Cúig bliana RGCS - Podchraoladh maidir le sonraí leanaí

25th Mí Bealtaine 2023

Comóradh cúig bliana theacht i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) is ea an lá inniu, an 25 Bealtaine 2023. Chun an ócáid a chomóradh, labhair Graham Doyle, Leas-Choimisinéir, le Jennifer Dolan, Coimisinéir Cúnta (ceann an Bheartais um Chosaint Sonraí Leanaí), faoi obair an Choimisiúin um Chosaint Sonraí i réimse na gceart cosanta sonraí leanaí thar na cúig bliana seo a chuaigh thart agus faoina bhfuil i ndán don réimse sin go fóill.

Chun éisteacht leis an bpodchraoladh, cliceáil thíos chun é a sheinm (MP3, 20:05 nóiméad)

 

Áirítear iad seo a leanas leis na topaicí a pléadh: 

  • An dóigh a raibh RGCS ar an gcéad dlí cosanta sonraí riamh ón Aontas Eorpach lenar tugadh aird speisialta ar shonraí pearsanta leanaí a chosaint agus ar an seasamh atá ag leanaí mar ábhair sonraí. Pléadh freisin bunú an Aonaid Beartais Leanaí sa Choimisiún sa bhliain 2018.

  • An taighde mionsonraithe agus na comhairliúcháin mhionsonraithe a rinne an tAonad Beartais Leanaí chun treoir a chruthú maidir le saincheisteanna a bhaineann le leanaí, ar treoir í ar féidir le heagraíochtaí í a úsáid mar threochlár dá ngníomhaíochtaí próiseála.

  • An obair a rinne an Coimisiún chun trí threoir ghearra a ullmhú do leanaí maidir le cosaint sonraí agus maidir leis na cearta atá acu faoi RGCS, chun sraith ábhar treorach a ullmhú do thuismitheoirí maidir leis na cearta cosanta sonraí atá ag a leanaí, agus chun gníomhaíochtaí eile múscailte feasachta a sheoladh.

Tuilledh eolais:

Treoir d’eagraíochtaí:

 Treoir do leanaí:

Treoir do thuismitheoirí:

Físeáin Mhol Seirbhísí Digiteacha ISPCC maidir le cosaint sonraí leanaí:

I gcomhar le Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí (ISPCC), chuir an Coimisiún sraith físeán maidir le saincheisteanna cosanta sonraí leanaí le chéile do Mhol Seirbhísí Digiteacha ISPCC.