Cairt um Sheirbhís do Chustaiméirí

Seirbhís do Chustaiméirí

Tá meas ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) ar an aiseolas a fhaighimid ó chustaiméirí tríd an mbosca ríomhphoist um sheirbhísí do chustaiméirí agus cuireadh iad seo san áireamh agus iad seo a leanas i bhforbairt na gcáipéisí seo a leanas:

  • Cairt Custaiméirí 2024 – 2026,
  • Plean Gnímh Seirbhísí Ardchaighdeáin do Chustaiméirí 2024 – 2026 agus
  • Bainistiú Iompair agus Teagmhálacha Míréasúnta.

Cairt Custaiméirí 2024 – 2026

Tá an DPC tiomanta d’ardchaighdeán seirbhíse a sheachadadh agus leagann an chairt seo amach an caighdeán seirbhíse a theastaíonn uainn a chur ar fáil duitse, ár gcustaiméir. Mar chustaiméir, d’fhéadfadh tú a bheith i d’ábhar sonraí (i.e. duine aonair) nó i do rialaitheoir sonraí (eagraíocht a bhailíonn agus a rialaíonn sonraí pearsanta) nó i do phróiseálaí sonraí (eagraíocht a chuireann tasc i gcrích ina mbaintear úsáid as sonraí pearsanta, thar ceann rialaitheoir sonraí) nó i d’ionadaí ar cheann acu sin. Mar eagraíocht, tomhaisimid agus measaimid ár bhfeidhmíocht i leith na gcaighdeán seo agus tugaimid tuairisc orthu gach bliain inár dTuarascáil Bliaintúil. Tá sé mar aidhm againn seirbhís fhaisnéiseach agus chuiditheach a chur ar fáil dár gcustaiméirí agus go mbeadh a laghad moille i gceist agus is féidir.

Déan teagmháil leis an DPC

Más mian leat dul i dteagmháil go díreach leis an DPC ar cheist maidir le cosaint sonraí féach ar ár leathanach ‘Conas teagmháil a dhéanamh linn’ le haghaidh faisnéis reatha ar conas is féidir é seo a dhéanamh.

Plean Gnímh Seirbhísí Ardchaighdeáin do Chustaiméirí 2024 – 2026

Leagann an Plean Gnímh Seirbhísí Ardchaighdeáin do Chustaiméirí amach na céimeanna atá le déanamh go dtí deireadh 2026 chun na gealltanais atá leagtha amach sa Chairt Custaiméirí a chur i gcrích.

Bainistiú Iompair agus Teagmhálacha Míréasúnta

Is léiriú é Cairt Custaiméara an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (DPC) ar a bhfuil an DPC agus a chustaiméirí ag dúil leis agus féachtar lena chinntiú inti go gcomhlíonann ár n-eagras na prionsabail is airde sa tseirbhís phoiblí ghairmiúil. Leagtar amach sa Chairt teidlíochtaí daoine aonair agus iad ag plé le foireann an DPC. Lena chois sin, leagtar amach go mbímidne ag dúil go mbeidh daoine atá ag plé leis an DPC cúirtéiseach, oscailte, agus go mbeidh meas acu ar ár bhfoireann.