Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Nochtadh ráiteas cuntais ag banc don ionadaí le sealbhóir comhchuntais
Bhí comhchuntas bainc le ball teaghlaigh ag an ngearánach sa chás seo. Ag teacht sna sála ar iarraidh a fháil ó aturnaetha an tsealbhóra eile den chomhchuntas, nocht an banc (an rialaitheoir sonraí) cóipeanna de ráitis bhainc a bhaineann leis an gcuntas, lenar áiríodh sonraí pearsanta an ghearánaigh, do na haturnaetha sin. Bhí imní ar an ngearánach nár chomhlíon an nochtadh sin an dlí um chosaint sonraí.
Le linn don Choimisiún déileáil leis an ngearán seo, leag an banc amach a sheasamh go bhfuil aon sealbhóir comhchuntais i dteideal mionsonraí agus faisnéis idirbhirt an chomhchuntais ina iomláine a rochtain . Bhí an banc den tuairim freisin gurb amhlaidh, maidir le haturnaetha atá ag gníomhú thar ceann a chustaiméirí, gur leor dó glacadh le deimhniú i scríbhinn ó aturnae ar a pháipéar ceannteidil á rá go ngníomhaíonn an t-aturnae thar ceann an chustaiméara mar údarás chun go bhféadfaidh an banc caidreamh a dhéanamh leis an aturnae ina cháil mar ionadaí leis an gcustaiméir de chuid an bhainc. Ceanglaítear leis an dlí um chosaint sonraí go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhailiú nó a fháil chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus nach ndéanfaí iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin (prionsabal an “teorannaithe de réir cuspóra”); Sa chás seo, thug an Coimisiún faoi deara go bhfuair an banc sonraí pearsanta an ghearánaigh chun an comhchuntas a bhí ag an ngearánach leis an sealbhóir eile den chuntas a riar, lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéanamh, faisnéis idirbhirt a bhailiú agus ráitis bhainc a ullmhú. Chonacthas don Choimisiún go raibh sé comhsheasmhach leis na téarmaí agus coinníollacha a leag an banc síos don chomhchuntas agus le treoracha sínithe an tsealbhóra cuntais ar an gcuntas (lena gceadófaí do cheachtar páirtí síniú le haghaidh idirbheart gan toiliú a fháil ón sealbhóir eile den chuntas) go bhféadfadh sealbhóir amháin den chuntas riar an chuntais a chur i gcrích gan toiliú a fháil ón sealbhóir eile. Ina fhianaise sin, mheas an Coimisiún, maidir le nochtadh ráiteas bainc d’aturnaetha an tsealbhóra eile den chomhchuntas, nach raibh sé sin ar neamhréir leis an gcríoch shonraithe fhollasach dhlisteanach ar chuici a fuair an banc sonraí pearsanta an ghearánaigh, i .e ., chun an comhchuntas a riar. Ar an dara dul síos, bhreithnigh an Coimisiún cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag an mbanc do shonraí pearsanta an ghearánaigh a nochtadh, faoi mar a cheanglaítear faoin dlí um chosaint sonraí. Chuige sin, ba dheimhin leis an gCoimisiún go raibh an banc i dteideal brath ar bhunús dleathach na “leasanna dlisteanacha”, rud lena gceadaítear sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir sonraí nó ag tríú páirtí. Sa chás seo, nocht an banc sonraí pearsanta an ghearánaigh ar an mbonn go raibh an t-aturnae ag gníomhú thar ceann an tsealbhóra eile den chomhchuntas agus go raibh sé ag lorg na ráiteas chun críocha dlisteanacha, eadhon, iniúchadh a dhéanamh ar ghnóthaí airgeadais an tsealbhóra eile den chuntas. In imthosca inarb amhlaidh, de bhun na dtreoracha sínithe ar an gcuntas, a bheadh an sealbhóir eile den chuntas i dteideal an cuntas a riar, ba dheimhin leis an gCoimisiún nach raibh aon chúis ag an mbanc lena chreidiúint nach mbeadh aon údar leis an nochtadh trí bhíthin aon dochar a dhéanamh do chearta bunúsacha nó saoirí bunúsacha an ghearánaigh. Dá réir sin, mheas an Coimisiún go raibh bunús dleathach ag an mbanc don nochtadh, is cuma cé acu a thug an gearánach toiliú nó nár thug. Sa deireadh, bhreithnigh an Coimisiún cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an banc na hoibleagáidí atá air faoin dlí um chosaint sonraí maidir le bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla a dhéanamh chun sonraí pearsanta a chosaint ar nochtadh neamhúdaraithe nó neamhdhleathach. Chuige sin, ghlac an Coimisiún le seasamh an bhainc, atá leagtha amach sna beartais uaidh, go raibh sé cuí glacadh le deimhniú i scríbhinn ó aturnae á rá go raibh sé údaraithe chun gníomhú thar ceann sealbhóir cuntais, gan aon chruthúnas breise a iarraidh. Maidir le beartas an bhainc ina leith sin, bhí sé bunaithe ar an bhfíoras go mbíonn dualgais ghairmiúla ar aturnae mar oifigeach de chuid na cúirte agus mar bhall de ghairm rialáilte.
Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Nochtadh Sonraí Íogaire
Rinne duine aonair gearán leis an CCS gur nocht Comhlacht Éadaí agus Bia a gcuid faisnéise liachta pearsanta trí chomhfhreagras poist a eisiúint leis na focail “Coeliac Mailing” priontáilte ar an taobh amuigh den chlúdach. Mar chuid d’áis Chárta Luach Stórais, shínigh an duine i gceist le ‘Deimhniú Bliantúil Caiteachais’ a fháil táirgí saor ó ghlútan a ceannaíodh i rith na bliana, a d’fhéadfaí a úsáid chun críocha cánach. Chuir an CCS in iúl don Store, faoi Airteagal 9 den GDPR, go meastar sonraí sláinte a bheith ina sonraí íogaire agus go dtugtar cosaint bhreise dóibh agus go gcaithfí na focail “Cóeliac Mailing” a thaispeáint i bhfianaise an Airteagail 9 den GDPR. Mar fhreagra air sin, chuir an Store in iúl don CCS gur threoraigh sé dá roinn margaíochta scor den fhoclaíocht seo a úsáid ar an taobh amuigh de clúdaigh do gach post amach anseo. Fáiltíonn an CCS roimh thoradh dearfach na rannpháirtíochta seo.
Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Nochtadh Gan Toiliú
Rinne duine aonair gearán leis an gCoimisiún á rá go ndearna an Biúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) a mhionsonraí pearsanta airgeadais a nochtadh, gan toiliú a fháil uaidh, do roinnt daoine aonair ar ina n-aghaidh a thionscain CAB imeachtaí dlí. Chuir CAB in iúl don Choimisiún gur faoi na hAchtanna um Fháltais ó Choireacht, 1996 go 2016, a tionscnaíodh na himeachtaí a bhí i gceist. Is é an cuspóir atá leis na hAchtanna sin sainaithint agus coigistiú a dhéanamh ar mhaoin ar suíodh chun sástacht na hArd-Chúirte gurb iad na fáltais ó choireacht iad. Luaigh CAB go raibh an fhaisnéis a bhí sna doiciméid ábhair ag teastáil chun foinse na maoine a bhí ina hábhar do na himeachtaí a shuí. Leag CAB amach go raibh sonraí pearsanta an duine aonair a bhí i gceist fite fuaite i sonraí pearsanta na ndaoine aonair a bhí á n-ionchúiseamh agus nach bhféadfaí na sonraí sin a cheilt ó na doiciméid chúirte. Thug an Coimisiún faoi deara go rialaítear imeachtaí den sórt sin le halt 158(1) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (an tAcht), lena bhforáiltear go bhféadfar srian a chur le GDPR agus leis an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, mar atá trasuite san Acht, chun cosaint neamhspleáchais bhreithiúnaigh agus imeachtaí breithiúnacha a chinntiú.
Mar atá leagtha amach in alt 101(2) den Acht, níl an Coimisiún inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála sonraí na gcúirteanna le linn dóibh gníomhú ina gcáil bhreithiúnach. Chuir an Coimisiún in iúl don ghearánach gur ullmhaigh CAB na doiciméid chúirte chun críocha imeachtaí cúirte agus go sanntar do bhreitheamh a ceapadh de bhun alt 157 den Acht an dualgas chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála sonraí na gcúirteanna le linn dóibh gníomhú ina gcáil bhreithiúnach.
Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Easpa bearta slándála cuí nochtadh neamhúdaraithe i dtimpeallacht ionad oibre
Fuair an DPC gearán maidir le fostóir, ar chuideachta déantúsaíochta a bhí inti, inar maíodh go raibh a fhaisnéis phríobháideach, lena n-áirítear coinní le dochtúir na cuideachta, sonraí maidir le héileamh ar dhíobháil phearsanta a bhí á dhéanamh i gcoinne na cuideachta agus sonraí maidir le próiseas smachta a rinneadh i gcoinne an ghearánaigh curtha ar ‘C-Drive’ comhroinnte na cuideachta, go raibh teacht ag duine ar bith laistigh den chuideachta uirthi, agus gur fágadh cóip de na sonraí ar CD-ROM ar dheasc an ghearánaigh.
Tháinig sé chun solais le linn an gearán a iniúchadh gur úsáideadh roinnt ríomhairí san ionad oibre chun teacht ar na sonraí sa tiomántán comhroinnte, ar luaigh an chuideachta go ndearnadh é a íoslódáil, a chóipeáil nó a sheoladh chuig seoladh ríomhphoist sheachtrach. Thug an eagraíocht le fios go ndearnadh imscrúdú ar an teagmhas, agus gur foirceannadh fostaíocht bheirt fhostaithe, a aithníodh go raibh ról suntasach acu sa teagmhas, agus gur cuireadh An Garda Síochána ar an eolas faoin teagmhas.
Chuir an chuideachta an DPC ar an eolas faoin teagmhas sáraithe inar leagadh amach na sonraí ar leith a raibh teacht ag beirt fostaithe ar a laghad orthu agus ar bhreathnaigh siad orthu. Luadh go raibh na sonraí á n-aistriú go hinmheánach óna rannóg Acmhainní Daonna (HR) chuig a rannóg Dlí toisc go raibh duine dá fostaithe HR a tí imeacht. Le linn an aistrithe, bhí líon mór de chomhaid leictreonacha a bhain le cásanna dlí ina raibh líon mór daoine aonair i gceist a raibh teacht ag líon mór d’fhostaithe orthu agus a bhí in ann breathnú orthu ar fostaithe iad nach mbeadh teacht acu orthu seo de ghnáth.
Bunphrionsabail den dlí maidir le cosaint sonraí is ea bearta a chur i bhfeidhm chun sonraí pearsanta a chosaint agus a dhaingniú, go háirithe ó thaobh cinnte a dhéanamh de nach bhfuil teacht neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta nó nach scriosta sonraí pearsanta. Maidir leis an ngearán áirithe seo, thug an DPC faoi deara sa chéad áit go raibh cuid den fhaisnéis i ndáil leis an ngearánach a nochtadh mar chuid den sárú ar shonraí ina faisnéise an-íogair, agus arbh ionann é agus “sonraí catagóire speisialta”, i gcúinsí ina n-áirítear le sonraí catagóire speisialta faisnéis maidir le “sonraí maidir le sláinte nó sonraí maidir le saol gnéis duine nádúrtha”. Áiríodh leis an bhfaisnéis (de shamplaí a cuireadh ar fáil don oifig seo) sonraí maidir le coinní le dochtúir na cuideachta inar nochtadh faisnéis an-phearsanta agus an-íogair maidir le folláine coirp, meabhairshláinte agus cúinsí pearsanta an ghearánaigh. Luadh go raibh an fhaisnéis seo á coinneáil ag an gcuideachta i gcomhthéacs imeachtaí/éilimh dlí a ghlac an duine aonair. I bhfianaise cineál na faisnéise seo, bhí freagracht sách mór ar an gcuideachta a chinntiú nach mbeadh teacht ar fhaisnéis dá leithéid ach ag daoine a raibh teacht ar an bhfaisnéis sin ag teastáil uathu ionas go bhféadfadh siad an fhaisnéis sin a rochtain agus a phróiseáil.
Ba é an tsaincheist a bhain leis an ngearán seo ná comhaid ina raibh sonraí pearsanta an ghearánaigh bheith á gcur ar thiomántán comhroinnte a raibh teacht ar gach fostaí orthu. Bhreithnigh an DPC nár tugadh aird chuí d’íogaireacht na faisnéise san comhaid agus do na riosca a bhain le hiad a chur ar fáil d’fhostaí ar bith sa chuideachta, fiú sa chás nach raibh i gceist ach tréimhse anghearr. Is cosúil gur cúiseanna pragmatacha a bhí i gceist leis an gcinneadh na comhaid a aistriú chuig tiomántán comhroinnte, i .e . dhearbhaigh an chuideachta gur cuireadh é i gcrích ar an mbealach seo toisc go raibh na comhaid ró-mhór le hiad a sheoladh trí ríomhphost. Mar sin féin, níor thug sé sin údar leis na comhaid a chur in áit ina bhféadfadh duine ar bith sa chuideachta teacht a bheith acu orthu, go háirithe mar gheall ar an riosca go ndéanfaí dochar don ábhar sonraí dá mbeadh comhghleacaithe leo in ann faisnéis an-phearsanta agus an-íogair a fháil amach nach mbeadh an gearánach, ar bhealach sách dlisteanach, ag iarraidh nó ag súil go mbeadh sí ar eolas ag fostaithe eile, ach amháin a mhéid go raibh fíorghá ann go mbeadh sé ar eolas ag líon teoranta d’fhostaithe maidir le himeachtaí/ éilimh dlí idir an t-ábhar sonraí agus a fhostóir. Anuas air sin, bhí roinnt roghanna eile ann maidir leis na comhaid a aistriú chuig an rannóg Dlí nach mbeadh an riosca céanna ag baint leo do shábháilteacht na sonraí pearsanta, lena n-áirítear na comhaid a chur ar fhillteán, bíodh sé ar an tiomántán comhroinnte nó ná bíodh ina raibh rochtain srianta do líon teoranta daoine aonair. Níor tugadh aon údar leis na comhaid a chur ar an tiomántán comhroinnte a raibh teacht gan srian ag fostaithe eile orthu mar gheall ar roghanna eile a d’fhéadfadh níos mó ama bheith i gceist leo nó a d’fhéadfadh bheith níos deacra.
Bhí an méid a tharla mar gheall ar chliseadh na sonraí pearsanta a chosaint sa chás seo suntasach a bhí ina chúis leis an duine aonair bainteach bheith ag cur imeachtaí dlí in aghaidh na cuideachta, beirt fostaithe fadtéarmacha bheith briste as a bpost gan trácht a dhéanamh ar an tionchar a imríodh ar an duine aonair a nochtadh a chuid sonraí.
Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Nochtadh neamhúdaraithe i dtimpeallacht ionad oibre
Mhaígh an gearánach go raibh a shonraí pearsanta inrochtana ag daoine neamhúdaraithe, lena n-áirítear iarchomhghleacaithe agus tríú páirtithe seachtracha, mar gheall ar phróiseáil neamhshlán a rinne a iarfhostóir.
Bhí an gearánach i mbun díospóid dhlíthiúil leis an gcuideachta mar thoradh ar a dhífhostú. D’ullmhaigh an chuideachta doiciméid i ndáil leis an ndíospóid sin, lena n-áirítear tuarascáil ar imscrúdú inmheánach agus aighneacht dlí a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC). Cé nach raibh mórán de shonraí pearsanta an ghearánaigh san aighneacht chuig an WRC, bhí go leor sonraí sa tuarascáil ar imscrúdú.
Thart ar mhí amháin sula ndearna an gearánach teagmháil ar dtús leis an DPC, chuir an cuideachta an DPC ar an eolas maidir le sárú ar shonraí. Luadh san fhógra gur stóráladh an aighneacht WRC gan mhachnamh i gcomhad a raibh teacht ag na fostaithe ar fad air, seachas i gcomhad nach raibh teacht ach ag baill foirne HR údaraithe air. Tugadh an earráid faoi deara agus ceartaíodh é dhá lá ina dhiaidh sin, agus chuir an chuideachta an DPC ar an eolas go gairid ina dhiaidh sin. Níor taifeadadh ar chórais na cuideachta cibé, cén uair nó cén duine a d’fhéadfadh an aighneacht WRC a rochtain, nó cibé ar cóipeáladh nó ar priontáladh í.
Sa ghearán, mhaígh an gearánach nach ndeachaigh na sárú i gcion ar an aighneacht WRC amháin, ach go ndeachaigh sé i gcion ar an tuarascáil ar imscrúdú inmheánach, agus go raibh teacht orthu seo ó gach chuid d’inlíon na cuideachta, lena n-áirítear gaireas a d’fhéadfadh fostaithe agus cuairteoirí chuig áitreabh na cuideachta a úsáid. Chuir an gearánach ráitis isteach ó iar-chom- hghleacaithe a chuir síos ar theacht a bheith acu ar dhoiciméid maidir le “an t-imscrúdú inmheánach.” Shéan an chuideachta go raibh teacht ag daoine neamhúdaraithe ar an tuarascáil ar imscrúdú inmheánach in am ar bith. Chomh maith leis sin, d’áitigh an chuideachta gurbh amhlaidh go raibh teacht míchuí ar an aighneacht WRC ar feadh achar gairid ar inlíon na cuideachta, ach nach raibh sé sa chuid sin den inlíon a raibh teacht air ag daoine nár fostaithe iad.
Thug an DPC faoi dhá phríomh-shaincheist: cad a bhí i gceist le hábhar agus méid an tsáraithe, agus cibé ar chomhlíon bearta slándála na cuideachta na caighdeáin a éilítear faoin reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí.
Dúirt iar-chomhghleacaithe an ghearánaigh go raibh teacht acu ar dhoiciméid maidir le “an t-imscrúdú inmheánach”. Mar sin féin, níor tugadh aon chur síos mion sna ráitis seo ar nádúr nó ábhair na ndoiciméad, níor tugadh cur síos ar an am ná ar na daoine a chonaic iad, agus níor tugadh cur síos go raibh teacht ag daoine nár fostaithe iad ar na doiciméid. Ina aghaidh sin, d’áitigh an chuideachta go seasta gurbh é an aighneacht WRC, agus ní an tuarascáil ar imscrúdú inmheánach, a raibh teacht míchuí ag fostaithe uirthi ar feadh roinnt laethanta. Rud suntasach ab ea gur chuir an chuideachta an DPC ar an eolas faoi sin thart ar mhí amháin sular chuir an gearánach a ghearán isteach ar dtús. Ba é tuairim an DPC nach raibh a dóthain fianaise ann chun tacú leis an maíomh gur nochtadh an tuarascáil ar imscrúdú inmheánach, nó go raibh teacht ag daoine nár fostaithe iad agus ag fostaithe neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta an ghearánaigh.
Maidir le bearta slándála na cuideachta, luaigh an DPC nár mhór go mbeadh an caighdeán infheidhme ina léiriú ar an dochar a d’fhéadfaí a dhéanamh mar gheall ar rioscaí ábhartha agus go bhféadfaí iad a laghdú, lena n-áirítear nochtadh chuig daoine neamhúdaraithe sa chás seo. Ba léir go raibh an chuideachta ar an eolas faoin riosca maidir le nochtadh, toisc go raibh socruithe déanta chun doiciméid faoi rún a stóráil ar bhealach nach raibh teacht orthu ach ag baill foirne údaraithe HR amháin. Mar sin féin, theip ar an gcuideachta súil chuí bheith acu leis an riosca maidir le hearráid dhaonna agus doiciméid dá leithéid á stóráil, de réir mar a tharla i gcás na haighneach- ta WRC, agus an riosca sin a laghdú. Chomh maith leis sin, mheabhraigh an DPC don chuideachta faoin ngá go mbeadh an pearsanra ábhartha eolach ar an riachtanas sonraí pearsanta a láimhseáil i gcomhréir leis na bearta slándála is infheidhme, agus gníomhú dá réir sin i leith sáruithe.
Léiríonn an cás seo nach mór do rialaitheoirí sonraí na riosca ar fad a d’fhéadfadh bheith i gceist nuair a phróiseálann siad sonraí pearsanta a chur san áireamh, lena n-áirítear an riosca maidir le hearráid dhaonna. Ní mór na bearta a ghlacann siad chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin bheith ina léiriú ní hamháin ar na cúiseanna a d’fhéadfadh bheith i gceist le caillteanas nó dochar, ach ar na hiarmhairtí a bhaineann le sárú, agus ní mór dóibh bheith ina léiriú ar na bealaí ina bhféadfaí na hiarmhairtí sin a íoslaghdú nó a leigheas.
Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Nochtadh líomhnaithe shonraí pearsanta an ghearánaigh ag údarás áitiúil (Gearán Sáraithe Shonraí)
Fuair an DPC gearán ó dhuine aonair maidir le nochtadh líomhnaithe shonraí pearsanta an ghearánaigh ag údarás áitiúil. Líomhnaigh an gearánach go raibh ainm an ghearánaigh, a sheoladh poist agus eolas a bhain le híocaíocht cúnaimh tithíochta go hearráideach chuig tríú páirtí nochtaithe ag an údarás áitiúil. Bhí an t-údarás áitiúil tar éis cur in iúl don duine aonair gur tharla an nochtadh seo. Bhí an duine aonair míshásta, áfach, leis na bearta a rinne an t-údarás áitiúil mar fhreagra ar an nochtadh agus níor mhian leis dul i dteagmháil tuilleadh leis an údarás áitiúil agus é i gceist réiteach cairdiúil an ghearáin a lorg.
Scrúdaigh an DPC an gearán agus rinne sé teagmháil leis an údarás áitiúil chun tuilleadh eolais a lorg maidir le líomhaintí an duine aonair. Dheimhnigh an t-údarás áitiúil don DPC go raibh sárú sonraí pearsanta tar éis tarlú nuair a cuireadh sonraí pearsanta an ghearánaigh san áireamh, go hearráideach, i bhfreagra ar iarratas Saorála Faisnéise chuig tríú páirtí. Chomh maith leis an eolas a cuireadh ar fáil ag an údarás áitiúil don DPC i gcomhthéacs a scrúdaithe den ghearán, cuireadh an eachtra faoi thrácht in iúl don DPC ag an údarás áitiúil mar shárú sonraí pearsanta, faoi mar a éilítear ag Airteagal 33 den GDPR. Sa chomhthéacs sin, rinne an DPC teagmháil leitheadach leis an údarás áitiúil maidir le cúinsí an tsáraithe shonraí phearsanta, na bearta slándála sonraí a bhí i bhfeidhm ag an am gur tharla an sárú sonraí pearsanta agus na bearta maolaitheacha a rinne an t-údarás áitiúil, lena n-áirítear iarrachtaí leanúnacha an údaráis áitiúil chun na sonraí a fháil ar ais ón bhfaighteoir.
Bunaithe ar an eolas seo, thug an DPC chun críche a scrúdú den ghearán trí chur in iúl don duine aonair go raibh an DPC sásta nár próiseáladh sonraí pearsanta an ghearánaigh ag an údarás áitiúil ar bhealach a chinntigh slándáil chuí na sonraí pearsanta agus go raibh nochtadh neamhúdaraithe shonraí pearsanta an ghearánaigh tar éis tarlú, rud atá ina shárú sonraí pearsanta. Bunaithe ar na bearta a rinneadh ag an údarás áitiúil mar fhreagra ar an sárú sonraí pearsanta agus, go háirithe, gurbh amhlaidh nár thug faighteoir shonraí pearsanta an ghearánaigh na sonraí ar ais don údarás áitiúil, níor mheas an DPC go raibh gá le haon bheart breise in aghaidh an údaráis áitiúil maidir le hábhar an ghearáin.
Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Nochtadh neamhúdaraithe taifead ríomhshonrasctha fóin póca, ina raibh sonraí pearsanta, ag cuideachta teileachumarsáide, d’iarfhostóir an ábhair sonraí (An dlí is infheidhme: Na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003)
D’iarr an gearánach, i rith tréimhse fostaíochta san am atá caite, ar an cuideachta teileachumarsáide (“an cuideachta teileachumarsáide”) a huimhir fóin póca phearsanta a nascadh le cuntas an fhostóra a bhí aici ag an am. Chuir sin ar chumas an ghearánaigh leas a bhaint as lascaine a bhain le cód grúpa An cuideachta teileachumarsáide an fhostóra sin. Cé gur athraíodh an t-ainm ar chuntas an ghearánaigh go dtí ainm an iar-fhostóra, bhain seoladh baile an ghearánaigh leis an gcuntas i gcónaí agus ba é an gearánach a bhí freagrach i gcónaí as aon bhillí a íoc. Nuair a tháinig deireadh leis an gcaidreamh fostaíochta sin, rinne an gearánach teagmháil le An cuideachta teileachumarsáide agus d’iarr (i) go gcuirfí srian ar an rochtain a bhí ag a hiar-fhostóir ar a cuntais fóin póca; agus (ii) an cuntas a dheighilt ó chuntas a hiar-fhostóra. De bhun an iarrata sin, ghlac bainisteoir cuntais de chuid an cuideachta teileachumarsáide roinnt céimeanna ag ceapadh (go mícheart) go ndéanfaí cuntas an ghearánaigh a dheighilt ó chuntas a iar-fhostóra. Tháinig an gearánach chun fios a bheith aici, áfach, gur lean a hiar-fhostóir ar aghaidh ag déanamh rochtana ar a taifid chuntais i ndiaidh di an iarraidh sin a dhéanamh. De bhun fiosrúchán breise ón ngearánach, tháinig an cuideachta teileachumarsáide ar a earráid agus rinne cuntas an ghearánaigh a dheighilt ó chuntas a hiar-fhostóra ar deireadh.
Rinne an gearánach gearán le An cuideachta teileachumarsáide ina dhiaidh sin. I ndiaidh do An cuideachta teileachumarsáide an gearán a fhiosrú, chuir siad in iúl don ghearánach nach raibh taifead acu ar an iarraidh bhunaidh maidir le srian a chur ar rochtain ar an gcuntas. Sna himthosca sin, chuir an gearánach gearán ar aghaidh chuig an oifig seo.
Le linn ár n-imscrúdaithe, d’admhaigh An cuideachta teileachumarsáide nárbh leor an chéad ghníomh a rinne a bhainisteoir cuntais mar nár dheighil sé cuntas an ghearánaigh ó chuntas a hiar-fhostóra agus nár chuir sé cosc ar a hiar-fhostóir rochtain a fháil ar a taifid ríomhshonrasctha. D’admhaigh an cuideachta teileachumarsáide freisin nach raibh taifid iomlána aige nuair a d’imscrúdaigh sé gearán an ghearánaigh. Dhearbhaigh sé, maidir leis sin, go raibh iarraidh bhunaidh an ghearánaigh, maidir le srianadh/deighilt, aimsithe aige.
Dá bharr sin, ba iad na saincheisteanna a bhí le cinneadh, cibé an ndearna an cuideachta teileachumarsáide, mar Rialaitheoir Sonraí, na nithe seo a leanas:
- Bearta slándála cuí a chur i bhfeidhm, ag féachaint d’Ailt 2(1)(d) agus 2C(1) de na hachtanna d’fhonn sonraí pearsanta an ghearánaigh a chosaint in aghaidh rochtana neamhúdaraithe, agus in aghaidh nochtadh le tríú páirtí (i .e . iar-fhostóir an ghearánaigh); agus
- sonraí an ghearánaigh a choinneáil beacht, iomlán agus cothrom le dáta, mar a éilítear faoi Alt 2(1)(b) de na hAchtanna.
Fuair an oifig seo nár chuir An cuideachta teileachumarsáide bearta slándála cuí i bhfeidhm chun sonraí pearsanta an ghearánaigh a chosaint in aghaidh rochtana neamhúdaraithe ag a iar-fhostóir ná in aghaidh nochta leis. Ba léir sin mar gheall gur lean iar-fhostóir an ghearánaigh ar aghaidh ag déanamh rochtana ar a taifid ríomhshonrasctha d’ainneoin na ngníomhartha thosaigh a rinne An cuideachta teileachumarsáide.
Thug an oifig seo ar aird freisin an oibleagáid, arna leagan amach in Alt 2C(2) de na hAchtanna, go bhfuil ar Rialaitheoir Sonraí maidir le gach céim réasúnach a ghlacadh lena chinntiú — (a) go mbeidh na daoine atá fostaithe aige nó aici … ar an eolas faoi na bearta slándála cuí réamhluaite agus go gcloífidh siad leo. Fuair an oifig seo nár chomhlíon An cuideachta teileachumarsáide a chuid oibleagáidí maidir leis sin. Arís, ba léir é sin mar gheall gur cheap an bainisteoir cuntais a chuaigh i mbun gnímh i ndáil le hiarraidh an ghearánaigh ar an gcéad dul síos, go mícheart, gur leor iad na gníomhartha a rinneadh chun cuntas an ghearánaigh a dheighilt ó chuntas a hiarfhostóra.
Chuir an oifig seo san áireamh freisin, an tráth a ndearna an gearánach a gearán le An cuideachta teileachu- marsáide, nach raibh An cuideachta teileachumarsáide in ann a hiarraidh thosaigh, maidir lena cuntas a shrianadh, a aimsiú. An toradh a bhí air sin, gur tháinig imscrúdú an cuideachta teileachumarsáide féin ar ghearán an ghearánaigh ar an gconclúid mhícheart. Dá réir sin, agus d’ainneoin gur cuireadh cúrsaí ina gceart ina dhiaidh sin, fuair an oifig seo gur theip ar an cuideachta teileachumarsáide cloígh lena oibleagáidí faoi Alt 2(1)(b) de na hAchtanna in imthosca nach raibh taifid an ghearánaigh, amhail an tráth ábhartha, beacht, iomlán ná suas le dáta.
Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
FSS/ Ghníomhaireacht um Chúram Sláinte
In 2019, fuair an DPC gearán maidir le nochtadh sonraí othair trí theachtaire Facebook ag taisceoir ospidéil maidir lena bheith i láthair ag Aonad Luath- Thoirchis ospidéil. Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an ngearán, shoiléirigh FSS don CCS go raibh gníomhaire cúraim sláinte a d’fhoilsigh an FSS i mbun an taisce ospidéil a nocht faisnéis phearsanta an othair. Rinne an DPC teagmháil leis an ngníomhaireacht agus lorg sí nuashonrú maidir lena imscrúdú inmheánach, sonraí ar aon ghníomh feabhais chomh maith le sonraí faoi aon ghníomh araíonachta a rinneadh i gcoinne an fhostaí i gceist. Ag an am céanna, chuir an CCS in iúl don FSS, mar go ndéanann sé conradh ar an gcuideachta atá i gceist chun foireann ghníomhaireachta a chur ar fáil chun obair san ospidéal, gurb é FSS an rialaitheoir sonraí i ndeireadh na dála maidir leis na sonraí pearsanta sa chás seo.
Tarraingíodh siar an gearán ina dhiaidh sin ag an aturnae ag gníomhú thar ceann na mná tar éis comhaontú a bheith comhaontaithe idir an páirtí lena mbaineann agus an t-ospidéal / an ghníomhaireacht cúram sláinte. Féadfaidh rialaitheoirí sonraí / próiseálaithe sonraí a bheith faoi dhliteanas faoi dhuine faoi Alt 117 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 maidir le damáistí mura gcom- hlíonann siad an dualgas cúraim atá orthu i ndáil le sonraí pearsanta atá ina seilbh.
Níl aon ról ar bith ag an CCS maidir le déileáil le héilimh chúitimh agus níl feidhm ar bith aige maidir le haon imeachtaí den sórt sin a dhéanamh faoi Alt 117 d’Acht 2018 nó i soláthar aon chomhairle dlí den sórt sin.
Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Sonraí a bheith á dtarchur ag Roinn Rialtais trí WhatsApp (An dlí is infheidhme — na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003 (na hAchtanna))
Fuaireamar gearán in aghaidh na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála á líomhain gur chomhroinn an misean i gCaireo, an Éigipt, sonraí pearsanta an ghearánaigh le tríú páirtí (a fhostóir) gan a eolas ná a thoiliú agus gur mhainnigh an Roinn sonraí pearsanta an ghearánaigh a choinneáil slán sábháilte, agus WhatsApp á úsáid aici chun na sonraí a tharchur chuig a fhostóir. Bhain an cás seo leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta an ghearánaigh, a tugadh in iarratas ar víosa ghearrthéarmach a chuir sé isteach chun scrúdú a dhéanamh in Éirinn.
Le linn ár n-imscrúdaithe, chuir an Roinn in iúl dúinn go mbíonn sé mar ghnáthchleachtas aici cruinneas agus iomláine na n-iarratas agus bailíocht na ndoiciméad tacaíochta a mheas agus iarratais ar víosa á bpróiseáil aici. Dar leis an Roinn, tháinig amhras chun cinn faoina fhírinní a bhí doiciméad tacaíochta amháin a chuir an gearánach isteach, rud ar airbheartaíodh gur shínigh a fhostóir é. Chun bailíocht an doiciméid a fhíorú, rinne ball foirne i misean Chaireo teagmháil leis an bhfostóir (ar oifigeach de chuid gníomhaireacht rialtais san Éigipt é, a raibh a ainm agus a shíniú le feiceáil ar an doiciméad) thar an teileafón toisc go raibh sé sa riocht is fearr chun an bharántúlacht a fhíorú. Dheimhnigh an fostóir gur ghá dó an doiciméad a fheiceáil sula bhféadfadh sé é a fhíorú. Ós rud é nach raibh aon seoladh ríomhphoist oifigiúil aige, ní raibh sé in ann é a fháil ach amháin trí WhatsApp. D’inis an Roinn dúinn gurbh amhlaidh, sular sheol sí na sonraí trí WhatsApp, go ndearna sí measúnú riosca áitiúil, ar lena linn a d’fhéach sí ar an tslándáil/an criptiú a bhaineann le WhatsApp. Bunaithe ar an gcriptiú ó cheann ceann atá ar fáil ar WhatsApp agus mar gheall ar phráinne an iarratais ar víosa, mar a leag an gearánach amach san iarratas uaidh, tháinig an Roinn ar an gconclúid go raibh sé sin ar an modh tarchuir is sláine a bhí ar fáil. Sa chomhthéacs sin, chuir an Roinn in iúl dúinn nach bhfuil rochtain ag a lán oifigeach rialtais agus státseirbhíseach san Éigipt ar chuntais/córais ríomhphoist oifigiúla agus go n-úsáideann siad seirbhísí amhail Gmail, Hotmail, WhatsApp agus Viber go minic chun gnó oifigiúil a sheoladh. Sa chás seo, dheimhnigh an t-oifigeach rialtais a bhí i gceist go raibh WhatsApp ar an aon mhodh cumarsáide amháin a bhí ar fáil dó. Seoladh na doiciméid trí WhatsApp ach úsáid a bhaint as fón póca an aon bhaill foirne amháin i misean Chaireo a raibh WhatsApp aige. Scriosadh na doiciméid ón ngléas díreach tar éis iad a sheoladh. Mar a tharla ar deireadh, d’inis an t-oifigeach do mhisean Chaireo go raibh na doiciméid calaoiseach agus diúltaíodh don iarratas ar víosa dá bharr sin.
Le linn ár n-imscrúdaithe, dúirt an gearánach linn go raibh cúiteamh arbh fhiú €3,000 é á lorg aige ón Roinn. Ba é sin an costas ar an scrúdú a dhéanamh in Éirinn, costas a chaill sé. Tar éis don Choimisiún a chur in iúl don ghearánach nach raibh sé de chumhacht aici cúiteamh a dhámhachtain, d’iarr an gearánach cinneadh foirmiúil ón gCoimisiún.
Agus é ag breithniú cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh sárú ar na hAchtanna nuair a sheol an Roinn sonraí pearsanta an ghearánaigh chuig an oifigeach a bhí i gceist trí WhatsApp, rinne an Coimisiún iarracht teacht ar na fíricí maidir le cé acu ba ghá nó nár ghá an fhaisnéis a bhí i gceist a tharchur ar an gcéad dul síos agus, ar an dara dul síos, cé acu a bhí nó nach raibh an tarchur slán, lenar áiríodh an cheist maidir le cé acu a bhí nó nach raibh an Roinn in ann modhanna níos sláine a úsáid chun na sonraí a tharchur. Ar an gcéad cheist, ba dheimhin leis an gCoimisiún gur ghá don Roinn sonraí pearsanta an ghearánaigh a chomhroinnt leis an oifigeach, a bhí ainmnithe mar fhostóir san iarratas ar víosa ghearrthéarmach agus ar airbheartaíodh gur shínigh sé doiciméid tacaíochta áirithe. Maidir leis sin, thugamar faoi deara go luaitear go sainráite sa bheartas príobháideachta ábhartha (an beartas atá i bhfeidhm ag Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann) gur ar an iarratasóir atá an dualgas cruthúnais i ndáil le haon iarratas ar víosa agus go bhféadfaidh an t-oifigeach víosa fíorú a dhéanamh ar aon fhianaise a chuirfear isteach chun tacú le hiarratas. Luaitear sa bheartas freisin go bhféadfar aon fhaisnéis a thabharfar i bhfoirm iarratais a nochtadh do rialtais eachtracha agus do chomhlachtaí eile, i measc daoine eile, chun críocha inimirce.
Ós rud é nach raibh aon mhodhanna slána eile ar fáil chun teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach a bhí i gceist, ba dheimhin leis an gCoimisiún gur ghá an fhaisnéis a tharchur trí WhatsApp chun na sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críche ar chuici soláthraíodh iad (incháilitheacht do víosa). Ba dheimhin leis freisin gur tugadh fógra don ghearánach á rá go bhféadfaí doiciméid tacaíochta a chomhroinnt le tríú páirtithe chun barántúlacht a fhíorú. Thug an Coimisiún aird freisin ar an bhfíric go bhfuarthas amach sa mheasúnú riosca áitiúil a rinne an Roinn gur tharla sé, sna himthosca, go raibh WhatsApp ar an modh tarchuir is sláine chun na sonraí pearsanta a sheoladh. Dá réir sin, chinn an Coimisiún gur ghníomhaigh an Roinn i gcomhréir leis na hAchtanna.
Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Tras-scríbhinn comhrá Gréasáin de chuid Ryanair a bheith á seoladh chuig custaiméir eile (An dlí is infheidhme — an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018)
Fuaireamar gearán ó ábhar sonraí a ndearna Ryanair an comhrá Gréasáin a bhí aige le fostaí de chuid Ryanair a nochtadh de thaisme i ríomhphost chuig duine eile a bhain úsáid as seirbhís comhrá Gréasáin Ryanair. I dtras-scríbhinn an chomhrá Gréasáin, tugadh ainm an ghearánaigh, ainm a pháirtnéara, a sheoladh ríomhphoist, a uimhir fóin agus a phleananna eitilte. D’inis an gearánach dúinn gurb é an duine ar seoladh tras-scríbhinn a chomhrá Gréasáin chuige trí earráid an duine a tharraing a aird ar an nochtadh.
Le linn dúinn an gearán a scrúdú, fuaireamar amach gurb é tríú páirtí a sholáthraíonn seirbhís comhrá Gréasáin bheo Ryanair, ar páirtí é atá ina phróiseálaí sonraí do Ryanair. Fuaireamar amach freisin go bhfuil feidhm uathlíonta ag an gcóras lena seoltar tras-scríbhinní na gcomhráite Gréasáin trí ríomhphost. Leis an bhfeidhm sin, líontar an réimse faighteora le seoladh ríomhphoist an chustaiméara dheireanaigh ar seoladh ríomhphost chuige . Ar an dáta a bhí i gceist, fuair an próiseálaí sonraí iarrataí ó cheathrar custaiméirí de chuid Ryanair ar thras-scríbhinní a gcomhráite Gréasáin . Phróiseáil an t-aon ghníomhaire amháin na hiarrataí sin. Dá ainneoin sin, ní dhearna an gníomhaire seoladh ríomhphoist an fhaighteora a athrú agus é ag seoladh na dtras-scríbhinní, rud a d’fhág gur seoladh iad chuig na faighteoirí míchearta. Chuir Ryanair in iúl dúinn gurb amhlaidh, chun a chinntiú nach dtiocfadh an fhadhb sin chun cinn choíche, gur dhíchumasaigh an próiseálaí sonraí an córas comhrá Gréasáin bheo agus gur cuireadh oiliúint athnuachana sa Rialachán Ginearálta ar an bhfoireann.
Is as úsáid a bhaint as na feidhmeanna uathlíonta i mbogearraí a eascraíonn an-chuid de na gearáin a fhaigheann an Coimisiún maidir leis an nochtadh neam- húdaraithe sonraí pearsanta i gcomhthéacs leictreonach e .g . ríomhphoist a bhfuil sonraí pearsanta iontu a bheith á seoladh chuig an bhfaighteoir mícheart. Cé go bhféadfadh go measfadh rialaitheoirí sonraí gur uirlis úsáideach sábhála ama í sin le haghaidh sonraí a iontráil, tá rioscaí dúchasacha ag baint léi i gcás go mbaintear úsáid aisti chun sonraí faighteora a líonadh chun críocha sonraí pearsanta a tharchur. Dá bhrí sin, ba cheart feidhmeanna uathlíonta a úsáid go cúramach agus, i gcás go gcinneann rialaitheoirí feidhm den sórt sin a chomhtháthú isteach ina mbogearraí chun críocha próiseála sonraí, ba cheart coimircí eile a úsáid, amhail bréagsheoltaí i dtús an leabhair sheoltaí nó leideanna ar an scáileán chun sonraí an fhaighteora a sheiceáil an athuair. Maidir leis an bprionsabal um shlándáil agus rúndacht sonraí pearsanta a chosaint, téann seisean agus cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú i dteannta a chéile. Is amhlaidh sin toisc go ndéantar na caighdeáin is airde le haghaidh sonraí pearsanta a chosaint a úsáid, go háirithe maidir le hiomláine, slándáil agus rúndacht sonraí pearsanta a áirithiú, nuair a bhíonn rialaitheoirí sonraí agus próiseálaithe sonraí ag ceapadh céimeanna i gclár próiseála sonraí pearsanta nó i mbogearraí próiseála sonraí pearsanta.