An ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis (trédhearcacht) (Airteagail 13 & 14 GDPR)

Ba cheart aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bheith dleathach, cothrom agus trédhearcach. Ba cheart é a bheith soiléir agus trédhearcach do dhaoine aonair go ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leo a bhailiú nó a úsáid nó go n-amharctar ar shonraí den sórt sin nó go ndéantar iad a phróiseáil ar bhealach eile. Ba cheart a mhéid a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil nó a dhéanfar iad a phróiseáil a bheith soiléir agus trédhearcach dóibh freisin. Tá an ceart, faoi Airteagail 13 agus 14 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, go gcuirfí daoine ar an eolas ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí de na hoibleagáidí atá ar aon eagraíocht bheith trédhearcach.

Ceanglaítear le prionsabal na trédhearcachta go mbeadh sé éasca rochtain a fháil ar aon fhaisnéis nó ar aon chumarsáid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus go mbeadh sé éasca an fhaisnéis sin nó an chumarsáid sin a thuiscint, agus go ndéanfaí teanga shoiléir shimplí a úsáid. Ceanglaítear freisin gur cheart é a bheith éasca rochtain a fháil ar aon fhaisnéis atá dírithe ar an bpobal nó ar an ábhar sonraí, gur cheart an fhaisnéis sin a bheith gonta agus éasca le tuiscint agus gur cheart í a bheith i dteanga shoiléir shimplí agus, sa bhreis air sin, gur cheart úsáid a bhaint as léirshamhlú, nuair is cuí. Toisc go bhfuil cosaint ar leith dlite do leanaí, ba cheart aon fhaisnéis agus cumarsáid maidir le próiseáil a bhaineann le leanbh a thabhairt i dteanga shoiléir shimplí le go bhféadfaidh an leanbh í a thuiscint go héasca.

Ba cheart daoine aonair a chur ar an eolas faoi rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus faoin mbealach lena gcearta a fheidhmiú i ndáil le próiseáil den sórt sin. Ba cheart, go háirithe, na críocha sonracha ar chucu a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil a bheith lánsoiléir agus dlisteanach agus ba cheart iad a chinneadh tráth bhailiú na sonraí pearsanta.

Nuair a bhailítear na sonraí pearsanta uait, ní mór don rialaitheoir sonraí an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt duit:

  1. Céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora sonraí (agus nuair is infheidhme, ionadaí an rialaitheora);
  2. Sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí (duine atá freagrach as ábhair a bhaineann le cosaint sonraí laistigh den eagraíocht);
  3. Cuspóirí(í) an phróiseála agus bonn dleathach na phróiseála;
  4. I gcás ina bhfuil próiseáil bunaithe ar leasanna dlisteanacha an rialaitheora nó tríú páirtí, leasanna dlisteanacha an rialaitheora;
  5. Aon fhaighteoir nó faighteoirí eile de na sonraí pearsanta;
  6. Más infheidhme, sonraí faoi aon aistrithe atá beartaithe chuig tríú tír (ballstát neamh-AE) nó eagraíocht idirnáisiúnta agus sonraí maidir le cinntí agus cosaintí leordhóthanachta;
  7. An tréimhse coinneála (cé chomh fada is atá eagraíocht ag gabháil do shonraí) nó, más rud é nach féidir sin a dhéanamh, an critéir a úsáidtear chun an tréimhse coinneála a chinneadh;
  8. Go bhfuil na cearta seo a leanas ann -
    • Ceart rochtana
    • Ceart ceartúcháin
    • An Ceart chun léirscriosadh a dhéanamh
    • An Ceart chun próiseáil a shrianadh
    • Ceart chun sonraí iniompartha a fháil
    • An Ceart chun agóid a dhéanamh

          agus iad a iarraidh ón rialaitheoir sonraí.

  1. I gcás ina bhfuil an próiseáil bunaithe ar thoiliú, an ceart chun an toiliú a tharraingt siar ag am ar bith, gan dochar a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála bunaithe ar thoiliú sula dtarraingeofar siar é;
  2. An ceart gearán a dhéanamh le húdarás maoirseachta;
  3. Cibé an ceanglas reachtúil nó conarthach é, a theastaíonn chun conradh, oibleagáid a chomhlíonadh sonraí pearsanta a sholáthar, agus na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann gan na sonraí pearsanta a chur ar fáil;
  4. Má bhíonn aon phróisis chinnteoireachta uathoibríocha curtha i bhfeidhm ar na sonraí, lena n-áirítear próifíliú, agus faisnéis bhreise a thabhairt maidir le conas a dhéantar cinntí, an tábhacht agus na hiarmhairtí a bhaineann le próiseáil.

Cathain ar chóir an fhaisnéis seo a sholáthar duit?

Ag an am a bhailítear do chuid sonraí pearsanta uait

Conas a chuirfear an fhaisnéis seo ar fáil duit?

Is féidir treoir shoiléir ar an bpróiseas seo a fháil sa rannóg 'Conas a chuirfear an fhaisnéis ar fáil?' (Leathanach 12 den treoirleabhar seo).

Cad a tharlaíonn nuair a bheartaíonn an rialaitheoir sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críche seachas an cuspóir ar bailíodh iad ar dtús?

I gcás ina mbeartaíonn an rialaitheoir do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche eile (seachas an an cuspóir ar bailíodh na sonraí ar dtús):

  • Ní mór don rialaitheoir aon fhaisnéis ábhartha eile a sholáthar duit, de réir 1 - 12 thuas, roimh an bpróiseáil eile sin.

An bhfuil imthosca ar bith ann nach mbeidh na ceanglais sin i bhfeidhm?

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais thuas i gcás ina bhfuil an t-eolas thuas agat cheana féin.

Ceadaíonn Airteagal 23 den GDPR go gcuirfidh dlí náisiúnta srian leis an gceart seo i gcúinsí áirithe, mar shampla, chun cionta coiriúla a chosc nó a bhrath.

NÓTA THÁBHACHTACH: Leagtar amach le hAirteagal 6 den GDPR liosta iomlán de chuspóirí dleathacha chun sonraí pearsanta a phróiseáil. Is iad na sé chuspóirí dleathacha chun sonraí pearsanta a phróiseáil ná:

  1. Toiliú.
  2. Chun conradh a chomhlíonadh.
  3. Chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil eagraíocht faoina réir a chomhlíonadh.
  4. Nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha duine a chosaint.
  5. Nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail.
  6. Ar mhaithe le leasanna dlisteanach cuideachta/eagraíochta (seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta agus ar shaoirsí an duine aonair).*

Go hiondiúil, d’fhéadfadh aon ceann amháin de na cuspóirí thuas cuspóir dlíthiúil le sonraí pearsanta a phróiseáil.

*Tabhair do d’aire go forálann Airteagal 6(1)(f) nach bhfuil an cuspóir maidir le “leasanna dlisteanacha” ar fáil d’údaráis poiblí maidir le próiseáil a dhéanann siad i gcomhlíonadh a gcúraimí.

  1. I gcás nach bhfuarthas na sonraí pearsanta uait féin, ní mór don rialaitheoir na sonraí a leanas a sholáthar duit:
    • Céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora sonraí (agus nuair is infheidhme, ionadaí an rialaitheora).
    • Sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí (duine atá freagrach as ábhair a bhaineann le cosaint sonraí laistigh den eagraíocht).
    • Cuspóirí(í) an phróiseála agus bonn dleathach na phróiseála.
    • I gcás ina bhfuil próiseáil bunaithe ar leasanna dlisteanacha an rialaitheora nó tríú páirtí, leasanna dlisteanacha an rialaitheora;
    • Aon fhaighteoir nó faighteoirí eile de na sonraí pearsanta.
    • Más infheidhme, sonraí faoi aon aistrithe atá beartaithe chuig tríú tír (ballstát neamh-AE) nó eagraíocht idirnáisiúnta agus sonraí maidir le cinntí agus cosaintí leordhóthanachta.
    • An tréimhse coinneála (cé chomh fada is atá eagraíocht ag gabháil do shonraí) nó, más rud é nach féidir sin a dhéanamh, an critéir a úsáidtear chun an tréimhse coinneála a chinneadh.
    • Go bhfuil na cearta seo a leanas ann -
      • an ceart chun rochtain a fháil
      • an ceart go gcuirfí i gceart
      • an ceart go ndéanfaí léirscriosadh
      • an ceart chun srian a chur le próiseáil
      • an ceart chun iniomparthacht sonraí
      • an ceart chun agóid a dhéanamh
      • agus faisnéis ar conas iad seo a iarraidh ón rialaitheoir sonraí
    • I gcás ina bhfuil an próiseáil bunaithe ar thoiliú, an ceart chun an toiliú a tharraingt siar ag am ar bith, gan dochar a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála bunaithe ar thoiliú sula dtarraingeofar siar é.
    • An ceart gearán a dhéanamh le húdarás maoirseachta.
    • An gá sonraí pearsanta a chur ar fáil de bharr riachtanais reachtúla nó conartha, chun conradh a dhéanamh, mar oibleagáid, agus na hiarmhairtí féideartha mura chuirfear na sonraí pearsanta ar fáil.
    • An bhfuil aon próisis cinnteoireachta uathoibríocha ann a chuirfear leis na sonraí, próifiliú san áireamh, agus faisnéis fhiúntach faoi conas a dhéantar cinntí, tábhacht agus iarmhairtí na próiseála.
  1. Faisnéis ar na cineáil sonraí pearsanta atá á gcoimeád aige fút.
  2. Faisnéis ar conas go bhfuair sé na sonraí pearsanta agus ar tháinig siad ó fhoinsí atá ar fáil don phobal nó nár tháinig.

Cathain ar chóir an fhaisnéis seo a sholáthar duit?

  • Laistigh d’am réasúnach tar éis na sonraí a fháil agus, ar a dhéanaí, laistigh de mhí amháin.
  • Má bhaintear úsáid as na sonraí chun teagmháil a dhéanamh leat, ar a dhéanaí, nuair a tharlaíonn an chéad cumarsáid.
  • Má cheaptar go nochtfar do shonraí pearsanta le faighteoir eile, nuair a nochtar do shonraí pearsanta don chéad uair.

Conas a chuirfear an fhaisnéis seo ar fáil duit?

Is féidir treoir shoiléir ar an bpróiseas seo a fháil sa rannóg 'Conas a chuirfear an fhaisnéis ar fáil?'

Cad a tharlaíonn nuair a bheartaíonn an rialaitheoir sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críche seachas an cuspóir ar bailíodh iad ar dtús?

I gcás ina mbeartaíonn an rialaitheoir do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche eile (seachas an an cuspóir ar bailíodh na sonraí ar dtús), ní mór don rialaitheoir aon fhaisnéis ábhartha eile a sholáthar duit, roimh an bpróiseáil eile sin.

An bhfuil imthosca ar bith ann nach mbeidh na ceanglais sin i bhfeidhm?

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais thuas:

  • I gcás ina bhfuil an t-eolas thuas agat cheana féin;
  • I gcás ina bhféadfaí soláthar na faisnéise sin dodhéanta nó go mbeadh iarracht díréireach ann;
  • I gcás ina n-oibleagáid dhlíthiúil an fhaisnéis nó an nochtadh a fháil agus
  • Más rud é go gcaithfear na sonraí pearsanta a bheith faoi rún mar gheall ar oibleagáid ar rúndacht ghairmiúil arna rialú de réir an dlí.

De ghnáth, comhlíonfar an ceart seo trí 'Fhógra Príobháideachta'.

NÓTA THÁBHACHTACH: Leagtar amach le hAirteagal 6 den GDPR liosta iomlán de chuspóirí dleathacha chun sonraí pearsanta a phróiseáil. Is iad na sé chuspóirí dleathacha chun sonraí pearsanta a phróiseáil ná:

  1. Toiliú.
  2. Chun conradh a chomhlíonadh.
  3. Chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil eagraíocht faoina réir a chomhlíonadh.
  4. Nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha duine a chosaint.
  5. Nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail.
  6. Ar mhaithe le leasanna dlisteanach cuideachta/eagraíochta (seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta agus ar shaoirsí an duine aonair).*

Go hiondiúil, d’fhéadfadh aon ceann amháin de na cuspóirí thuas cuspóir dlíthiúil a thabhairt le sonraí pearsanta a phróiseáil.

*Tabhair do d’aire go forálann Airteagal 6(1)(f) nach bhfuil an cuspóir maidir le “leasanna dlisteanacha” ar fáil d’údaráis poiblí maidir le próiseáil a dhéanann siad i gcomhlíonadh a gcúraimí.