Fiosrúchán maidir leis an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta
Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán seo maidir le sárú ar shonraí pearsanta a chur an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (‘PIAB’) in iúl don DPC ar an 10 Nollaig 2019. Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an PIAB a dhéileálann le héilimh díobhála pearsanta. Tharla an sárú ar shonraí pearsanta nuair a rinne eagraíocht tríú páirtí (‘an Tríú Páirtí’), a bhí faoi chonradh le PIAB, ábhair ina raibh sonraí pearsanta a sheol ar ais chuig PIAB ar mhéaróg USB neamhchriptithe i gclúdach litreach páipéir. I ndeireadh na dála, cailleadh an mhéaróg USB sa phost agus níor seachadadh ach clúdach litreach stróicthe go dtí an PIAB.
Smaoinigh an Fiosrúchán ar chomhlíon nó nár chomhlíon an PIAB an oibleagáid a bhí air faoi Airteagal 32 GDPR chun leibhéal cuí slándála a chur i bhfeidhm. Dheimhnigh an fiosrúchán gur iarr an PIAB roimh ré nach seolfadh an Tríú Páirtí na sonraí pearsanta chuig an PIAB. Sa chúinsí sin, fuair an Cinneadh nach mbeadh aon seans go dtuarfadh an PIAB go ndéanfadh an Tríú Páirtí, gan aon chomhairle leis an PIAB, gléas stórála USB neamhchriptithe a sheoladh chuige i gclúdach litreach nach raibh stuáilte tríd an ghnáthphost (seachas post cláraithe).
Na cumhachtaí ceartaitheacha a cuireadh i bhfeidhm
- Níor chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí aon cumhachtaí ceartaitheacha i bhfeidhm sa chás seo cé nár bhfuarthas gur sháraigh an PIAB aon fhoráil den GDPR.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Fiosrúchán maidir leis an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta Eanáir 2022 (PDF, 628KB).
Fiosrúchán maidir le Comhar Creidmheasa Bhaile Shláine
Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán seo maidir le sárú ar shonraí pearsanta a chur Comhar Creidmheasa Bhaile Shláine in iúl don DPC ar an 30 Samhain 2018. Bunaíodh Comhar Creidmheasa Bhaile Shláine ar an 16 Feabhra 1968 mar bhall de Chonradh na hÉireann de Chomhair Creidmheasa. Déantar rialú air ag Banc Ceannais na hÉireann faoi alt 84 den Acht um Chomhar Creidmheasa 1997.
Bhain an sárú ar shonraí pearsanta le nochtadh neamhúdaraithe de shonraí pearsanta i bhfoirm foilsiú neamhbheartaithe de shonraí baill ar an idirlíon. Cuireadh tuarascálacha boird áirithe a bhain le hiarrataí ballraíochta ar fáil go poiblí gan chuimhneamh trí thorthaí innill chuardaigh ar feadh tréimhse in 2018. De réir Comhair Creidmheasa Bhaile Shláine, tharla an eachtra seo de bharr uasdátú nach raibh Comhar Creidmheasa Bhaile Shláine ag súil leis a rinneadh ar uirlis optamaithe innill chuardaigh suiteáilte ar an suíomh gréasáin.
Fuair an cinneadh sáruithe ar na forálacha seo a leanas den GDPR:
- Sháraigh Comhar Creidmheasa Bhaile Shláine Airteagal 5(1)(f) agus 32(1) nuair nár chuir sé bearta eagraíochtúla cuí i bhfeidhm chun leibhéal slándála cuí a chinntiú i leith an riosca a cuireadh i láthair ag an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta a chuid ball;
- Sháraigh Comhar Creidmheasa Bhaile Shláine Airteagal 24 agus 30(1) nuair nár chuir sé bearta eagraíochtúla cuí i bhfeidhm a chur cineál, scóip, comhthéacs agus cuspóirí a chuid próiseáil san áireamh, agus nuair nár chuir sé an t-eolas ábhartha ar fad san áireamh ina thaifead próiseála; agus
- Sháraigh Comhar Creidmheasa Bhaile Shláine Airteagal 28(1) agus (3) nuair nach ndearna sé dícheall cuí ar a phróiseálaí agus nuair nár chuir sé aontas i bhfeidhm lena phróiseálaí a chomhlíon forálacha Airteagail 28(3) den GDPR
Na cumhachtaí ceartaitheacha a cuireadh i bhfeidhm
- Rinne an cinneadh fíneáil riaracháin a fhorchuir ar Chomhar Creidmheasa Bhaile Shláine san iomlán €5,000 maidir leis an sárú d’Airteagal 5(1)(f) den GDPR (prionsabal slándála próiseála).
- Thug an cinneadh iomardú do Chomhar Creidmheasa Bhaile Shláine maidir leis na sáruithe go léir.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Comhar Creidmheasa Bhaile Shláine Eanáir 2022 (PDF, 898 KB).
Fiosrúchán maidir le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
D’iarr an fiosrúchán seo a mheas an raibh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag próiseáil sonraí pearsanta de réir an GDPR agus an Acht um Chosaint Sonraí 2018. Scrúdaigh an fiosrúchán roinnt d’oibríochtaí próiseála na Comhairle, lena n-áirítear an úsáid a bhain said as ceamaraí CCTV, teicneolaíocht Uathaitheanta Uimhirphlátaí agus dróin in áiteanna poiblí, a úsáideadh chun coireacht a fhorfheidhmiú nó do chuspóirí eile.
Is iad seo a leanas roinnt de na torthaí sa chinneadh:
- Níl aon bunús dlí ag an gComhairle sonraí pearsanta a phróiseáil trí cheamaraí CCTV le haghaidh cuspóirí bainistíochta tráchta.
- Bhí easpa bunúis dlí ag an gComhairle le haghaidh roinnt ceamaraí CCTV a úsáideadh i gcoinne coireachta, toisc nár thaispeáin an Chomhairle go bhfuair sí údar Choimisinéara na nGardaí de bhun alt 38(3) d’Acht an Gharda Síochána 2005 a bhí soiléir, cruinn agus intuartha go leor mar a luaitear go sonrach ag an GDPR.
- Bhí easpa bunúis dlí ag an gComhairle faireachas a dhéanamh le ceamaraí CCTV a bhain úsáid as teicneolaíocht Uathaitheanta Uimhirphlátaí.
- Sháraigh an Chomhairle Airteagal 15 den GDPR trí diúltú d’iarratais rochtana ábhair sonraí maidir le ceamaraí CCTV a úsáideadh le haghaidh cuspóirí bainistíochta tráchta.
- Theip ar an gComhairle a hoibleagáidí trédhearcachta faoi Airteagal 13 a chomhlíonadh mar gheall nár chuir sí suas comharthaí maidir lena hoibleagáidí próiseála CCTV.
- Sháraigh an Chomhairle Airteagal 12 den GDPR mar gheall nár chinntigh sí go mbeadh a Polasaí CCTV inrochtana nó trédhearcach go leor.
Na cumhachtaí ceartaitheacha a fheidhmíodh
- Cuireadh cosc sealadach ar shonraí pearsanta a phróiseáil le ceamaraí CCTV ag roinnt áiteanna a úsáideadh le haghaidh forfheidhmiú dlí coiriúil go dtí go bhféadfaí bunús dlí a aithint.
- Cuireadh cosc sealadach ar shonraí pearsanta a phróiseáil le ceamaraí CCTV a úsáideadh le haghaidh cuspóirí bainistíochta tráchta go dtí go bhféadfaí bunús dlí a aithint.
- Tugadh ordú do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a cuid próiseáil sonraí pearsanta a chur i gcomhlíonadh ag tógáil gníomhartha ar leith, a leagtar amach go sonrach sa chinneadh.
- Eisíodh iomardú maidir le roinnt de na sáruithe a rinne Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
- Gearradh fineáil riaracháin san iomlán €110,000.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Fiosrúchán maidir le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh Nollaig 2021 (PDF, 1,622 KB).
Fiosrúchán maidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta
Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán seo maidir le sárú ar shonraí pearsanta a chur an Chomhairle Mhúinteoireachta (an Chomhairle) in iúl don DPC ar an 9 Márta 2020. Is í an Chomhairle an comhlacht um chaighdeáin ghairmiúla don mhúinteoireacht, agus is é an cuspóir atá aici ná caighdeáin ghairmiúla na gairme a chur chun cian agus a rialáil.
Tharla an sárú ar shonraí pearsanta nuair a d’oscail beirt d’fhoireann na Comhairle ríomhphost fioscaireachta, rud a lig ansin do riail inar seoladh ríomhphoist ar aghaidh go huathoibríoch óna gcuntais ríomhphoist chuig cuntas ríomhphoist mailíseach. Dá bharr sin, idir an 17 Feabhra 2020 agus an 6 Márta 2020 nuair a thángthas ar an riail uathoibríoch, seoladh 323 ríomhphost ar agaidh go dtí an seoladh ríomhphoist seachtrach neamhúdaraithe. Sna ríomhphoist seo bhí sonraí pearsanta de chuid 9,735 ábhar sonraí agus sonraí pearsanta íogaire d’ábhar sonraí amháin.
- Chinn an cinneadh gur sháraigh an Chomhairle Airteagal 5(1) agus Airteagal 5(2) den GDPR idir an 25 Bealtaine 2018, nuair a tháinig an GDPR i bhfeidhm, agus dátaí na sáruithe ar shonraí pearsanta, trí mhainneachtain sonraí pearsanta a phróiseáil i mbealach a chinntigh slándáil na sonraí pearsanta trí úsáid a bhaint as bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla.
- Chinn an cinneadh gur sháraigh an Chomhairle Airteagal 33(1) den GDPR mar gheall nár chuir sí an sárú/na sáruithe a chur in iúl don DPC nuair ba cheart di bheith ar an eolas fúthu.
Na cumhachtaí ceartaitheacha a fheidhmíodh
- Ghearr an cinneadh fineáil riaracháin ar an gComhairle san iomlán €60,000 maidir leis na sáruithe.
- D’eisigh an cinneadh iomardú don Chomhairle maidir leis an sáruithe.
- Le machnamh cuí ar na bearta a chur an Chomhairle i bhfeidhm roimhe seo ó tharla an sárú ar shonraí pearsanta agus le linn an fhiosrúcháin, tugadh an dáta 2 Meitheamh 2022 don Chomhairle chun a cuid oibríochtaí próiseála a chur i gcomhlíonadh le hAirteagail 5(1) agus 32(1) den GPDR
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Fiosrúchán maidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta Nollaig 2021 (PDF, 1,124 KB).
Fiosrúchán maidir le MOVE (Men Overcoming Violence) Éireann
Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán maidir le shárú ar shonraí pearsanta a chuir MOVE in iúl don DPC an 3 Feabhra 2020. Is carthanas cláraithe é MOVE, a oibríonn sa raon foréigin teaghlaigh, agus é mar phríomhaidhm leis tacú le sábháilteacht agus folláine ban agus a gcuid leanaí atá nó a bhí ag fulaingt foréigin/drochíde i ndlúthchaidreamh. Déanann MOVE sin trí ghrúpsheisiúin sheachtainiúla a éascú d’fhir (rannpháirtithe) a bhfuil áisitheoir páirteach iontu chun na fir a spreagadh freagracht a ghlacadh as a gcuid bhforéigin agus chun a meon agus iompar a athrú. Baineann an sárú ar shonraí pearsanta le hocht gCárta SD déag a cailleadh a bhféadfaí go raibh taifid orthu de ghrúpsheisiúin chlár MOVE, taifid de rannpháirtithe ag déanamh cur síos le háisitheoir ar a gcuid iompair agus meoin maidir le foréigean teaghlaigh. Cé gur dhírigh na taifid de na ghrúpsheisiúin ar na háisitheoirí ag seachadadh na seisiún, d’fhéadfaí go bhfuil cuid de na rannpháirtithe le feiceáil agus le cloisteáil sna taifid; ina theannta sin áirítear ar na sonraí pearsanta ar na Cártaí SD na rannpháirtithe ag nochtadh iompar, tuairimí agus dearcthaí i leith a bpáirtí reatha nó iarpháirtíthe dá gcuid, daoine muinteartha eile agus cairde, agus d’fhéadfaí go bhfuil ainmneacha na ndaoine sin tugtha ag na rannpháirtithe. Mhaígh MOVE go bhféadfadh tionchar a bheith ag an sárú ar shonraí pearsanta ar idir 80 agus 120 fear, agus, ar ar a laghad áisitheoir amháin in aghaidh gach seisiún a taifeadadh.
- De réir an chinnidh, sháraigh MOVE Airteagail 5(1)(f) agus 32(1) den GDPR nuair nár cuireadh bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm ar mhaithe le leibhéal slándála cuí a chinntiú i leith an riosca a chuir próiseáil trí ghrúpsheisiún a thaifeadadh ar Chártaí SD ina raibh sonraí pearsanta rannpháirtithe agus áisitheoirí i láthair.
Na cumhachtaí ceartaitheacha a cuireadh i bhfeidhm
- Eisíodh, leis an gcinneadh, iomardú do MOVE maidir leis na sáruithe.
- Ordaíodh leis an gcinneadh do MOVE a chuid próiseála maidir le grúpsheisiúin a thaifeadadh ar Chártaí SD a chur ar bhonn comhlíonta le hAirteagail 5(1)(f) agus 32(1) den GDPR.
- Forchuireadh leis an gcinneadh fíneáil riaracháin €1,500 ar MOVE maidir leis na sáruithe.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): MOVE Éireann Lúnasa 2021 (PDF, 649 KB).
Cinneadh maidir le WhatsApp Ireland Ltd.
Scrúdaigh an fiosrúchán seo, a chuir an DPC tús leis ar an 10 Nollaig 2018, ar chomhlíon nó nár chomhlíon WhatsApp Ireland Ltd a chuid oibleagáidí trédhearcachta faoin GDPR maidir le faisnéis a sholáthar agus trédhearcacht na faisnéise sin do dhaoine a úsáideann agus daoine nach n-úsáideann seirbhís WhatsApp. Cuimsíonn sé seo faisnéis a cuireadh ar fáil d’ábhair sonraí maidir le próiseáil faisnéise idir WhatsApp agus cuideachtaí eile Facebook.
Airteagail 60 & 65 den GDPR
Tar éis imscrúdú fhada chuimsitheach, chuir an DPC dréacht-chinneadh faoi bhráid gach ceann de na hÚdaráis Maoirseachta Leasmhara (CSAnna) faoi Airteagal 60 GDPR i mí na Nollag 2020. Ina dhiaidh sin fuair an DPC agóidí ó ocht CSAnna. Ní raibh an DPC in ann teacht ar chomhaontú leis na CSAnna ar ábhar na n-agóidí agus spreag sé an próiseas réitigh díospóidí (Airteagal 65 GDPR) ar an 3 Meitheamh 2021.
Athbhreithniú tar éis cinneadh ceangailteach an EDPB
Ar an 28 Iúil 2021, ghlac an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) le cinneadh ceangailteach agus cuireadh an cinneadh seo in iúl don DPC. Sa chinneadh seo bhí treoir shoiléir a éiligh go ndéanfadh an DPC a fhíneáil bheartaithe a athbhreithniú agus a ardú ar bhonn roinnt gné a bhí i gcinneadh an EDPB. Tar éis an athbhreithniú seo, ghearr an DPC fíneáil €225 milliún ar WhatsApp.
Chomh maith le fíneáil riaracháin a ghearradh, chuir an DPC iomardú ar WhatsApp chomh maith le hordú go gcuirfidh sé a phróiseáil i gcomhlíonadh trí réimse bearta sonraithe feabhais a dhéanamh.
D’fhoilsigh an EDPB an cinneadh Airteagail 65 agus an cinneadh deiridh ar a shuíomh gréasáin. Binding decision 1/2021 on the dispute arisen on the draft decision of the Irish Supervisory Authority regarding WhatsApp Ireland under Article 65(1)(a) GDPR
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): WhatsApp Ireland Ltd. -Lúnasa 2021 (PDF, x18.4 MB).
Fiosrúchán maidir leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“an DPC”) tús leis an bhfiosrúchán seo as a stuaim féin tar éis dó gearán a fháil ó Digital Rights Ireland inar maíodh “bac tromchúiseach ar neamhspleáchas an Oifigigh Cosanta Sonraí (DPO) sa Roinn”. Ar an 4 Iúil 2018, fuair an Roinn ceist ó na meáin maidir leis an tagairt do shonraí bithmhéadracha a bhí sa Ráiteas Príobháideachais. Chuir an ceist seo tús le sraith snáitheanna ríomhphoist agus cainteanna inmheánaigh sa Roinn inar ceistíodh an tagairt do shonraí bithmhéadracha. Ar an 6 Iúil 2018, leasaigh an Roinn a Ráiteas Príobháideachais agus bhain sí an t-aon tagairt a bhí sa Ráiteas maidir leis an bpróiseál a dhéanann sí ar shonraí bithmhéadracha. Mar chuid den ghearán, chuir Digital Rights Ireland snáitheanna ríomhphoist inmheánaigh na Roinne faoi bhráid an DPC, tar éis dóibh iad a fháil de bhun an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Is é a bhí i gceist le raon an fhiosrúcháin ná an raibh DPO na Roinne páirteach i mbealach ceart agus gan mhoill i leasú an Ráitis Príobháideachais, de réir Airteagal 38(1) den GDPR; agus an bhfuair an DPO orduithe maidir le feidhmiú a chuid tascanna in aghaidh riachtanais Airteagail 38(3) den GDPR. Níor measadh mar chuid de raon an fhiosrúcháin ar chomhlíon an leasú oibleagáidí trédhearcachta na Roinne faoin GDPR. Le linn an fhiosrúcháin, bhailigh an DPC an t-eolas ábhartha go léir chun machnamh cuimsitheach a dhéanamh ar an gcúlra, chomh maith leis na snáitheanna ríomhphoist a cuireadh isteach leis an ngearán. Rinne an DPC agallamh deonach leis an DPO a bhí sa phost ag an am sin. Chuimhnigh an DPC chomh maith ar ráitis a cuireadh faoi bhráid an DPC ag Ard-Rúnaí agus DPO na Roinne faoi seach. Rinne an DPC anailís freisin ar ríomhphoist inmheánaigh ábhartha na Roinne idir an 4 agus an 6 Iúil 2018 i dtaca leis an leasú a rinneadh ar an Ráiteas Príobháideachais. Nuair a cuireadh an t-eolas ábhartha go léir san áireamh, fuair an DPC:
- Gur chinntigh an Roinn gur ghlac a DPO páirt, go ceart agus gan mhoill, i leasú na Roinne dá Ráiteas Príobháideachais mar a cuireadh i bhfeidhm ar an 6 Iúil 2018. Mar sin de, níor sháraigh an Roinn Airteagal 38(1) den GDPR faoi mar a bhí cúrsaí.
- Nár thug an Roinn aon orduithe don DPO maidir le feidhmiú na dtascanna a luaitear in Airteagal 39 den GDPR i dtaca le leasú na Roinne dá Ráiteas Príobháideachais mar a cuireadh i bhfeidhm ar an 6 Iúil 2018. Mar sin de, níor sháraigh an Roinn Airteagal 38(3) den GDPR faoi mar a bhí cúrsaí.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí Bealtaine 2021 (PDF, 1,234 KB).
Fiosrúchán maidir le Biúró Creidmheasa na hÉireann DAC
Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán seo maidir le sárú ar shonraí pearsanta a chuir Biúró Creidmheasa na hÉireann (‘ICB’) in iúl don DPC an 31 Lúnasa 2018. Gníomhaireacht teistiméireachtaí creidmheasa is ea an ICB a choimeádann bunachar sonraí maidir le feidhmíocht comhaontuithe creidmheasa idir institiúidí airgeadais agus iasachtaithe. Tharla an sárú ar shonraí pearsanta nuair a rinne an ICB athrú cóid a chur i bhfeidhm lena bhunachar sonraí, ina raibh earráid theicniúil. Dá bharr sin, idir an 28 Meitheamh 2018 agus an 30 Lúnasa 2018, rinne bunachar sonraí an ICB uasdátú míchruinn ar thaifid 15,120 cuntais dhúnta. Nocht an ICB 1,062 taifid mhíchruinne le hinstitiúidí airgeadais nó ábhair sonraí sular réitíodh an cheist. Luaigh gach ceann de na taifid cuntais mhíchruinne a nochtadh gur dhúnadh na cuntais níos déanaí ná mar a tharla i ndáiríre, ach níor luaigh aon ceann dóibh go mícheart go raibh fuílleach le híoc ar an gcuntas.
- De réir an chinnidh, sháraigh an ICB Airteagal 25(1) den GDPR nuair nár cuireadh bearta theicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm chun prionsabal an chruinnis a chur i bhfeidhm i mbealach éifeachtach agus chun cosaintí riachtanacha a imeascadh sa phróiseáil go dtí go ndéanfar riachtanais an GDPR a chomhlíonadh agus cearta ábhar sonraí a chosaint.
- De réir an chinnidh, sháraigh an ICB Airteagal 5(2) agus 24(1) den GDPR nuair nár léirigh sé comhlíonadh a oibleagáid, de bhun Airteagal 25(1) den GPDR, chun tástáil chuí a dhéanamh ar athruithe atá beartaithe dá bhunachar sonraí.
- De réir an chinnidh, níor sháraigh an ICB Airteagal 26(1) den GDPR i gcúinsí nach comh-rialaitheoirí iad baill an ICB maidir le bunachar sonraí an ICB.
Na cumhachtaí ceartaitheacha a fheidhmíodh
- Chuir an cinneadh fíneáil riaracháin de €90,000 ar an ICB mar gheall ar na sáruithe.
- D'eisigh an cinneadh iomardú don ICB maidir leis na sáruithe.
- I dtaca leis na bearta a chuir an ICB i bhfeidhm ó tharla an sárú ar shonraí pearsanta agus i rith an fhiosrúcháin, ní raibh gá leis an gcinneadh ordú a thabhairt don ICB gníomh ar leith a dhéanamh chun a chuid gnóthaí próiseála a chur i gcomhlíonadh leis an GDPR.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Biúró Creidmheasa na hÉireann DAC Márta 2021 (PDF, 1,427 KB).
Fiosrúchán Maidir le Cuideachta Idirnáisiúnta Twitter ('TIC')
Scrúdaigh an Fiosrúchán seo, a chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí (‘an Coimisiún)’ tús leis an 22 Eanáir 2019, ar chomhlíon Cuideachta Idirnáisiúnta Twitter (‘TIC’) a oibleagáidí faoi GDPR maidir lena fhógra, an 8 Eanáir 2019, faoi shárú sonraí pearsanta ('an Sárú') chuig an gCoimisiún. Bhain an Sárú, a tharla ag próiseálaí TIC, Twitter Inc., le fabht a tharlódh dá n-athródh úsáideoir Twitter, le cuntas cosanta, a sheoladh ríomhphoist ag úsáid Twitter do Android, go mbeadh a chuntas gan chosaint.
Ba é cuspóir an Fhiosrúcháin scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna áirithe a bhain le fógra TIC faoin Sárú, seachas scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna substainteacha a bhaineann leis an Sárú féin. Maidir leis seo, rinne an Fiosrúchán scrúdú chun a fháil amach ar chomhlíon TIC Airteagal 33 (1) den GDPR, i dtéarmaí tráthúlachta, a fhógra maidir leis an Sárú chuig an gCoimisiún, agus ar chomhlíon sé Airteagal 33 (5) den GDPR, maidir lena dhoiciméadú ar an Sárú.
Chuir an DPC a dhréachtchinneadh san fhiosrúchán seo faoi bhráid Údaráis Maoirseachta Imní eile faoi Airteagal 60 GDPR an 22 Bealtaine 2020. Ba é seo an chéad dréachtchinneadh a chuaigh tríd an bpróiseas um réiteach díospóide Airteagal 65 agus ba é an chéad Dréachtchinneadh é i gcás “big tech” ar chuathas i gcomhairle le húdaráis maoirseachta uile an AE mar Údaráis Maoirseachta Imní. Ghlac an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí a chinneadh faoi Airteagal 65 (1) (a) an 9 Samhain 2020. D'eisigh an DPC a chinneadh deiridh chuig TIC an 9 Nollaig 2020.
Fíricí ba chúis le Fiosrúchán
Tugadh fógra TIC faoin Sárú don Choimisiún, as ar eascair an Fiosrúchán, an 8 Eanáir 2019 trí Fhoirm Fógra Sáraithe Trasteorann chomhlánaithe. San Fhoirm, thug TIC breac-chuntas go bhfuair sé tuarascáil ar fhabht trína ‘Chlár Bug Bounty’ á rá “… dá n-athródh úsáideoir Twitter, le cuntas cosanta, a sheoladh ríomhphoist ag úsáid Twitter do Android, bheadh a gcuntas gan chosaint mar thoradh ar an bhfabht. " Rinneadh cur síos breise san Fhoirm Fógra Sáraithe, maidir leis na cúiseanna nár tugadh fógra don Choimisiún laistigh den tréimhse 72 uair a cheanglaítear le hAirteagal 33 (1),
“Níor tugadh aird ar a thromchúisí agus a bhí an tsaincheist - agus go raibh sí intuairiscithe - go dtí an 3 Eanáir 2018 [sic] agus cuireadh próiseas freagartha eachtraí Twitter i ngníomh ag an bpointe sin.”
Shainaithin an Fhoirm Fógra Sáraithe an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar dhaoine aonair lena mbaineann, de réir mar a mheas TIC, mar “shuntasach”. I bhfoirm fógra leantach eile a chuir TIC faoi bhráid an Choimisiúin an 16 Eanáir 2019, dheimhnigh TIC gurbh é líon na núsáideoirí AE agus LEE (EEA) a mbaineann sé leo ná 88,726. Dheimhnigh sé freisin gur tugadh isteach an fabht a raibh an Sárú mar thoradh air “an 4 Samhain 2014 agus go raibh sé leasaithe go hiomlán faoin 14 Eanáir 2019” agus, toisc nach raibh sé indéanta gach duine a bhain sé leo a aithint (mar gheall ar theorainneacha coinneála ar na logaí atá ar fáil), chreid sé go raibh tionchar aige ar dhaoine breise le linn na tréimhse sin.
Fiosrúchán faoi Alt 110, an tAcht um Chosaint Sonraí 2018
Mar ba léir ón bhFoirm Fógra Sáraithe a chuir TIC isteach go raibh tréimhse níos mó ná 72 uair caite ón uair a tháinig TIC (mar rialaitheoir) ar an eolas faoin Sárú, agus ag féachaint do líon na n-ábhar sonraí a raibh tionchar orthu, chuir an Coimisiún tús leis an bhFiosrúchán, faoi Alt 110 (1) den Acht um Chosaint Sonraí 2018 (‘Acht 2018’) chun scrúdú a dhéanamh ar chomhlíon TIC a oibleagáidí faoi Airteagal 33, agus go háirithe, lena oibleagáidí faoi Airteagal 33 (1) agus Airteagal 33 (5).
Comhlíonadh Airteagal 33 (1)
Agus measúnú á dhéanamh maidir le comhlíonadh TIC le hAirteagal 33 (1), rinne an Coimisiún scrúdú ar an amlíne a bhain le fógra TIC faoin Sárú don Choimisiún. Maidir leis seo, dheimhnigh TIC don Choimisiún le linn an Fhiosrúcháin go bhfuair conraitheoir seachtrach, a bhí fostaithe ag Twitter, fógra faoin bhfabht den chéad uair an 26 Nollaig 2018, conraitheoir a bhí fostaithe chun fabhtanna a chuardach agus a mheas tríd an gClár Bug Bounty, clár trínar féidir le duine ar bith tuairisc ar fhabht a chur ar aghaidh. Dheimhnigh TIC freisin gur chuir an conraitheoir seachtrach toradh a mheasúnaithe in iúl do Twitter Inc. ar an 29 Nollaig 2018. Dheimhnigh TIC freisin gur chuir Twitter Inc. tús lena athbhreithniú inmheánach ar Shlándáil Faisnéise ar an gceist an 2 Eanáir 2019, agus, ina dhiaidh seo, an 3 Eanáir 2019, go ndearna Twitter Inc. measúnú ar an eachtra mar shárú féideartha ar shonraí pearsanta faoin GDPR agus chinn sé gur cheart an plean freagartha teagmhais a thionscnamh. Dheimhnigh TIC freisin, ina dhiaidh seo (an 4 Eanáir 2019), gur osclaíodh ticéad Bainistíochta Teagmhas (IM) ach, mar gheall ar mhainneachtain (ag foireann Twitter Inc.) céim áirithe a leanúint sa phróiseas bainistíochta teagmhas mar a bhí sé forordaithe, níor cuireadh an tOifigeach Cosanta Sonraí (DPO) de chuid TIC san áireamh ar an ticéad IM, agus mar thoradh air sin cuireadh moill ar an DPO (agus, mar sin TIC mar rialaitheoir) a chur ar an eolas faoin gceist.
Dheimhnigh TIC don Choimisiún gur chuir a phróiseálaí, Twitter Inc., ar an eolas é faoin Sárú den chéad uair an 7 Eanáir 2019. D'áitigh sé, in imthosca inar chuir sé an Sárú ar an eolas don Choimisiún an 8 Eanáir 2019, gur chomhlíon sé an ceanglas fógra a thabhairt faoi Airteagal 33 (1).
Tar éis breithniú a dhéanamh ar an amlíne maidir le fógra TIC faoin Sárú, tháinig an Coimisiún ar an tuairim, d’ainneoin feasacht iarbhír TIC ar an Sárú an 7 Eanáir 2019, gur cheart go mbeadh TIC ar an eolas faoin Sárú ag pointe ama níos luaithe agus, sa chás áirithe seo, faoin 3 Eanáir 2019 ar a dhéanaí. Agus an tuairim seo á fhoirmiú aige, chuir an Coimisiún san áireamh gurb é an 3 Eanáir 2019 an dáta a mheas Twitter Inc. an eachtra ar dtús mar shárú féideartha ar shonraí pearsanta ach, mar gheall ar neamhéifeachtúlacht an phróisis sna cúinsí áirithe agus/nó gur mhainnigh foireann Twitter Inc. a bpróiseas bainistíochta teagmhas féin a leanúint, bhí moill ann an DPO a chur ar an eolas faoin sárú féideartha sonraí, rud a d’fhág nár cuireadh TIC (mar rialaitheoir) ar an eolas faoin Sárú go dtí an 7 Eanáir 2019.
Agus an toradh seo á dhéanamh aige, chuir an Coimisiún san áireamh freisin moill níos luaithe a tháinig chun cinn sa tréimhse ón uair a chuir a chonraitheoir seachtrach an eachtra ar an eolas den chéad uair do Twitter Inc. an 29 Nollaig 2018 go dtí gur chuir Twitter Inc. tús lena athbhreithniú Slándála Faisnéise ar an gceist an 2 Eanáir 2019. Le linn an Fhiosrúcháin, dheimhnigh TIC don Choimisiún go raibh an mhoill seo tagtha chun cinn “mar gheall ar sceideal saoire an gheimhridh” (in imthosca ina raibh trí cinn de na ceithre lá i gceist ina laethanta saoire - deireadh seachtaine agus Lá na Bliana Nua) as ar eascair nár sainaithníodh agus nár formhéadaíodh an cheist mar ba chóir. Mar sin féin, níor ghlac an Coimisiún go raibh an mhoill seo réasúnach, go háirithe in imthosca nach féidir faillí a dhéanamh ar rioscaí féideartha do chosaint sonraí agus do chearta príobháideachta ábhair sonraí, fiú ar feadh tréimhse teoranta laethanta, díreach toisc gur lá saoire oifigiúil a bhí ann/tréimhse nó deireadh seachtaine agus ós rud é nach scorfadh seirbhísí Twitter de bheith ag feidhmiú le linn na n-amanna sin.
Mar a leagadh amach sa Chinneadh, tá cur i bhfeidhm malartach Airteagal 33 (1), agus an fheidhm a mhol TIC le linn an Fhiosrúcháin, trína ndéanann an rialaitheoir a oibleagáid fógra a thabhairt, go bunúsach, ag brath ar chomhlíonadh a phróiseálaí lena oibleagáidí faoi Airteagal 33 (2) an bonn a bhaint d’éifeachtacht oibleagáidí Airteagal 33 ar rialaitheoir. Bheadh cur chuige den sórt sin ag teacht salach ar chuspóir foriomlán an GDPR agus ar rún reachtóir an AE.
Comhlíonadh Airteagal 33 (5)
Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíon TIC Airteagal 33 (5), rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an doiciméadacht a chuir TIC ar fáil le linn an Fhiosrúcháin, áit ar mhaígh sé go ndearna sé an Sárú a dhoiciméadú.
Agus é sin á dhéanamh, chinn an Coimisiún nár chomhlíon TIC Airteagal 33 (5). Bhí sé seo in imthosca nach raibh sa doiciméadacht a choinnigh TIC - ina aonar nó i dteannta a chéile - taifead, nó doiciméad, go sonrach, de ‘shárú sonraí pearsanta’ laistigh de théarmaí Airteagal 33 (5), ach ina áit sin ba dhoiciméadú de chineál níos ginearálaithe a bhí ann, lena n-áirítear tuairiscí agus cumarsáid inmheánach, a gineadh le linn bhainistíocht TIC ar an eachtra.
Ina theannta sin, chinn an Coimisiún nach raibh dóthain faisnéise sa doiciméadacht a choinnigh TIC i ndáil leis an Sárú chun an cheist maidir le comhlíonadh TIC le ceanglais Airteagal 33 a fhíorú, mar a cheanglaítear le hAirteagal 33 (5). Go háirithe, chinn an Coimisiún go raibh an doiciméadacht, a d’aithin TIC mar an príomhthaifead inar dhoiciméadaigh sé na fíricí, na héifeachtaí agus an gníomh feabhais a glacadh i leith an tSáraithe, easnamhach in imthosca nach raibh na fíricí ábhartha uile ann a bhain le fógra a thabhairt don Choimisiún faoin Sárú. Go háirithe, ní raibh aon tagairt sa doiciméadacht do na saincheisteanna a d’fhág gur chuir an phróiseálaí moill ar TIC a chur ar an eolas faoin Sárú, ná níor thug sé aghaidh ar an gcaoi a ndearna TIC an riosca d’úsáideoirí a raibh tionchar orthu mar thoradh ar an Sárú a mheas. Chinn an Coimisiún freisin gur léiríodh a thuilleadh na heasnaimh sa doiciméadacht a chuir TIC ar fáil mar thaifead ar an Sárú toisc go raibh ar an gCoimisiún, le linn an Fhiosrúcháin, ceisteanna éagsúla a ardú d’fhonn soiléireacht a fháil maidir leis na fíricí a bhain leis an bhfógra faoin Sárú.
Próiseas faoi Airteagal 60 agus Airteagal 65 den GDPR
An 22 Bealtaine 2020, d’eisigh an Coimisiún dréacht dá Chinneadh (‘an Dréachtchinneadh’) chuig na húdaráis maoirseachta eile lena mbaineann (‘CSAnna’) chun a dtuairimí a fháil de réir an phróisis faoi Airteagal 60 GDPR. Leag an Dréachtchinneadh amach cinneadh beartaithe an Choimisiúin maidir le sáruithe faoi Airteagail 33(1) agus 33(5) agus a mholadh fíneáil riaracháin a ghearradh. Faoi Airteagal 60(4), tá tréimhse ceithre seachtaine ag CSAnna chun agóid ábhartha agus réasúnaithe a chur in iúl i gcoinne dréachtchinnidh.
Chuir roinnt CSAanna agóidí in iúl maidir le gnéithe den Dréachtchinneadh, lena n-áirítear agóidí ar an mbonn gur cheart don Choimisiún, mar chuid dá Fhiosrúchán, forálacha eile den GDPR a mheas; agóidí a bhaineann le hábhair neamhshuntasacha, amhail ról an fhreagróra atá faoi imscrúdú (TIC) a ainmniú agus inniúlacht an Choimisiúin, mar PhríomhÚdarás Maoirseachta, chun déileáil leis an ábhar; agus agóidí i ndáil leis an bhfíneáil riaracháin a mhol an Coimisiún.
Tar éis breithniú a dhéanamh ar na hagóidí a ardaíodh, agus tar éis iarracht a dhéanamh teacht ar chomhthoil leis na CSAnna, ní raibh an Coimisiún in ann na hagóidí a leanúint i nDréachtchinneadh leasaithe. Ar an mbonn seo, tharchuir an Coimisiún an t-ábhar chuig an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (‘EDPB’) lena chinneadh de bhun mheicníocht um réiteach díospóide Airteagal 65. Chuir an EDPB tús le nós imeachta Airteagal 65 an 8 Meán Fómhair 2020. Tar éis dó a chinneadh ceangailteach a ghlacadh faoi Airteagal 65 (1) (a) (‘Cinneadh an EDPB’) an 9 Samhain 2020, chuir an EDPB é sin in iúl don Choimisiún an 17 Samhain 2020. Ina dhiaidh sin, de bhun Airteagal 65 (6), ceanglaíodh ar an gCoimisiún a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh ar bhonn Chinneadh an EDPB “gan mhoill mhíchuí agus ar a dhéanaí mí amháin tar éis don Bhord a chinneadh a chur in iúl.”
Foráiltear le hAirteagal 65 (1) (a) go mbainfidh cinneadh ceangailteach an EDPB faoi Airteagal 65 “… maidir leis na hábhair go léir is ábhar don agóid ábhartha agus réasúnaithe, go háirithe an bhfuil sárú ar [an GDPR]”. Maidir leis seo, i dtéarmaí mheasúnú an EDPB ar na hagóidí a d’ardaigh na CSAnna sa chás seo, chinn Cinneadh an EDPB nach raibh cuid de na hagóidí a ardaíodh ‘ábhartha agus réasúnaithe’ de réir bhrí Airteagal 4 (24) ar an mbonn nár thug siad léiriú soiléir maidir le tábhacht na rioscaí a bhaineann leis an Dréachtchinneadh maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí agus, nuair is infheidhme, saorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas Eorpach (mar a cheanglaítear le Airteagal 4 (24)).
Maidir le roinnt agóidí eile a ardaíodh, agus a rinneadh ar an mbonn gur cheart go mbeadh machnamh déanta ag an gCoimisiún ar sháruithe breise faoi fhorálacha eile den GDPR (go sonrach, Airteagail 5 (1) (f), 5 (2), 24 agus 32), cé gur chinn an EDPB go raibh na hagóidí seo ábhartha agus réasúnaithe faoi Airteagal 4 (24), chinn sé nach bhféadfadh sé, ar bhonn na ngnéithe fíorasacha sa Dréachtchinneadh nó sna hagóidí féin, a chruthú go raibh sáruithe breise (nó malartacha) den sórt sin ann.
Faoi dheireadh, agus maidir leis na hagóidí a d’ardaigh CSAnna maidir leis an bhfíneáil riaracháin a forchuireadh, chinn an EDPB go raibh cuid de na hagóidí seo ábhartha agus réasúnaithe faoi Airteagal 4 (24). Mar sin, d’eisigh an EDPB treoir cheangailteach don Choimisiún chun athmheasúnú a dhéanamh ar na heilimintí a raibh sé ag brath orthu chun méid na fíneála a ríomh (faoi Airteagal 83 (2) GDPR) agus chun an Dréachtchinneadh a leasú trí leibhéal na fíneála a ardú. (Téigh chuig suíomh idirlín an EDPB, an áit ar foilsíodh Cinneadh an EDPB, chun tuilleadh sonraí ar Chinneadh an EDPB a fháil).
Cinneadh faoi alt 111 d'Acht 2018
Ghlac an Coimisiún a Chinneadh deiridh (‘an Cinneadh’) an 9 Nollaig 2020, ar bhonn Chinneadh an EDPB, de bhun Airteagal 60 (7) i gcomhar le hAirteagal 65 (6). Agus cinneadh á dhéanamh gur sháraigh TIC Airteagal 33 (1) agus Airteagal 33 (5), ghearr an Coimisiún fíneáil riaracháin $500,000 (measta chun na críche seo ag €450,000) a léirigh méadú ar leibhéal na fíneála riaracháin beartaithe a leagadh amach sa Dréachtchinneadh, de réir threoir an EDPB. Nuair a bhí an fhíneáil seo á cinneadh, chinntigh an Coimisiún, mar a cheanglaítear air a dhéanamh faoi Airteagal 83 (1) GDPR, go raibh an fhíneáil a gearradh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Maidir leis seo, agus cinneadh á dhéanamh fíneáil a ghearradh agus méid na fíneála sin á mheas, bhreithnigh an Coimisiún an raon iomlán fachtóirí faoi Airteagal 83 (2) GDPR i gcomhthéacs imthosca an cháis áirithe seo. Agus é sin á dhéanamh, thug an Coimisiún aird ar leith ar chineál, ar dháiríreacht agus ar fhaid na sáruithe lena mbaineann, ag cur san áireamh cineál, scóip agus cuspóir na próiseála agus líon na n-ábhar sonraí a ndearnadh difear dóibh. Thug an Coimisiún aird freisin ar thréith fhaillíoch na sáruithe. Agus an fhíneáil á socrú aige, chuir an Coimisiún tosca áirithe eile san áireamh, lena n-áirítear na céimeanna a ghlac Twitter Inc. chun an fabht a cheartú.
Nuair a bhí a chinneadh á dhéanamh aige sa chás seo, thug an Coimisiún chun suntais freisin go bhfuil tábhacht lárnach ag rialaitheoirí na hoibleagáidí faoi Airteagal 33 (1) agus Airteagal 33 (5) a chomhlíonadh mar chuid d’fheidhmiú foriomlán an chórais maoirseachta agus forfheidhmithe a dhéanann údaráis chosanta sonraí
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Cuideachta Idirnáisiúnta Twitter (‘TIC’) - Nollaig 2020 (PDF, 2,014 KB).
Cinneadh maidir le Groupon International Limited
Ag gníomhú dó ina cháil mar phríomhúdarás maoirseachta, chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí tús le scrúdú ar ghearán a fuair Údarás Cosanta Sonraí na Polainne ar dtús. Bhain an gearán le próiseáil trasteorann, ar ina leith a bhí an Coimisiún inniúil chun gníomhú mar phríomhúdarás maoirseachta. Bhain an gearán le ceann amháin de na cleachtais a bhí ar bun ag Groupon tráth an ghearáin, áit ar chuir sé ceanglas ar ábhair sonraí a gcéannacht a fhíorú trí chóip leictreonach a sholáthar de chárta aitheantais náisiúnta. Bhí feidhm ag an gceanglas sin nuair a rinne ábhair sonraí iarrataí áirithe, lenar áiríodh iarrataí ar shonraí pearsanta a léirscriosadh. Ní raibh aon fheidhm ag an gceanglas sin, áfach, nuair a chruthaigh ábhair sonraí cuntas Groupon. Agus an cinneadh á dhéanamh, leanadh an nós imeachta maidir le próiseáil trasteorann atá leagtha amach in Airteagal 60 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Tharla na nithe seo a leanas le linn an nós imeachta a leanúint: rinne an Coimisiún scrúdú ar an ngearán, lenar áiríodh iarracht a dhéanamh an gearán a réiteach go cairdiúil; scaipeadh Dréachtchinneadh i measc na nÚdarás Maoirseachta lena mBaineann; rinne an Coimisiún breithniú cúramach ar gach agóid ábhartha réasúnaithe a fuarthas; scaipeadh Dréachtchinneadh Athbhreithnithe i measc na nÚdarás Maoirseachta lena mBaineann; glacadh an Cinneadh Deiridh; agus, ar deireadh, bhí Údarás Cosanta Sonraí na Polainne freagrach as an ngearánach a chur ar an eolas faoin gcinneadh.
- Cinneadh gur sháraigh Groupon prionsabal an íoslaghdaithe sonraí faoi Airteagal 5(1)(c) RGCS nuair a chuir sé ceanglas ar an ngearánach a chéannacht a fhíorú trí chóip a chur isteach de dhoiciméad aitheantais náisiúnta in imthosca ina raibh fáil ag Groupon ar réiteach nach raibh chomh sonraíbhunaithe céanna ar cheist an fhíorúcháin céannachta (ba é sin, seoladh ríomhphoist a dheimhniú).
- Cinneadh freisin gur sháraigh Groupon Airteagail 12(2), 17(1)(a) agus 6(1) in imthosca chás an ghearánaigh.
- Ina theannta sin, eisíodh iomardú chuig Groupon i leith na sáruithe.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Cinneadh maidir le Groupon International Limited - Nollaig 2020 (PDF, 1,227 KB).