Scéim Teanga an Choimisiúin um Chosaint Sonraí 2020 – 2023

Ullmhaíodh an cúigiú Scéim Teanga de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (‘an tAcht’) ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí. Déantar soláthar faoi Acht 15 d’ullmhú, ag Comhlachtaí Poiblí, scéim reachtúil ina ndéanfar cur síos ar na seirbhísí a sholáthróidh siad:

  • i nGaeilge;
  • i mBéarla; agus
  • i nGaeilge agus i mBéarla 

agus na socruithe a dhéanfaidh siad d’fhonn a chinntiú go gcuirfear ar fáil, taobh istigh den scála ama atá aontaithe, aon seirbhísí nach bhfuil á soláthar cheana féin, i nGaeilge, ag an gComhlacht.

Tá an Scéim seo dearbhaithe ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán. Beidh feidhm leis an scéim seo ar feadh tréimhse 3 bliana ón 21 Nollaig 2020 nó go dtí go ndearbhófar scéim nua, pé ceann is déanaí.

Seoladh cóip den scéim seo chuig Oifig an Choimisinéara Teanga.

Tá an Cúigiú Scéim Teanga de chuid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí 2020 – 2023 ar fáil anseo