Srian le Cearta Aonair in imthosca áirithe

Ní ceart absalóideach é an ceart cosanta sonraí.  Caithfear cothromaíocht a aimsiú i gcónaí idir an gceart seo agus luachanna eile, cearta bunúsacha, cearta an duine, nó leasanna príobháideacha nó poiblí, agus d’fhéadfadh go mbeadh cúinsí ann ina mbeidh cúis ag eagraíocht diúltú d’iarratas ó dhuine aonair chun a chearta cosanta sonraí a chur i bhfeidhm.

Tá srianta áirithe sna cearta cosanta sonraí a leagtar amach faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Mar shampla, ní chóir go ndéanfadh do cheart chun rochtain a fháil ar do shonraí dochar do chearta agus saoirsí daoine eile. Tá cearta áirithe cosanta sonraí nach mbaineann ach i gcúinsí áirithe. Ní bhaineann an ceart go ndéanfaí léirscriosadh (‘an ceart go ligfí i ndearmad’), mar shampla, ach faoi coinníollacha áirithe, mar shampla, i gcás nach gá na sonraí pearsanta a thuilleadh maidir leis an gcuspóir a bailíodh iad. I gcásanna áirithe an-teoranta ligeann an Rialachán Ginearálta d’eagraíochtaí táille réasúnta a ghearradh as freagra a thabhairt ar iarratas, nó fiú diúltú gníomhú ar iarratas, má tá sé soiléir go bhfuil an t-iarratas iomarcach nó gan bhunús.

Ceadaíonn an Rialachán Ginearálta tuilleadh srianta ar chearta cosanta sonraí sa dlí náisiúnta, ach caithfidh na srianta seo cloí le liosta uileghabhálach riachtanais, aird a thabhairt ar chearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, agus caithfidh siad bheith riachtanach agus comhréireach chun cosaint a thabhairt do chuspóirí áirithe a bhfuil ar leas na sochaí nó leas an phobail. Baineann roinnt de na srianta san Acht um Chosaint Sonraí 2018 le próiseáil a dhéantar chun críocha toghchán nó ag an gCoimisiún Reifrinn, chun rúndacht comh-aireachta a chosaint, chun cáin nó dleachtanna a reáchtáil, chun cearta dlíthiúla a fheidhmiú nó a chosaint, chomh maith le sonraí pearsanta a bhaineann le tuairim a tugadh faoi rún.

Ar aon nós, ní mór d’eagraíocht freagra a thabhairt ar d’iarratas laistigh de mí amháin, fiú má chreideann sé go bhfuil cúis aige é a dhiúltú. Nuair a dhiúltaíonn eagraíocht do d’iarratas, nó nuair a dhiúltaíonn sé do d’iarratas go pointe áirithe, is gá go leagfar amach go soiléir ina fhreagra na teorainn nó srian ar a bhfuil sé ag brath chun diúltú gníomhú ar an iarratas, agus na cúiseanna atá acu gan gníomhú a dhéanamh. Chomh maith leis seo, caithfidh an freagra cur in iúl duit gur féidir leat gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí nó leigheas breithiúnach a lorg.