Ceisteanna Coitianta
Cad is féidir liom a dhéanamh má fhaighim amach go bhfuil sonraí pearsanta a shealbhaítear fúm mícheart?
Foráiltear le hAirteagal 16 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) do shonraí pearsanta a cheartú i gcás go bhfuil na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil míchruinn nó i gcás, agus aird á tabhairt ar chríocha na próiseála, go bhfuil na sonraí neamhiomlán ar bhealach éigin.
Ceisteanna Coitianta
Conas is féidir liom cóip de mo shonraí pearsanta a fháil ón nGarda Síochána?
Ag brath ar na sonraí a bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil orthu, is féidir go dtarlóidh sé go dtagann an iarraidh rochtana faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, seachas an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Is féidir leat do chuid faisnéise a iarraidh ón nGarda Síochána trí chloí leis na treoracha ar an rannán Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí ar shuíomh Gréasáin an Gharda Síochána.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé faisnéis a rochtain/a leasú i ndáil le gaol éagtha?
Níl feidhm ag an dlí cosanta sonraí maidir le sonraí pearsanta daoine éagtha. Mar sin féin, féadfaidh rialaitheoir sonraí ar leith, ar chúiseanna dea-thola, a roghnú sonraí a bhaineann le duine éagtha a sholáthar do ghaol leis/léi tar éis iarraidh a fháil. I gcás den sórt sin, ní mór don rialaitheoir sonraí ábhartha gníomhú go cúramach agus sonraí den sórt sin á nochtadh aige/aici chun a chinntiú nach nochtfaidh sé/sí na sonraí pearsanta de chuid tríú páirtithe.
Ceisteanna Coitianta
Ar cheart sonraí cúltaca a mheas a bheith ina gcuid d’iarraidh rochtana?
Ní choinnítear sonraí cúltaca ach amháin chun sonraí eile a athsholáthar i gcás go gcaillfear iad, go scriosfar iad nó go ndéanfar damáiste dóibh. Ós rud é gur cóipeanna de shonraí “beo” iad sonraí cúltaca, ní mheastar iad a bheith faoi réir iarraidh rochtana arna déanamh faoi Airteagal 15 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).
Maidir le sonraí a choinnítear chun aon chríche eile, amhail sonraí cartlainne, ní mheasfaí gur “shonraí cúltaca” iad agus ba cheart iad a chur ar áireamh in aon iarraidh faoi Airteagal 15 ar chóip de shonraí pearsanta.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i leabhair rolla scoile nó i gcláir pharóiste mar chuid de thionscadal ginealais?
Má tá seans ann go bhfuil na daoine atá ainmnithe sna taifid sin fós beo, beidh sé riachtanach toiliú a fháil uathu ar dtús. Mura bhfaightear toiliú uathu, d’fhéadfaí eisiúint a sonraí pearsanta a mheas a bheith ina sárú. Dá bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de le réasún go bhfuil na daoine aonair atá ainmnithe sna leabhair nó sna cláir sin éagtha, ní bheadh aon fhadhb cosanta sonraí ann.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé mo thaifid liachta a rochtain faoin dlí cosanta sonraí?
Is ceart bunúsach é an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain agus tá feidhm aige le dlí, beag beann ar an gcineál comhlachta nó eintitis a shealbhaíonn do shonraí pearsanta. Mar sin, tá ceart bunúsach agat chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta a shealbhaíonn dochtúirí, ospidéil nó lianna comhairleacha, i measc daoine eile, a thugann cóireáil duit i gcáil phríobháideach nó phoiblí.
Ceisteanna Coitianta
Cé na cearta atá agam chun rochtain a fháil ar an scríbhinn de scrúdú a rinne mé?
Foráiltear le halt 56 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, do cheart faoi Airteagal 15 chun rochtain a fháil ar thorthaí, ar scríbhinní de scrúdú agus ar thorthaí achomhairc. Maidir le hiarrataí faoi Airteagal 15 a rinneadh i ndáil le toradh scrúdaithe nó i ndáil le scríbhinní a comhlánaíodh i gcúrsa scrúdaithe, measfar go ndearnadh iad ar an dáta is déanaí díobh seo a leanas:
(a) an dáta ar ar foilsíodh torthaí an scrúdaithe den chéad uair, nó
(b) dáta na hiarrata
Ceisteanna Coitianta
Conas is féidir liom cóip a fháil de mo rátáil chreidmheasa/mo stair chreidmheasa?
Faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013, arna leasú, coimeádann Banc Ceannais na hÉireann taifead lárnach ar aisíocaíochtaí arna ndéanamh ar iasachtaí, bíodh morgáistí, iasachtaí pearsanta nó cártaí creidmheasa i gceist leo. Tá tuilleadh faisnéise faoi conas cóip a fháil de do thuarascáil chreidmheasa ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Phríomh-Chláir Creidmheasa.
Ceisteanna Coitianta
Cé na cearta atá agam i ndáil le rochtain a fháil ar fhaisnéis cuntais atá in ainm m’fhir céile/mo mhná céile?
Is réimse casta é seo, agus braitheann an freagra ar an gceist seo ar bheartas na rialaitheoirí sonraí lena mbaineann agus ar aon sainroghanna pearsanta a chuir an duine aonair/na daoine aonair lena mbaineann in iúl. Ó thaobh cúrsaí cosanta sonraí de, áfach, féadfaidh eintiteas/rialaitheoir sonraí/soláthraí seirbhíse a chinneadh gan gnó a dhéanamh ach amháin leis an sealbhóir ainmnithe cuntais.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh aon duine eile iarraidh rochtana a dhéanamh thar mo cheann?
Tá feidhm ag an gceart rochtana faoi Airteagal 15 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) maidir le sonraí pearsanta an duine féin. Dá bhrí sin, is gnách gurb é/í an duine aonair féin a dhéanann aon iarrataí rochtana i ndáil lena s(h)onraí pearsanta féin. Bheadh sé réasúnach, áfach, freastal ar iarraidh rochtana a chuir aturnae isteach thar ceann duine eile.