Nochtadh Cosanta a Dhéanamh don Choimisiún um Chosaint Sonraí

Is é atá san Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, arna leasú leis an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022, reachtaíocht a achtaíodh chun cosaint a thabhairt d’fhostaithe atá ag iarraidh ábhar imní a tharraingt anuas a bhaineann le héagóiritheoireacht fhéideartha san áit oibre. Leagtar amach san Acht roinnt bealaí ina bhféadfar nochtadh a dhéanamh d’fhostóirí agus do chomhlachtaí seachtracha.

Ról an Choimisiúin um Chosaint Sonraí

Foráiltear le halt 7 den Acht um Nochtadh Cosanta go bhféadfar nochtadh cosanta a dhéanamh do rialálaithe seachtracha áirithe, dá ngairtear “daoine forordaithe” san Acht. Tá na daoine forordaithe sin liostaithe in Ionstraim Reachtúil Uimh. 367/2020.

Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí ina dhuine forordaithe faoi alt 7 den Acht um Nochtadh Cosanta agus faoi Ionstraim Reachtúil Uimh. 367 de 2020. Fágann sé sin go bhféadfaidh fostaithe nochtadh cosanta a dhéanamh don Choimisiún um Chosaint Sonraí maidir le comhlíonadh na nAchtanna um Chosaint Sonraí.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Acht um Nochtadh Cosanta maidir le nochtadh a dhéanfar don Choimisiún um Chosaint Sonraí ar an mbealach sin ach amháin i gcás:

  • go gcreidfidh an duine a bhfuil an nochtadh á dhéanamh aige/aici le réasún go mbaineann an éagóiritheoireacht iomchuí le comhlíonadh na nAchtanna um Chosaint Sonraí; agus
  • go gcreidfidh an duine a bhfuil an nochtadh á dhéanamh aige/aici le réasún go bhfuil an fhaisnéis a nochtadh, agus aon líomhain atá inti, fíor go substaintiúil.

Tugtar aird ar gach nochtadh a fhaightear, áfach, agus déantar dianiarracht aghaidh a thabhairt go cuí ar na saincheisteanna a tharraingítear anuas iontu.

Tríd is tríd, is ar bhonn rúnda a dhéileáiltear le nochtaí cosanta a dhéantar don Choimisiún um Chosaint Sonraí. Tá roinnt eisceachtaí ann uaidh sin, mar shampla, i gcás gur gá an duine a rinne an nochtadh a shainaithint ionas gur féidir na nithe a tarraingíodh anuas a imscrúdú go héifeachtach.

Conas is féidir nochtadh a dhéanamh

Chun nochtadh a dhéanamh don Choimisiún um Chosaint Sonraí, seol ríomhphost chuig
protecteddisclosures@dataprotection.ie nó cuir glao ar 01-7650444

Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a bheith in aon nochtadh:

  • Ainm agus sonraí teagmhála an duine aonair a bhfuil an nochtadh á dhéanamh aige/aici
  • Ainm na heagraíochta/na n-eagraíochtaí atá i gceist
  • An oiread mionsonraí agus is féidir faoi na hábhair imní

Admhóimid go bhfuarthas an nochtadh laistigh de 7 lá agus déanfaimid measúnú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh.