Leanaí sa Tosach agus sa Lár: Bunphrionsabail le hagaigh Cur Chuige a Dhíríonn ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí

18th Mí na Nollag 2020

Dhréachtaigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) na Bunphrionsabail le haghaidh Cur Chuige a Dhíríonn ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí (na Bunphrionsabail) chun feabhsuithe ar chaighdeáin i bpróiseáil sonraí a spreagadh. Tugtar isteach leo bearta cosaint sonraí a bhaineann go sonrach le leanaí lena gcuirfear feabhas ar an leibhéal cosanta a thugtar do leanaí ar na rioscaí um próiseáil sonraí a chuirtear rompu trína n-úsáid as/ rochtain ar sheirbhísí sa saol ar líne agus sa saol as líne araon. Ag an am céanna, beidh na Bunphrionsabail ina gcuidiú d’eagraíochtaí a phróiseálann sonraí leanaí, trí shoiléireacht a thabhairt ar na prionsabail, a thagann as na hoibleagáidí ardleibhéil faoin GDPR, a bhfuil an DPC ag súil go gcloífidh na heagraíochtaí sin leo.

Cuireadh bonn eolais faoin doiciméad sin le hionchur ón gcomhairliúchán poiblí dhá shruth a thionóil an DPC sa chéad leath de 2019. Díríodh sruth amháin den chomhairliúchán sin go díreach ar leanaí agus ar dhaoine óga agus spreagadh iad chun smaoineamh ar a n-úsáid as a sonraí pearsanta agus ar a gcearta i gcomhthéacs na meán sóisialta agus a dtuairimí a thabhairt ina leith. Díríodh an sruth eile den chomhairliúchán ar gach páirtí leasmhar eile lena n-áirítear tuismitheoirí, oideoirí agus eagraíochtaí ceart leanaí, chomh maith le heagraíochtaí a phróiseálann sonraí leanaí.

Léigh dréacht-bhunphrionsabail an DPC anseo: Bunphrionsabail Le Haghaidh Cur Chuige A Dhíríonn Ar Leanaí Maidir Le Próiseáil Sonraí - Dréacht-Leagan Le Haghaidh Comhairliúchán Poiblí

Tá an leagan seo de na Bunphrionsabail foilsithe chun dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ar fad. Féidir tuairimí agus aighneachtaí maidir leis na Bunphrionsabail sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí faoin 31 Márta 2021.

Ba cheart freagairtí ar bith a sheoladh ar ríomhphost chuig childrensconsultation@dataprotection.ie. Mar rogha eile, is féidir freagairtí a chur sa phost chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Aonad Bheartas na Leanaí

21 Cearnóg Mhic Liam Theas

D02 RD28

Éire