An ceart chun iniomparthacht sonraí (Airteagal 20 den GDPR)

I roinnt imthosca, b'fhéidir go mbeafá tú i dteideal do chuid sonraí pearsanta a fháil ó rialaitheoir sonraí i bhformáid a chiallóidh go bhfuil sé níos éasca duit d'fhaisnéis a athúsáid i gcomhthéacs eile, agus na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir sonraí eile ar do rogha gan bhaca. Tugtar an ceart chun iniomparthacht sonraí air seo.

Cathain a thagann an ceart chun iniompartha sonraí chun cinn?

Níl feidhm ag an gceart seo ach amháin nuair a dhéantar sonraí pearsanta (arna soláthar ag an ábhar sonraí) apróiseáil trí mheán uathoibríoch, agus i gcás inar thoiligh tú don phróiseáil, nó i gcás ina ndéantar próiseáil ar bhonn conartha idir tú féin agus an rialaitheoir sonraí.

Níl feidhm ag an gceart seo thuas ach sa mhéid is nach ndéantar dochar do chearta ná saoirsí daoine eile.

Nuair a bheidh feidhm ag an gceart seo, cén chaoi a gcaithfidh rialaitheoir sonraí na sonraí a chur ar fail agus a tharchur?

I gcás ina bhfuil feidhm ag an gceart seo, ní mór do rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta a chur ar fáil agus a tharchur i bhfoirm struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín. Tá sonraí struchtúrtha agus inléite ag meaisín más féidir le ríomhaire a phróiseáil go héasca.

Faoin gceart seo, is féidir leat a iarraidh ar rialaitheoir sonraí do chuid sonraí a tharchur chuig rialaitheoir sonraí eile, má tá an tarchur sin indéanta go teicniúil.