Foilsíonn an DPC an leagan deireanach de “Bunphrionsabail” Leanaí

Dhréachtaigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) na Bunphrionsabail le haghaidh Cur Chuige a Dhíríonn ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí (na Bunphrionsabail) chun feabhsuithe ar chaighdeáin i bpróiseáil sonraí a spreagadh. Tugtar isteach leo prionsabail léirmhíniúcháin cosaint sonraí a bhaineann go sonrach le leanaí lena gcuirfear feabhas ar an leibhéal cosanta a thugtar do leanaí ar na rioscaí um próiseáil sonraí a chuirtear rompu trína n-úsáid as/ rochtain ar sheirbhísí sa saol ar líne agus sa saol as líne araon. Ag an am céanna, beidh na Bunphrionsabail ina gcuidiú d’eagraíochtaí a phróiseálann sonraí leanaí, trí shoiléireacht a thabhairt ar na prionsabail, a thagann as na hoibleagáidí ardleibhéil faoin GDPR, a bhfuil an DPC ag súil go gcloífidh na heagraíochtaí sin leo.

Foilsíodh na Bunphrionsabail ar dtús mar dhréacht i mí na Nollag 2020, agus d’eagraigh an DPC comhairliúchán poiblí maidir leis an dréachtleagan de na Bunphrionsabail d’fhonn an deis deiridh a thabhairt do na geallsealbhóirí a gcuid tuairimí a chur in iúl. Braitheann an leagan deireanach seo de na Bunphrionsabail go mór ar chomhairliúcháin shuntasacha, ionchur saineolaithe agus aighneachtaí páirtithe leasmhara, lena n-áirítear leanaí iad féin.

Tá an domhan digiteach lárnach do shaol leanaí agus tosaíonn bailiú agus úsáid sonraí leanaí ag aois luath agus leanann sé ar feadh a tsaoil. Ní cheart bheith ag dréim le leanaí an próiseas sin a bhainistiú iad féin, nó a chinntiú go seasfar lena gcearta. Measann an DPC go gcruthóidh na Bunphrionsabail timpeallachtaí a bheidh níos sábháilte, níos oiriúnaí agus ina dtabharfar níos mó measa ar phríobháideacht do leanaí chun imirt orthu, bheith ag caidreamh agus ag cruthú orthu ná na cinn atá ann faoi láthair.

Léigh Bunphrionsabail Deiridh an DPC anseo.