An ceart go gcuirfí srian le próiseáil (Airteagal 18 den GDPR)

Tá ceart teoranta agat próiseáil do shonraí pearsanta ag rialaitheoir sonraí a shrianú. Nuair atá srian ar do chuid sonraí a phróiseáil, is féidir leis an rialaitheoir sonraí iad a stóráil, ach beidh do thoilliú ag teastáil don chuid is mó de na gníomhaíochtaí próiseála eile, mar shampla léirscriosadh.

Conas a bhaineann an ceart seo?

Tá feidhm aige ar cheithre bhealach. Baineann an chéad dá chineál srianú próiseála i gcás ina ndéanann tú agóid in aghaidh do shonraí a phróiseáil faoi Airteagal 21, nó i gcás inar cheistigh tú chruinneas do chuid sonraí. Sna cásanna seo, tá feidhm ag an srian go dtí go gcinnfidh an rialaitheoir sonraí cruinneas na sonraí, nó toradh d’agóide.

Baineann an tríú cás inar féidir leat srian a lorg le próiseáil atá neamhdhleathach. Sna cásanna seo, mura dteastaíonn uait go léirscriosfaidh rialaitheoir sonraí do chuid faisnéise, is féidir leat srianú a lorg ar na sonraí pearsanta ina ionad.

Baineann an ceathrú cineál srianú próiseála le cás ina theastaíonn sonraí uait chun crícheanna éilimh dhlíthiúil. Sa chás seo, is féidir leat srianú a lorg fiú amháin i gcás nach dteastaíonn na sonraí ón rialaitheoir sonraí a thuilleadh.

Nuair a fhaightear srian ar phróiseáil, cad iad oibleagáidí an rialaitheora sonraí?

I gcás go bhfuair tú srian ar phróiseáil do shonraí, caithfidh an rialaitheoir.sonraí tú a chur ar an eolas roimh an srian a bhaint.