Cinntí
Cinntí
Caith súil ar achoimrí ar Chinntí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, mar aon leis an téacs iomlán díobh.
Míniú ar Fhíneálacha
I dteannta bearta ceartaitheacha a fhorchur, gearradh fíneálacha ab fhiú níos mó ná €4 billiún ar eagraíochtaí mar thoradh ar fhiosrúcháin ón gCoimisiún. Bailíodh fíneálacha dar luach thart ar €20 milliún go dtí seo.
Foráiltear leis an dlí nach dtiocfaidh fíneálacha arna bhforchur ag an gCoimisiún chun bheith iníoctha go dtí go ndaingneofar sa Chúirt iad. Más rud é nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní mór don Choimisiún iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda chun an fhíneáil a dhaingniú faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
Más rud é go ndéanfar achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní fhéadfar an fhíneáil a bhailiú go dtí go socrófar an t-achomharc sin. Is sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt a thionscnaítear achomhairc den sórt sin, ag brath ar luach airgid na fíneála.
Fiosrúchán ar Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí
D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí an cinneadh críochnaitheach uaidh tar éis fiosrúchán ar ionsaí bogearraí éirice a rinneadh ar an gcóras faisnéise saotharlainne san Ospidéal…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán i leith na Comhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil
Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) tús leis an bhfiosrúchán féintoilithe seo mar thoradh ar chleachtadh monatóireachta agus forfheidhmithe a tugadh de bhun tascanna údaráis…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúcháin maidir le Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte
Dátaí na gCinntí: 18 Lúnasa 2020 & 29 Meán Fómhair 2020 Chuir an DPC tús le fiosrúchán IN-19-9-1 maidir le sárú sonraí pearsanta amháin a chuir an FSS in iúl don DPC. Tharla an sárú…
Féach Tuilleadh Eolais