An ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta (Airteagal 21 den GDPR)

Cathain a bhíonn ceart agat agóid a dhéanamh?

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne cineálacha áirithe próiseála ar do shonraí pearsanta nuair a dhéantar an próiseáil seo maidir le tascanna ar mhaithe

  • le leas an phobail,
  • faoi údarás oifigiúil,
  • le leasanna dlisteanacha daoine eile

Tá ceart níos láidre agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta i gcás ina mbaineann an próiseáil le margaíocht dhíreach. I gcás ina bhfuil rialaitheoir sonraí ag baint úsáide as do chuid sonraí pearsanta chun rud éigin a dhíol go díreach duit, nó á do phróifíliú chun críocha margaíochta dírí, is féidir leat a agóid dhéanamh tráth ar bith, agus ní mór don rialaitheoir sonraí stop a chur le próiseáil a luaithe a fhaigheann sé d'agóid.

Féadfaidh tú agóid a dhéanamh freisin i gcoinne do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha taighde, mura bhfuil an próiseáil riachtanach chun tasc a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail.
 

Conas a dhéantar agóid i gcoinne próiseála?

D'fhonn agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an rialaitheoir sonraí agus d’forais agóide a lua. Caithfidh na forais seo baint a bheith acu le do chás áirithe féin. I gcás ina ndearna tú agóid bhailí, ní mór don rialaitheoir sonraí stop a chur ar do shonraí pearsanta a phróiseáil, mura féidir leis an rialaitheoir sonraí cúiseanna dlisteanacha láidre a sholáthar chun leanúint ar le do shonraí a phróiseáil. Féadfaidh rialaitheoir sonraí leanúint go dleathach le do shonraí pearsanta a phróiseáil má tá sé riachtanach do chineálacha áirithe éileamh dlíthiúla.

Cad iad oibleagáidí rialaitheoir sonraí maidir leis an gceart seo?

Má bhíonn feidhm ag an gceart chun agóid a dhéanamh, tá sé de dhualgas ar rialaitheoir sonraí fógra a thabhairt duit maidir lei seo tráth a gcéad cumarsáide leat. Nuair a dhéantar próiseáil ar líne, ní mór do rialaitheoir sonraí modh ar líne a chur ar fáil chun agóid a dhéanamh.

Do chearta i dtaca le cinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú (Airteagal 22 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)

Tá an ceart agat chun gan a bheith faoi réir cinneadh atá bunaithe go hiomlán ar phróiseáil uathoibrithe. Is é is próiseáil “uathoibrithe” ann ná próiseáil a dhéantar gan aon idirghabháil ó dhaoine agus a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla aici nó a dhéanann difear suntasach duit.

Áirítear próifíliú le próiseáil uathoibrithe.

I dtaca le sonraí pearsanta, cé na cásanna ina gceadaítear próiseáil uathoibrithe a dhéanamh?

Ní cheadaítear próiseáil uathoibrithe a dhéanamh ach amháin i gcás go dtugann tú do thoiliú sainráite, gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh a chomhlíonadh nó go n-údaraítear an phróiseáil le dlí an Aontais nó le dlí na mBallstát. I gcás go bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí sin, ní mór bearta oiriúnacha a bheith i bhfeidhm chun do chearta, do shaoirsí agus do leasanna dlisteanacha a chosaint. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis sin an ceart chun idirghabháil ó dhaoine a fháil ar thaobh an rialaitheora, an ceart chun do dhearcadh a chur in iúl agus an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.

I dtaca le catagóir speisialta sonraí pearsanta (‘íogaire’), cé na cásanna ina gceadaítear próiseáil uathoibrithe a dhéanamh?

I gcás go mbaineann an phróiseáil uathoibrithe le catagóirí speisialta sonraí pearsanta (atá leagtha amach sa sainmhíniú ar na príomhthéarmaí thuas), ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin i gcás gur thug tú do thoiliú sainráite leis an bpróiseáil nó gur gá an phróiseáil a dhéanamh ar chúiseanna mórleasa phoiblí.