar an gcuntas agus gur chinn sé gan an cuntas a athghníomhachtú toisc gur thug sé gníomhaíocht a sháraigh a bheartas turscair faoi deara. Mar thoradh air sin, ní raibh an duine aonair in ann a shonraí pearsanta a bhí stóráilte ar a chuntas a rochtain a thuilleadh. Mhaígh an duine aonair nach bhféadfadh an fhaisnéis sin bheith ceart toisc gurbh annamh a d’úsáideadh sé a chuntas, agus d’iarr sé freagra níos substaintiúla ar na hiarrataí rochtana agus léirscriosta uaidh.
Rinne an Coimisiún teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí . Leag sé amach na hábhair imní a bhí ag an duine aonair i ndáil leis na hiarrataí rochtana agus léirscriosta uaidh agus d’iarr sé ar an Rialaitheoir Sonraí freagra níos substaintiúla a thabhairt ar na hábhair imní sin . D’iarr an Coimisiún ar an Rialaitheoir Sonraí freisin a shonrú cé acu a tugadh nó nár tugadh deis don duine aonair achomharc a dhéanamh in aghaidh fhionraí a chuntais agus, má tugadh an deis sin dó, cur síos a dhéanamh ar an nós imeachta le haghaidh achomhairc den sórt sin . Thug an Rialaitheoir Sonraí freagra don Choimisiún á rá go ndearna sé imscrúdú ar an ní . Mhínigh sé go dtarlaíonn sé, a luaithe a chuirtear cuntas ar fionraí de dheasca sárú ar an mbeartas turscair, go seoltar gach comhfhreagras go huathoibríoch chuig a fhoireann Oibríochtaí Turscair ansin . Mhínigh an Rialai- theoir Sonraí an próiseas achomhairc agus thug sé faoi deara gur sheol an duine aonair comhfhreagras chuig an bhfoireann Oibríochtaí Turscair i ndáil leis an achomharc in aghaidh na fionraí. Níor thug an fhoireann Oibríochtaí Turscair faoi deara, áfach, go raibh sa chomhfhreagras sin freisin na hiarrataí rochtana agus léirscriosta a rinne an duine aonair . Dá bhrí sin, níor pléadh leo sin sa fhreagra uaithi . Luadh sa fhreagra ón Rialaitheoir Sonraí freisin gur tharla sé, cé gur dhiúltaigh an fhoireann Oibríochtaí Turscair don achomharc a rinne an duine aonair in aghaidh fhionraí a chuntais, go ndearnadh athbhreithniú eile ina dhiaidh sin i bhfianaise a bheartas nuashonraithe turscair . Rinne an Rialaitheoir Sonraí cuntas an duine aonair a athghníomhachtú tar éis an athbhreithnithe sin . Ghlac an Rialaitheoir Sonraí leis go raibh moill ann ar fhreagra a thabhairt don duine aonair agus dheimhnigh sé go ndearna sé bearta chun a chinntiú nach mbeadh aon mhoill eile den sórt sin ann agus freagra á thabhairt aige ar iarrataí amach anseo . Dheimhnigh an Rialaitheoir Sonraí gur thug sé freagra ar na hiarrataí rochtana agus léirscriosta ón duine aonair . Dheimhnigh sé freisin go ndearna sé teagmháil leis an duine aonair chun é a chur ar an eolas faoi na bearta a rinne sé mar fhreagra ar an gcomhfhreagras a fuarthas ón gCoimisiún agus gur thug sé na mínithe atá leagtha amach thuas don duine aonair . Thug an Coimisiún breac-chuntas don duine aonair ar na gníomhartha a rinne an Rialaitheoir Sonraí agus ar na mínithe a thug sé freisin . Dúirt an duine aonair leis an gCoimisiún go raibh sé sásta leis na gníomhartha a rinne an Rialaitheoir Sonraí mar fhreagra ar an gcomh- fhreagras ón gCoimisiún toisc gur chumasaigh siad dó a shonraí a íoslódáil agus a chuntas a scriosadh . Léirítear sa chás-staidéar seo cé chomh minic agus is féidir le nithe simplí — amhail gearán a chur ar aghaidh chuig an aonad mícheart — a éirí ina ngearáin chosanta sonraí mura mbainistítear an ní go cuí nuair a fhaigheann an fhoireann seirbhíse do chustaiméirí an gearán.
Cás-Staidéir Léirscriosadh
An Ceart go nDéanfaí Ligean i nDearmad (Microsoft)
Bhain an gearán le míshástacht an duine aonair leis an bhfreagra a thug an Rialaitheoir Sonraí (cuideachta ilnáisiúnta teicneolaíochta) ar an iarraidh a rinne sé go ndéanfaí ligean i ndearmad de bhun Airteagal 17 GDPR. D’iarr an duine aonair go ndíliostófaí seacht n-aimsitheoir aonfhoirmeacha acmhainne (URL) a tugadh mar thorthaí nuair a cuardaíodh ainm an duine aonair ar inneall cuardaigh an Rialaitheora Sonraí. Dheimhnigh an Rialaitheoir Sonraí don duine gur díliostáladh na URLanna. Mar sin féin, léirigh cuardach ar ainm an duine aonair, a rinne a n-ionadaí dlíthiúil, gur leanadh de na URLanna a sheoladh ar ais. Rinne an CCS athbhreithniú ar na URLanna nuair a fuair sé an gearán agus dheimhnigh sé go raibh na URLanna fós á gcur ar ais.
Rinne an CCS idirghabháil chun iarracht a dhéanamh an cheist a réiteach go tapa agus go neamhfhoirmiúil . Rinne an CCS comhfhreagras leis an Rialaitheoir Sonraí agus thug sé faoi deara, in ainneoin deimhnithe go raibh na URLanna díliostaithe, lean siad orthu ag filleadh agus ainm an duine á chuardach . Rinne an Rialaitheoir Sonraí imscrúdú breise ar an iarratas agus dheimhnigh sé don CCS go raibh na URLanna díliostaithe anois . Tar éis don CCS tuilleadh imscrúdaithe, cinneadh cé nach raibh na URLanna bunaidh a iarradh le díliostú le feiceáil a thuilleadh, go raibh URL difriúil le feiceáil anois, difriúil ó na URLanna eile, á atreorú chuig an ábhar céanna . Dhílio- staigh an Rialaitheoir Sonraí an URL seo freisin ar iarratas a rinne an CCS thar ceann an duine aonair . Scríobh an CCS chuig an duine aonair agus thug sé breac-chuntas ar ghníomhartha an Rialaitheora Sonraí . Dheimhnigh an CCS go raibh gach ceann de na trí URL díliostaithe ag an Rialai- theoir Sonraí . Léiríonn an cás seo a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh Údaráis Mhaoirseachta, sa chás seo an CCS, a gcuid imscrúduithe féin agus a chinntiú go comhlíontar iarratais daoine aonair i gcomhréir leis an GDPR . Is sampla é an méid thuas den chaoi ar ghlac an CCS bearta breise lena chinntiú go bhféadfadh an duine aonair toradh sásúil a bhaint amach go cuimsitheach, seachas a bheith air gearán nua a chur isteach maidir leis an URL nua .
Cás-Staidéir Léirscriosadh
Iarratas ar dhíliostú a rinneadh chuig inneall cuardaigh idirlín
Rinne ábhar sonraí gearán in aghaidh inneall cuardaigh idirlín maidir leis an bhfreagra ón inneall cuardaigh i ndáil lena iarratas ar dhíoliostú. Bhain an gearán le dhá URL a tháinig aníos i ndiaidh ainm an duine aonair a chuardach ar an inneall cuardaigh. Le linn an gearán seo bheith á láimhseáil, chuir an duine aonair URL amháin eile san áireamh a raibh sé ag iarraidh ar an inneall cuardaigh é a dhíoliostú.
Is iad na critéir atá le cur i bhfeidhm ag innill chuardaigh nach mór díoliostú tarlú má tá na torthaí neamhábhartha, uireasach nó iomarcach . Ní mór don inneall cuardaigh beart cothromaithe a dhéanamh de réir an cháis ina n-aimsítear cothromaíocht idir cearta rochtana agus cearta na ndaoine aonair sin a gcuireann torthaí cuardaigh isteach orthu .
Ar dtús, chuaigh an duine aonair i dteagmháil leis an inneall cuardaigh chun díoliostú na URLanna a lorg mar gheall gur áitigh an duine aonair go raibh ábhar clúmhill- teach sna URLanna, agus go raibh sé neamhdhleathach iad a phróiseáil, agus go raibh na URLanna ag cur isteach ar shaol príobháideach agus gairmiúil an duine aonair mar gheall ar an ábhar a bhí iontu . Dhiúltaigh oibritheoir an innill chuardaigh na URLanna a dhíoliostú toisc gur bhain siad le faisnéise maidir le saol gairmiúil an duine aonair agus go raibh leas poiblí i gceist teacht a bheith ar an bhfaisnéis seo .
Chuaigh an DPC i dteagmháil le hoibritheoir an innill chuardaigh maidir lena ndiúltú díliostú a dhéanamh . Bhrait oibritheoir an innill chuardaigh ar leas dlisteanach tríú páirtithe teacht a bheith acu ar an bhfaisnéis sna URLanna . Ní dheachaigh an duine aonair i mbun aon imeachtaí clúmhillte in aghaidh na daoine a d’fhoilsigh an t-ábhar ábhartha ar dtús agus dá bharr sin, níorbh fhéidir cinneadh críochnúil a dhéanamh maidir leis an gceist cé acu a bhí nó nach raibh ábhar sna URLanna clúmhillteach . Mar sin féin, le linn don ghearán bheith á láimhseáil ag an DPC, dhíliostáil oibritheoir an innill chuardaigh na URLanna in Éirinn amháin bunaithe ar argóintí clúmhillte an duine aonair . Lean an duine aonair dá ghearán DPC ag lorg díliostú ar fud na hEorpa agus ní in Éirinn amháin. Chomh maith leis sin, dhíghníomhachtaigh an máistir gréasáin na leathanaigh ghréasáin atá mar bhunús leis an URLanna le linn an gearán seo a láimhseáil .
Luaitear in Airteagal 17(3)(a) den GDPR nach mbeidh feidhm leis an gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad i gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta riachtanach “chun an ceart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a fheidhmiú” . Agus an gearán seo á iniúchadh thug an DPC ar aird go mbaineann an fhaisnéis atá sna leathanaigh gréasáin — ábhar ghearán an duine aonair — lena iompar gnó roimhe seo atá ábhartha dá shaol gnó . Tá an duine aonair gníomhach sa réimse agus gníomhaíocht ghairmiúil céanna i gcónaí . Ghlac an duine aonair lei sin trí áitiú go raibh an t-ábhar ag cur isteach ar a shaol gairmiúil . D’áitigh an duine aonair go raibh an t-ábhar míchruinn toisc go raibh sé clúmhillteach . Thug an DPC ar aird go raibh formhór den ábhar a ndúirt an duine aonair go raibh sé míchruinn ina postáil blag agus tráchtanna ó tríú páirtithe agus gur bhain sé lena ghníomhaíochtaí gairmiúla; agus ar léir gur tuairimí tráchtairí tríú páirtí a bhí iontu . Chinn an DPC dá mba rud é go measfadh tríú páirtí na leathanaigh ghréasáin bheith mar ábhar an ghearáin seo, bheadh sé soiléir gur dúradh na tráchtanna mar ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí agus go mbeidís ina dtuairimí tríú páirtí seachas fíoras dearbhaithe . Ní hé an ról atá ag inneall cuardaigh agus liostú á dhéanamh tuairimí tríú páirtithe a cheistiú nó cinsireacht a dhéanamh orthu seachas sa chás go bhfuil liostú ina chúis leis an inneall cuardaigh bheith ag próiseáil sonraí atá neam- hábhartha, uireasach nó iomarcach . Chinn an DPC, i bhfianaise ról gnó an duine aonair agus a ról sa saol poiblí mar gheall ar a shaol gairmiúil, go bhfuil leas poiblí i gceist le teacht a bheith ar faisnéis maidir lena shaol gairmiúil laistigh den Aontas .
Scríobh an DPC chuig an duine aonair faoi alt 109(5)(b) den Acht 2018 agus caitheadh amach gearán an duine aonair bunaithe ar na gnéithe thuas .
Cás-Staidéir Léirscriosadh
Coimeád sonraí pearsanta duine atá faoi aois ag Gníomhaireacht Stáit
Sa chás seo, bhí iarratas déanta ag gearánaigh an cháis roimhe seo go scriosfadh gníomhaireacht stáit Éireannach comhad a bhain le heachtra ar scoil ina raibh a leanbh óg páirteach, agus a cuireadh in iúl don ghníomhaireacht sa chéad dul síos. Cé go raibh cinneadh déanta ag an nGníomhaireacht nár ghá tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar an eachtra, dhiúltaigh sí sonraí pearsanta an duine faoi aois a scriosadh — ag tabhairt le fios go gcoimeádtar a leithéid de chomhaid go dtí go mbaineann an duine faoi aois faoi thrácht aois 25 bliana amach.
Rinne an DPC iarratas go dtabharfadh an ghníomhaireacht stáit achoimre ar an mbonn dlí a bhí acu chun sonraí pearsanta an duine faoi aois a choimeád . Sholáthair an ghníomhaireacht an méid sin agus luaigh sí a polasaí coimeádta faoi mar atá dearbhaithe do na gearánaigh, ach níor mheas an DPC go raibh lántréimhse choimeádta infheidhme sna cúinsí ar leith .
Chuir an DPC an dá pháirtí ar an eolas faoin bpróiseas réitigh chairdiúil agus dúirt siad beirt go raibh siad toilteanach tabhairt faoina leithéid . Tar éis do na gearánaigh agus don rialaitheoir teagmháil a dhéanamh lena chéile arís agus arís eile chun an cheist a phlé, dheimhnigh an ghníomhaireacht stáit do na gearánaigh go scriosfaí an comhad ina raibh sonraí pearsanta a linbh le fáil .
Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann
Iarraidh ar Dhíliostú de bhun Airteagal 17 RGCS
Trí mheicníocht an tSiopa Ilfhreastail (OSS), fuair an Coimisiún gearán maidir le hiarraidh ar ‘Cheart go nDéanfaí Ligean i nDearmad’ a cuireadh isteach chuig cuideachta teicneolaíochta ilnáisiúnta mhór de bhun Airteagal 17 RGCS. D’iarr an duine aonair go ndíliostófaí trí aimsitheoir aonfhoirmeacha acmhainne (URL) a tugadh mar thorthaí ar inneall cuardaigh an Rialaitheora Sonraí nuair a cuardaíodh ainm an duine aonair. Bhain na URLanna i gceist le gnólacht atá díchláraithe anois de chuid an duine aonair. Bhíothas in ann uimhir theileafóin phearsanta agus seoladh cónaithe an duine aonair a fheiceáil trí na URLanna i gceist (ós rud é gur oibrigh an duine aonair a ghnólacht roimhe ag an seoladh céanna).
Chuir an duine aonair an iarraidh uaidh isteach, mar aon le cóip a bhí curtha in eagar dá aitheantas mar fhíorú. Mar fhreagra uaidh ar an iarraidh díliostaithe ón duine aonair, luaigh an Rialaitheoir Sonraí nach raibh an t-aitheantas a sholáthair an duine aonair inléite. Mar sin féin, ní raibh an chuma air gur bhreithnigh an Rialaitheoir Sonraí an iarraidh shubstainteach í féin agus nár mhínigh sé cé acu a bhí nó nach raibh amhras réasúnach aige maidir le céannacht an duine aonair, ná cé chomh mór is a bhí an t-amhras réasúnach sin, sa chaoi is gur ghá an iarraidh a dhéanamh ar fhaisnéis phearsanta bhreise. Ní raibh an duine aonair sásta leis an bhfreagra ón Rialaitheoir Sonraí agus rinne sé gearán ina dhiaidh sin le hÚdarás Cosanta Sonraí na Baváire (an tÚdarás Maoirseachta lenar Bhain), a d’aistrigh an gearán chuig an gCoimisiún.
Mar fhreagairt don imscrúdú ón gCoimisiún, d’athbhreithnigh an Rialaitheoir Sonraí an iarraidh ón duine aonair agus, tar éis dó an fhaisnéis a soláthraíodh i dteannta na hiarrata a bhreithniú maidir leis na sonraí pearsanta a cuimsíodh sna URLanna, chinn an Rialaitheoir Sonraí gurbh incháilithe lena ndíliostú a bhí na URLanna a ndearnadh gearán fúthu. Mar thoradh air sin, dhíliostaigh an Rialaitheoir Sonraí na URLanna ó na torthaí a thagann i láthair nuair a chuardaítear ainm an duine aonair agus thug sé fógra ina thaobh sin don duine aonair go díreach. Luaigh an Rialaitheoir Sonraí gurbh amhlaidh, dá mba rud é go raibh ag an duine aonair aon URLanna eile nó aon téarmaí cuardaigh eile ba mhaith leis a chur isteach chun críocha aon iarrata díliostaithe, ba é an modh ab éifeachtúla agus ab éifeachtaí chun é sin a dhéanamh ná a fhoirm ar líne a úsáid.
Thug an duine aonair freagra don Choimisiún ina dhiaidh sin chun a dheimhniú go raibh sé sásta leis na gníomhartha a rinne an Rialaitheoir.
Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Vodafone Ireland Limited
I mí Iúil 2021, fuair an Coimisiún gearán amháin ó dhuine aonair maidir le glao teileafóin margaíochta gan iarraidh a fuarthas ó Vodafone Ireland Limited. Agus é ag tabhairt freagra ar an imscrúdú ón gCoimisiún ar an ngearán, mhínigh Vodafone Ireland Limited gur roghnaigh an custaiméir seo gan cumarsáidí margaíochta a fháil i mí an Mhárta 2018. Ina ainneoin sin, rinne Vodafone Ireland Limited seiceáil de láimh ar shainroghanna pearsanta sular sheol sé feachtas margaíochta agus, mar gheall ar earráid dhaonna, cuireadh an gearánach ar áireamh san fheachtas margaíochta.
Rinne an Coimisiún Vodafone Ireland Limited a ionchúi- seamh sna blianta 2021, 2019, 2018, 2013 agus 2011 i leith Rialachán 13 de na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach a shárú i ndáil le gearáin roimhe sin. Dá réir sin, chinn an Coimisiún ionchúi- seamh eile a sheoladh de bhun an ghearáin seo. Ag Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 27 Meitheamh 2022, phléadáil Vodafone Ireland Limited ciontach i gcúiseamh amháin faoi Rialachán 13(6) de na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach. Chuir an Chúirt Dúiche an Probation of Offenders Act, 1907, i bhfeidhm sa chás seo, agus síntiús carthanúil €500 á thabhairt do Little Flower Penny Dinners. D’aontaigh Vodafone Ireland Limited costais dlí an Choimisiúin a ghlanadh.
Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann
Rún Cairdiúil ar Ghearán Trasteorann maidir le hIarratas Cirt chun Scriosta
Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair maidir le láimhseáil iarratas scriosta faoi Airteagal 17 RGCS. Bhí iarraidh léirscriosta déanta ag an duine aonair sin chun go léirscriosfadh rialtóir a chuntas agus aon sonraí pearsanta iartheachtacha ar leis iad. Luaigh an duine aonair sa chomhfhreagras a sheol sé chuig an gCoimisiún freisin gur chaill sé rochtain ar an gcuntas a bhí i gceist agus, dá bhrí sin, nach raibh sé in ann an cuntas a scriosadh as a stuaim féin trí úsáid a bhaint as uirlis féinscriosta rialtóir mar gheall ar neamh-inrochtaineacht. Thaisc an duine aonair an gearán uaidh le Meta go díreach ar dtús, ach bhí sé míshásta leis an bhfreagra a thug rialtóir ar an iarraidh uaidh. Mar sin, rinne an duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún maidir lena ábhair imní, agus cabhair á lorg chun léirscriosadh an chuntais agus na sonraí pearsanta gaolmhara a fháil.
Shainaithin an Coimisiún an gearán a bheith ina ghearán a d’fhéadfaí a réiteach go cairdiúil faoi alt 109(2) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Thosaigh an Coimisiún scrúdú ar an ngearán trí theagmháil a dhéanamh le rialtóir agus trí mhionsonraí an ghearáin a leagan amach.
Sa fhreagra uaidh chuig an gCoimisiún, luaigh Meta go raibh an chuma air nach raibh an duine aonair in ann a chuntas a rochtain, mar a mhaígh an duine aonair sa ghearán uaidh. Chun cabhrú leis an duine aonair an cuntas a bhí i gceist a scriosadh, rinne Meta teagmháil leis an duine aonair go díreach de bharr an chaidrimh leis an gCoimisiún, agus cabhraigh sainfhoireann Meta leis an duine aonair rochtain ar a chuntas a fháil ar ais. D’fhág sé sin go raibh an duine aonair in ann ansin tús a chur leis an bpróiseas um a chuntas agus a shonraí pearsanta gaolmhara a fhéinscriosadh. Chuir an duine aonair in iúl don Choimisiún ina dhiaidh sin go raibh a ghearán réitithe.
Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann
Réitíodh go Cairdiúil Gearán Trasteorann a bhain le hIarraidh ar Chuideachta Airgeadais ar Líne ar an gCeart go nDéanfaí Léirscriosadh
Bhain an gearán seo le hiarraidh léirscriosta a rinne duine aonair sa Ghearmáin ar chuideachta airgeadais ar líne atá lonnaithe in Éirinn de bhun Airteagal 17 RGCS. Thaisc an duine aonair an gearán uaidh ar dtús trí Údarás Cosanta Sonraí na Réine Thuaidh-Westphalia, a tharchuir an gearán ansin chuig an gCoimisiún mar Phríomhúdarás Maoirseachta.
Fuair an duine aonair diúltú ón gcuideachta géilleadh don iarraidh uaidh go scriosfaí a shonraí pearsanta ó bhunachar sonraí na cuideachta. Chuir an chuideachta in iúl don iarrthóir go raibh oibleagáid dhlíthiúil uirthi lenar ceanglaíodh uirthi na sonraí a choinneáil, de réir Airteagal 17(3)(b) RGCS. Chuir an duine aonair ábhair imní in iúl sa ghearán uaidh toisc nár sholáthair an chuideachta tuilleadh faisnéise maidir leis an mbunús lena diúltú géilleadh don iarraidh uaidh ná faisnéis maidir le cá fhad a choinneodh sí a shonraí.
Tar éis dó an gearán a fháil, rinne an Coimisiún caidreamh leis an gcuideachta. Le linn an chaidrimh sin, fuarthas amach go raibh an chuideachta ina heintiteas rialáilte airgeadais ar ceanglaíodh uirthi leis an dlí na sonraí pearsanta a bhaineann le cuntais dhúnta a choinneáil ar feadh tréimhse seacht mbliana agus gurb amhlaidh, ar dhul in éag don tréimhse sin, a scriosann sí na sonraí pearsanta a bhaineann le cuntas dúnta. Mar chuid den phróiseas réitigh chairdiúil, dheimhnigh an chuideachta an dáta ar a scriosfaí sonraí an duine aonair agus dheimhnigh sí go mbeadh sonraí pearsanta an duine aonair á gcumhdach go dtí an uair sin a d’fhéadfadh sí an iarraidh léirscriosta a chomhlíonadh.
Chuir an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl don duine aonair trí Údarás Cosanta Sonraí na Réine Thuaidh-Westphalia. Thug an duine aonair freagra, á dheimhniú gur réitíodh an gearán cosanta sonraí uaidh leis an bhfaisnéis a sholáthair an Coimisiún, agus ghabh sé buíochas leis an gCoimisiún as a chabhair maidir leis an ní a réiteach.