Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Cuardach neamhiomlán eagraíochta mar fhreagra ar Iarraidh Rochtana
Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair a chuir iarraidh rochtana faoi Airteagal 15 RGCS faoi bhráid cuideachta bainistíochta réadmhaoine. Bhí an duine aonair ag iarraidh rochtain a fháil ar aon sonraí pearsanta ar phróiseáil an eagraíocht faoi. Sa fhreagra uaithi, luaigh an eagraíocht go sainráite don duine aonair nár phróiseáil sí aon sonraí pearsanta i ndáil leis tráth a rinneadh an iarraidh rochtana ná tráth ar bith roimhe sin.
Féach Tuilleadh EolaisDiúltú d’Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí ó dhuine aonair nár chustaiméir é
Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair i ndáil le hiarraidh rochtana a rinneadh chuig soláthraí seirbhíse Idirlín. Dar leis an duine aonair, chuir sé glao ar an gcuideachta maidir leis an bhféidearthacht a bhí ann seirbhísí leathanbhanda a athrú, agus mheas sé go raibh an leibhéal seirbhíse a fuair sé ón ngníomhaire um sheirbhís do chustaiméirí míshásúil. Mar thoradh air sin, rinne sé iarraidh rochtana chun cóip a fháil dá shonraí pearsanta a bhí á bpróiseáil ag an gcuideachta.
Féach Tuilleadh Eolais
Faisnéis a fholú de bhun iarraidh rochtana
Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair a chuir iarraidh rochtana faoi Airteagal 15 RGCS faoi bhráid a iarfhostóra (eagraíocht sláinte poiblí), a sholáthair seirbhísí Tacaíochta Baile.
Féach Tuilleadh EolaisMainneachtain freagra a thabhairt ar iarraidh rochtana
Fuair an Coimisiún gearán maidir le duine aonair a rinne iarraidh rochtana faoi Airteagal 15 RGCS chuig ospidéal poiblí/stáit chun cóip a fháil den fhaisnéis ar fad a bhí á sealbhú faoi. Bhí an freagra ón ospidéal fós amuigh tar éis níos mó ná mí amháin, cé gur tugadh le fios san fhaisnéis a tugadh don Choimisiún go raibh aird phráinneach le tabhairt ar an ní seo mar gheall ar shláinte an duine aonair.
Féach Tuilleadh EolaisOibleagáidí an Rialaitheora Sonraí i gcomparáid le hOibleagáidí an Phróiseálaí Sonraí
Rinne duine aonair iarraidh rochtana faoi Airteagal 15 RGCS chuig eagraíocht ar chreid sé go raibh sí ag próiseáil a shonraí pearsanta. Tar éis an iarraidh sin a fháil, chuir an eagraíocht in iúl don duine aonair nárbh ionann í féin agus an rialaitheoir sonraí sa chás seo. Dúirt an eagraíocht leis an duine aonair gur chuir sí an iarraidh ar aghaidh chuig an rialaitheoir sonraí iarbhír i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá uirthi faoi Airteagal 28(3)(e) RGCS cuidiú “…leis an rialaitheoir, a mhéid is féidir, trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le comhlíonadh oibleagáid an rialaitheora iarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí”. Ní raibh an duine aonair sásta leis an bhfreagra agus chuir sé gearán faoi bhráid an Choimisiúin.
Féach Tuilleadh EolaisRochtain a iarraidh ar thaifid liachta siblín éagtha
Rinne duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún chun a fhiafraí conas rochtain a fháil ar thaifid liachta a shiblín éagtha, a fuair bás go tragóideach mar naíonán cuid mhór blianta roimhe sin. Ós rud é gur éag an bheirt tuismitheoirí roinnt blianta ó shin freisin, ní raibh an duine aonair in ann faisnéis a fháil faoi na himthosca a bhí taobh thiar de bhás a shiblín.
Féach Tuilleadh EolaisSonraí a bhaineann le Feithicil a Iarraidh
Tharraing duine aonair fiosrú anuas leis an gCoimisiún maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhí ina sheilbh ag garáiste agus inar mionsonraíodh stair feithicle atá faoi úinéireacht an duine aonair anois. Áiríodh leis an bhfaisnéis sin mionsonraí faoi dhamáistí a measúnaíodh, faoi dheisiúcháin a moladh, agus faoi thuairisc innealtóra a rinneadh ag deireadh bliana ar leith. Chuir an duine aonair iarraidh rochtana faoi Airteagal 15 RGCS faoi bhráid an gharáiste chun teacht ar na sonraí uile a bhaineann leis an bhfeithicil. Dhiúltaigh an garáiste don iarraidh. Ós rud é go raibh sé míshásta leis an bhfreagra a fuarthas ón ngaráiste, rinne an duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún chun a ábhair imní a chur in iúl.
Féach Tuilleadh EolaisTaifid ina raibh sonraí pearsanta a choimeád siar
Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair maidir le taifid ina raibh sonraí pearsanta a bheith á gcoimeád siar mar fhreagra ar iarraidh rochtana. Rinne an duine aonair iarraidh rochtana chuig soláthraí seirbhíse airgeadais faoi Airteagal 15 RGCS, tar éis morgáiste an duine aonair a dhíol leis an eagraíocht sin.
Féach Tuilleadh EolaisEisíodh Fógra Forfheidhmiúcháin mar gheall ar fhreagra neamhiomlán a thabhairt ar iarraidh rochtana
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) gearán inar thug ionadaí an ghearánaigh le fios go raibh sé ag iarraidh gearán foirmiúil a dhéanamh maidir leis an moill a chuir Comhlacht Poiblí, ar Tusla é, ar shonraí ina raibh sonraí pearsanta a chliaint a eisiúint, de bhun iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí. Luaigh an t-ionadaí freisin nár tugadh freagra iomlán ar an iarraidh rochtana ón ngearánach agus go raibh na taifid ina raibh sonraí pearsanta á bhfáil aige ina bpíosaí le dhá bhliain anuas. Níorbh eol d’ionadaí an ghearánaigh an méid sonraí pearsanta a bhí fós amuigh i ndáil leis an iarraidh rochtana óna chliant.
Féach Tuilleadh EolaisGearán a bhain le hIarraidh Rochtana ar iarradh go n-íocfaí táille ina leith
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí gearán ó aturnae i ndáil le hiarraidh rochtana a rinneadh chuig liachtlann chun cóip a fháil de shonraí pearsanta a chliaint. Bhain an gearán le héileamh a rinne an liachtlann chuig aturnae an ghearánaigh á iarraidh go n-íocfaí táille chun an iarraidh rochtana a phróiseáil. Chuir aturnae an ghearánaigh in iúl don liachtlann go bhfuil rochtain ar chóip de shonraí pearsanta saor in aisce faoi RGCS agus gurbh fhéidir gur de bhotún a eisíodh an litir inar iarradh go n-íocfaí táille.
Féach Tuilleadh EolaisIarraidh rochtana inar lorgaíodh sonraí tríú páirtí
Chuir duine aonair iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí faoi bhráid a iarfhostóra, ar cuideachta léiriúcháin físchluichí é. Chreid an duine aonair go raibh cúis ann lena mheas gur láimhseáil fostaí eile a raibh coinbhleacht leasa aige an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí uaidh.
Féach Tuilleadh EolaisMainneachtain freagra a thabhairt ar Iarraidh Rochtana
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí gearán ó dhuine aonair a rinne iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí chuig ospidéal stáit chun cóip a fháil den fhaisnéis ar fad a bhí ag an ospidéal stáit maidir leis. Ní bhfuair an duine aonair aon fhreagra ar an iarraidh sin.
Féach Tuilleadh EolaisCinneadh Airteagal 60 maidir le Airbnb Ireland UC — Freagra moillithe ar Iarraidh Rochtana agus Iarraidh Léirscriosta
Taisceadh gearán in aghaidh Airbnb Ireland UC (“Airbnb”) le Coimisinéir Bheirlín um Chosaint Sonraí agus Saoráil Faisnéise (“Údarás Cosanta Sonraí Bheirlín”). Aistríodh an gearán chuig Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) ansin lena láimhseáil aige ina cháil mar phríomhúdarás maoirseachta.
Féach Tuilleadh EolaisDíolúintí a bhaineann le scannánaíocht CCTV
Fuair an DPC gearán ó dhuine aonair maidir le h-iarratas ar rochtain a rinneadh chuig rialaitheoir sonraí, ar miondíoltóir a bhí ann. Ba iad na dlíodóirí a bhí ag gníomhú ar son an duine aonair maidir le héileamh ar dhíobháil phearsanta a chuir an t-iarratas ar rochtain isteach maidir le tréimhse coicíse inar tharla an teagmhas líomhnaithe. Bhí siad ag iarraidh taifid den teagmhas, lena n-airítear scannánaíocht CCTV.
Féach Tuilleadh EolaisIarratas ar phíosa scannánaíochta ó chruinniú ar líne
Ghlac duine aonair páirt i gcruinniú Zoom a ndearna an rialaitheoir sonraí taifeadadh air. Ba é cruinniú cinn bliana an chlub spóirt a bhí i gceist. Rinne an duine aonair iarratas ar rochtain chun cóip den taifeadadh seo a fháil. Dhiúltaigh an rialaitheoir sonraí don iarratas á lua nár tháinig sé laistigh de shainchúram an GDPR.
Féach Tuilleadh EolaisOibleagáid cúiseanna a thabhairt agus rochtain ar shonraí pearsanta á diúltú
Bhí seilbh ag an ngearánach roimhe sin ar mhaoin i bhforbraíocht arna bhainistiú ag cuideachta bhainistíochta. Rinne an gearánach iarratas ar rochtain ar shonraí chuig an gcuideachta bhainistíochta ach i dtuairim an ghearánaigh mhainnigh an rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta uile an ghearánaigh a chur ar fáil sa fhreagra a tugadh.
Féach Tuilleadh EolaisTeip freagra a thabhairt ar Iarratas Rochtana
Fuair an CCS gearán ó dhuine aonair maidir le hiarratas rochtana ábhar a rinne sé chuig eagraíocht (an rialtóir sonraí) ar chóip den fhaisnéis go léir a bhí á choinneáil maidir lena rannpháirtíocht leis an rialaitheoir sonraí. Ní bhfuair an duine freagra ar an iarratas seo. Rinne an CCS idirghabháil féachaint an bhféadfaí an cheist a réiteach go neamhfhoirmiúil.
Féach Tuilleadh EolaisMainneachtain iarraidh ar rochtain a fhreagairt go hiomlán
Bhain an gearán seo le hiarratas ar rochtain a rinne an gearánach. Bhí an gearánach míshásta gur dhiúltaigh an rialaitheoir sonraí, Comhairle Contae, dá iarratas ar rochtain ar chóip d’aon fhaisnéis faoin ngearánach arna choinneáil ag an rialaitheoir sonraí de láimh agus i bhfoirm leictreonach. Ina ionad sin chuir an rialaitheoir sonraí in iúl don ghearánach go raibh na comhaid a iarradh ar fáil ar líne nó ar fáil le breathnú orthu in áitreabh an rialaitheora sonraí.
Féach Tuilleadh EolaisRochtain ar phíosa scannáin TCI
Bhain an gearán seo le freagra, a líomhnaítear a bheith neamhiomlán, ar iarratas rochtana le haghaidh píosa scannáin TCI a rinne an gearánach chuig institiúid oideachais. Dúirt an gearánach go ndearnadh iarracht ionsaithe líomhnaithe air. D’iarr an gearánach rochtain ar phíosa scannáin TCI ón am a tharla an t-ionsaí líomhnaithe, go háirithe i dtaca le tréimhse shonrach shainaitheanta ó dhá uillinn éagsúil an cheamara.
Féach Tuilleadh EolaisLéirithe rúnda tuairime agus iarrataí ar rochtain ón té lena mbaineann
Rinne an gearánaí seo iarratas chuig a fhostóir chun rochtain a fháil ar ábhar. Mhaígh an gearánaí, áfach, gur fhág a fhostóir cumarsáidí áirithe ar lár óna fhreagra, gur choinnigh sé siar sonraí go héagórach ar an mbonn gur tuairim a bhí ann a tugadh faoi rún agus nár fhreagair sé an t-iarratas laistigh den tréimhse ama riachtanach mar atá leagtha amach sa reachtaíocht.
Féach Tuilleadh EolaisAn bunús dlíthiúil i leith próiseáil agus slándáil na próiseála
Thaisc ábhar sonraí gearán leis an DPC in aghaidh rialaitheoir sonraí i ndiaidh freagra mall ar iarratas duine ar a shonraí. Bhí an t-ábhar sonraí imníoch faoin bpróiseáil a bhí á dhéanamh ar a shonraí pearsanta idir an rialaitheoir sonraí agus tríú páirtí, fiosraitheoir HR (fiosraitheoir). Bhain na hábhair imní leis an mbunús dlíthiúil a bhí le sonraí pearsanta an ábhair sonraí a phróiseáil agus slándáil na próiseála a bhí á déanamh ar na sonraí pearsanta, toisc gur úsáid an fiosraitheoir cuntas Gmail le linn an scrúdaithe.
Féach Tuilleadh EolaisIarrataí ar rochtain agus ábhar atá faoi phribhléid dhlíthiúil
Bhain an gearán seo le freagra neamhiomlán a bhí tugtha, a dúradh, ar iarrataí ar rochtain ó ábhar sonraí. Ba é cúlra an ghearáin seo gur chuir an gearánaí iarraidh rochtana faoi bhráid iontaobhaithe scéime pinsin (na “hIontaobhaithe”). Mar chuid dá bhfreagra ar an iarraidh ar rochtain, thagair na hIontaobhaithe do dhréachtlitir a bhain leis an ngearánaí; níor cuireadh an dréachtlitir seo ar fáil don ghearánaí, áfach.
Féach Tuilleadh EolaisIarratais ar aitheantas nuair atá freagra á thabhairt ar iarratais ar rochtain
Fuarthas gearán ó dhuine aonair a raibh iarratas ar rochtain curtha isteach aige chuig óstán (an rialaitheoir sonraí) chun cóip a fháil den fhaisnéis ar fad a bhain leis. D’iarr an t-óstán ar an iarratasóir cóip de bhille fóntais agus cóip d’aitheantas fótagrafach a bhí deimhnithe ag An Garda Síochána a chur ar fáil. D’iarr an DPC ar an rialaitheoir sonraí na hábhair imní a bhí aige a leagan amach maidir le haitheantas an iarrthóra in imthosca ina raibh an seoladh poist agus an seoladh ríomhphoist a d’úsáid an t-iarrthóir ar na seoltaí céanna a chuir sé ar fáil le linn an phróisis áirithinte agus an phróisis seiceála isteach san óstán. Eisíodh na sonraí chuig ag iarrthóir ina dhiaidh sin.
Féach Tuilleadh EolaisNochtadh, toiliú próiseála a tharraing siar agus iarratas duine ar a shonraí/ar a sonraí
Thug ábhar sonraí gearán chomh fada leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) in aghaidh a n-iarfhostóra (an rialaitheoir sonraí). Bhí líon údair imní maidir le cosaint sonraí ag an ábhar sonraí, eadhon:
1 . Nochtadh a seoladh ríomhphoist pearsanta trína bheith san áireamh sa réimse Cóip Charbóin (CC)
2 . A n-íomhá a chur san áireamh ar chuntas meáin shói- sialta an rialaitheora sonraí
3 . Ní raibh an t-ábhar sonraí sásta leis an fhreagra a fuair sé/sí ón rialaitheoir sonraí maidir le hiarratas duine ar a shonraí/a sonraí
Féach Tuilleadh Eolais