Fiosrúchán maidir leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Cuireadh tús leis an bhfiosriúchán seo maidir le 7 sáruithe ar shonraí pearsanta a chuireadh in iúl don DPC ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) idir an 8 Lúnasa 2018 agus an 21 Eanáir 2019. Bhain na sáruithe ar shonraí pearsanta le cásanna ina bhfuair tríú páirtithe neamhúdaraithe rochtain ar chuntais ríomhphoist UCD, nó nuair a rinneadh an fhaisnéis logála isteach do chuntais ríomhphoist UCD a phostáil ar line.

  • De réir an chinnidh, sháraigh UCD Airteagail 5(1)(f) agus 32(1) den GDPR nuair nach ndearna sé sonraí pearsanta ar a sheirbhís ríomhphoist a phróiseáil ar bhealach a chinntigh slándáil chuí do na sonraí pearsanta trí úsáid a bhaint as bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla.
  • De réir an chinnidh, sháraigh UCD Airteagal 5(1)(3) den GDPR nuair a rinne sé sonraí pearsanta áirithe a stóráil i gcuntas ríomhphoist i bhfoirm a fágadh go bhféadfaí ábhair sonraí a aithint níos faide ná mar ba ghá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach.
  • De réir an chinnidh, sháraigh UCD Airteagal 33(1) den GDPR mar gheall nár chuir sé ceann de na sáruithe ar shonraí pearsanta in iúl don DPC gan rómhoill. Fógraíodh an sárú seo 13 lá tar éis do UCD a fháil amach faoi.

Na cumhachtaí ceartaitheacha a cuireadh i bhfeidhm

  • De réir an chinnidh, forchuireadh fíneáil riaracháin €70,000 ar UCD maidir leis na sáruithe.
  • De réir an chinnidh, ordaíodh do UCD a chuid oibríochtaí próiseála maidir lena sheirbhís ríomhphoist a chur ar bhonn comhlíonta le hAirteagail 5(1)(f) agus 32(1) den GDPR.
  • De réir an chinnidh, eisíodh iomardú do UCD maidir leis na sáruithe.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath - Nollaig 2020 (PDF, 1,347 KB).

 

Cinneadh maidir le Ryanair DAC

Ag gníomhú dó ina cháil mar phríomhúdarás maoirseachta, chuir an DPC tús le scrúdú ar ghearán a fuair Údarás Cosanta Sonraí na Ríochta Aontaithe ar dtús. Bhain an gearán le próiseáil trasteorann ina raibh an DPC inniúil chun gníomhú ina phríomh-údarás maoirseachta. Bhain an gearán le hiarraidh rochtana ábhair a rinne an gearánach ar Ryanair. Chuir Ryanair sonraí pearsanta áirithe ar fáil don ghearánach de bhun na hiarrata. Níor éirigh leis, áfach, cóip de thaifeadadh de ghlao a rinne an gearánach a sholáthar don ghearánach. Mar gheall ar an moill a bhí ar Ryanair an iarraidh a phróiseáil, bhí an taifeadadh glaonna ón dáta sin scriosta ag Ryanair, de réir bheartas na cuideachta, agus níor éirigh leo é a aisghabháil.

Lean an chinnteoireacht an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 60 den GDPR maidir le próiseáil trasteorann. Áiríodh sa nós imeachta go ndearna an DPC scrúdú ar an ngearán, lena n-áirítear iarracht an gearán a réiteach go cairdiúil; Dréachtchinneadh a scaipeadh i measc na nÚdarás Maoirseachta Imní; breithniú cúramach an DPC ar gach agóid ábhartha agus réasúnaithe a fuarthas, sa chás seo lean an DPC roinnt de na hagóidí ábhartha agus réasúnaithe a fuarthas, agus dhiúltaigh siad agóidí ábhartha agus réasúnaithe áirithe eile a leanúint; scaipeadh Dréachtchinneadh Athbhreithnithe i measc na nÚdarás Maoirseachta Imní; glacadh leis an gCinneadh Deiridh; agus ar deireadh bhí Údarás Cosanta Sonraí na RA freagrach as an gcinneadh a chur in iúl don ghearánach.

  • Chinn an cinneadh gur sháraigh Ryanair Airteagal 15 den GDPR trí mhainneachtain cóip dá sonraí pearsanta, a bhí á bpróiseáil tráth an iarratais, a sholáthar don ghearánach.
  • Chinn an cinneadh freisin gur sháraigh Ryanair Airteagal 12 (3) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí trí mhainneachtain faisnéis a sholáthar don ghearánach maidir leis an ngníomh a glacadh i ndáil lena iarraidh faoi Airteagal 15 laistigh den chreat ama reachtúil míosa.
  • Rinne an cinneadh iomardú ar Ryanair freisin maidir leis na sáruithe

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Ryanair DAC - Samhain 2020 (PDF, 150 KB).

 

Fiosrúchán maidir le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

Tá an fiosrúchán seo ar cheann de líon fiosrúcháin dá dtoil féin maidir le raon leathan saincheisteanna a bhaineann le faireachas teicneolaíochtaí a mbaineann údaráis Stáit úsáid astu. Áirítear ar na torthaí a rinneadh sa chinneadh:

  • Torthaí nach ndéanann an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar 1997, an tAcht um Bainistiú Dramhaíola 1996 foráil do bhunús dlí don úsáid a bhaineann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge as CCTV faoi cheilt agus ceamaraí deaise le daoine atá ag caitheamh bruscair uathu agus ag dumpáil a bhrath. Bhreithnigh an DPC na hAchtanna seo go cuimsitheach agus fuarthas amach nach bhfuil an phróiseáil seo maidir le sonraí pearsanta á rialú acu mar a cheanglaítear sa Treoir um Fhorfheidhmiú an Dlí, mar atá trasuite ag an Acht um Chosaint Sonraí 2018. Sa bhreis air sin, fuarthas amach sa chinneadh nach bhfreastalaíonn na hAchtanna ar na caighdeáin soiléireachta, cruinnis agus inbhraiteachta maidir le próiseáil den sórt sin mar a cheanglaítear le cásdlí Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.
  • Toradh nach raibh an úsáid a bhain Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge as ceamaraí áirithe le coireacht a chosc agus a fhiosrú dleathach ceal údarú ó Choimisinéir an Gharda Síochána de réir Alt 38 d’Acht an Gharda Síochána 2005.
  • Toradh go bhfuil Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus an Garda Síochána ina gcomhrialaitheoirí i ndáil le ceamaraí CCTV áirithe údaraithe faoi Alt 38(3)(c) d’Acht an Gharda Síochána 2005. Maidir leis sin, fuarthas amach sa chinneadh gur sháraigh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge Alt 79 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 nuair nár cuireadh comhaontú i scríbhinn leis an nGarda Síochána.
  • Áirítear ar na torthaí eile sa chinneadh, sáruithe a bhaineann le leordhóthanacht bheartas Chomhairle Chathrach agus Contae Phort Láirge maidir leis an úsáid a bhaineann sí as ladrainn i ndáil le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh ar láithreáin dramhaíola agus cosc a chur ar dhumpáil ar láithreáin dramhaíola mhídhleathacha, agus a oibleagáid maidir le log sonraí a choinneáil i ndáil le rochtain shonrach ar thaifid CCTV.

Na cumhachtaí ceartaitheacha a cuireadh i bhfeidhm:

  • Cosc sealadach ar phróiseáil sonraí pearsanta trí cheamaraí CCTV áirithe sonraithe, ceamaraí CCTV faoi cheilt, agus ceamaraí deaise chun críocha fhorfheidhmiú an dlí.
  • Orduithe tugtha do Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge próiseáil sonraí pearsanta a chur ar bhonn comhlíonta tríd an ngníomh áirithe a sonraíodh sa chinneadh.
  • Iomarduithe maidir le sáruithe Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge - Deireadh Fómhair 2020  (PDF, 1,251 KB).

 

Fiosrúcháin maidir le Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte

Dátaí na gCinntí: 18 Lúnasa 2020 & 29 Meán Fómhair 2020

Chuir an DPC tús le fiosrúchán IN-19-9-1 maidir le sárú sonraí pearsanta amháin a chuir an FSS in iúl don DPC. Tharla an sárú sonraí pearsanta nuair a diúscraíodh cáipéisí ina raibh sonraí pearsanta 78 duine, lena n-áirítear sonraí pearsanta de chatagóir speisialta maidir le 6 cinn de na hábhair sonraí sin, in ionad athchúrsála poiblí. Cruthaíodh an liosta in Ospidéal Máithreachais Ollscoil Chorcaí, ach d'aimsigh ball den phobal é i limistéar athchúrsála poiblí i gContae Chorcaí.

  • Chinn an cinneadh gur sháraigh an FSS Airteagail 5 (1) (f) agus 32 (1) den GDPR trí mhainneachtain bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí a chur i bhfeidhm chun leibhéal slándála a chinntiú a bheadh oiriúnach don riosca a bhaineann le cruachóipeanna doiciméid, ina bhfuil sonraí pearsanta na n-othar, a úsáid agus a dhiúscairt.

Chuir an DPC tús le Fiosrúchán IN-19-9-2 maidir le sárú sonraí pearsanta a chuir an FSS in iúl don DPC an 1 Bealtaine 2019. Tharla an sárú sonraí pearsanta nuair a d'aimsigh ball den phobal cáipéisíocht ina raibh sonraí pearsanta 15 ábhar sonraí, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le faisnéis chliniciúil agus cóireálacha a fuaireadar. Cruthaíodh na cáipéisí in Ospidéal Mhuire Lourdes, ach fuair ball den phobal iad ina ghairdín tosaigh.

  • Chinn an cinneadh gur sháraigh an FSS Airteagail 5 (1) (f) agus 32 (1) den GDPR trí mhainneachtain bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí a chur i bhfeidhm chun leibhéal slándála a chinntiú a bheadh oiriúnach don riosca a bhaineann le cruachóipeanna doiciméid, ina bhfuil sonraí pearsanta na n-othar, a úsáid agus a dhiúscairt.

Na cumhachtaí ceartaitheacha a fheidhmíodh

  • Chuir Cinneadh IN-19-9-1 fíneáil riaracháin de €65,000 ar an FSS mar gheall ar an sárú a bhí déanta acu ar Airteagail 5 (1) (f) agus 32 (1) den GDPR.
  • D'ordaigh Cinneadh IN-19-9-1 don FSS a chuid oibríochtaí próiseála, maidir le húsáid agus diúscairt doiciméad cruachóipe ina bhfuil sonraí pearsanta othar, a chur i gcomhréir le comhlíonadh Airteagail 5 (1) (f) agus 32 (1) den GDPR.
  • D'eisigh Cinneadh IN-19-9-1 iomardú don FSS maidir lena sáruithe ar Airteagal 5 (1) (f) agus 32 (1) den GDPR
  • Níor fheidhmigh Cinneadh IN-19-9-2 cumhachtaí ceartaitheacha breise i bhfianaise an chaoi ar thug cinneadh IN-19-9-1 aghaidh ar chúinsí na sáruithe céanna agus a sainaithníodh ina dhiaidh sin freisin i gcinneadh IN-19-9-1. Baineann an dá chinneadh leis na hoibríochtaí próiseála céanna, a rinne an rialaitheoir céanna, agus baineann siad leis an tréimhse ama chéanna.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Feidhmeannas na Seirbhíse - Lúnasa & Meán Fómhair 2020 (PDF, 1,866 KB).

 

Fiosrúchán maidir leis an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla)

Cuireadh tús leis an fhiosrúchán seo maidir le 71 sárú ar shonraí pearsanta a chuir Tusla in iúl don DPC. Bhreithníodh raon leathan d’oibríochta próiseála Tusla sa chinneadh agus áirítear ar na torthaí:

  • 5 thoradh shainiúla de sháruithe Airteagal 32(1) den GDPR maidir le hoibleagáidí Tusla bearta eagraíochtúla agus teicniúla cuí a chur i bhfeidhm le leibhéal slándála cuí a chinntiú i leith an riosca a chuir a cuid oibríochtaí próiseála éagsúla i láthair.

  • Toradh gur sháraigh Tusla Airteagal 32(4) den GDPR nuair nár glacadh céimeanna lena chinntiú nach ndéanann aon duine nádúrtha atá ag feidhmiú faoina húdarás próiseáil ar shonraí pearsanta ach amháin ar threoir ó Tusla.

  • Toradh gur sháraigh Tusla Airteagal 5(1)(d) den GDPR ceithre huaire nuair nár cinntíodh go raibh na sonraí pearsanta a bhí á bpróiseáil aici cruinn, agus, sa chás gur gá, coinnithe cothrom le dáta.

  • Toradh gur sháraigh Tusla Airteagal 33(1) den GDPR 8 n-uaire nuair nár cuireadh sáruithe maidir le sonraí pearsanta in iúl gan mhoill mhíchuí.

Na cumhachtaí ceartaitheacha a cuireadh i bhfeidhm

  • Forchuireadh leis an gcinneadh, dhá fhíneáil riaracháin shainiúla ar Tusla mar gheall ar sháruithe Airteagal 32(1) agus Airteagal 33(1) in imthosca nach raibh roinnt de na hoibríochtaí próiseála a bhí faoi bhreithniú “mar a chéile nó mar oibríochtaí próiseála nasctha” laistigh de shainmhíniú Airteagal 83(3) den GDPR. Ba €50,000 agus €35,000 faoi seach suim na bhfíneálacha. 

  • Ordaithe do Tusla leis an gcinneadh na hoibríochtaí próiseála a aithníodh sa chinneadh a chur ar bhonn comhlíonta le hAirteagal 32(1) den GDPR trí bhearta eagraíochtúla cuí a chur i bhfeidhm le leibhéal slándála cuí i leith an riosca a chinntiú.

  • Eisíodh, leis an gcinneadh, iomardú do Tusla maidir le sáruithe Airteagail 5(1)(d), 32(1), 32(4), agus 33(1) den GDPR.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: Fiosrúchán maidir leis an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla) (PDF, 1.92mb).

Fiosrúchán maidir leis an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla)

Cuireadh tús leis an fhiosrúchán seo maidir le haon sárú amháin ar shonraí pearsanta a chuir Tusla in iúl don DPC. Tharla an sárú maidir le sonraí pearsanta nuair a scríobh oibrí sóisialta de chuid Tusla litir chosanta d’iar-pháirtí duine aonair a raibh líomhaintí maidir le drochíde déanta ina aghaidh/ina haghaidh. Bhí sé mar chuspóir leis an litir seo an t-iarpháirtí a chur ar an eolas maidir leis an drochíde líomhnaithe agus comhairle a chur uirthi maidir le nósanna imeachta cosanta ar mhaithe le sábháilteacht leanúnach a chinntiú. Mar sin féin, bhí ainmneacha triúr duine aonair a rinne na líomhaintí agus mionsonraí maidir leis na líomhaintí a bhí déanta sa litir. Ina dhiaidh sin roinn an t-iar-pháirtí grianghraf den litir cosanta ar na meáin shóisialta.

  • De réir an chinnidh, sháraigh Tusla Airteagal 32(1) den GDPR nuair nár cuireadh bearta eagraíochtúla cuí i bhfeidhm chun le leibhéal slándála cuí a chinntiú i leith an riosca a chuir a cuid oibríocht próiseála maidir le litreacha cosanta i láthair.

  • De réir an chinnidh, sháraigh Tusla Airteagal 33(1) den GDPR freisin nuair nár cuireadh an DPC ar an eolas maidir leis an tríú sárú gan mhoill mhíchuí.

Na cumhachtaí ceartaitheacha a cuireadh i bhfeidhm

  • Forchuireadh leis an gcinneadh fíneáil de €40,000 ar Tusla maidir leis na sáruithe ar Airteagal 32(1) agus Airteagal 33(1).

  • Ordaíodh, leis an gcinneadh, do Tusla a cuid oibríochtaí próiseála a chur ar bhonn comhlíonta le hAirteagal 32(1) den GDPR trí bhearta eagraíochtúla cuí a chur i bhfeidhm le leibhéal slándála cuí i leith an riosca a chinntiú.

  • Eisíodh, leis an gcinneadh, iomarduithe do Tusla maidir le sáruithe Airteagail 32(1) agus 33(1) den GDPR.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: Fiosrúchán maidir leis an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla) (PDF, 1.90mb).

Fiosrúchán maidir leis an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla)

Cuireadh tús leis an fhiosrúchán seo maidir le trí shárú ar shonraí pearsanta a chuir Tusla in iúl don DPC. Tharla na trí shárú ar shonraí pearsanta in imthosca inar theip ar Tusla sonraí pearsanta a leasú agus iad ag soláthar doiciméid do thríú páirtithe.

Tharla an chéad sárú ar shonraí pearsanta nuair a sholáthar Tusla, de thimpiste, seoladh cúramóra altrama d’athair beirt leanbh a bhí i gcúram.

Tharla an dara sárú ar shonraí pearsanta nuair a sholáthar Tusla, de thimpiste, seoladh an linbh a rinne an gearán do dhuine aonair a raibh mí-úsáid ghnéis ar an leanbh curtha ina leith agus uimhir theileafón na máthar.

Tharla an tríú sárú ar shonraí pearsanta nuair a sholáthar Tusla, de thimpiste, seoladh agus mionsonraí teagmhála tuismitheoirí altrama do sheanmháthair leanbh a bhí faoi chúram agus suíomh scoile an linbh.

  • De réir an chinnidh, sháraigh Tusla Airteagal 32(1) den GDPR nuair nár cuireadh na bearta eagraíochtúla cuí i bhfeidhm le leibhéal slándála cuí a chinntiú i leith an riosca a chuir próiseáil a shonraí pearsanta i láthair maidir le doiciméid a chomhroinnt le tríú páirtithe.
  • De réir an chinnidh freisin, sháraigh Tusla Airteagal 33(1) de GDPR mar gheall nár chuir siad an tríú sárú in iúl don DPC gan mhoill mhíchuí.

Na cumhachtaí ceartaitheacha a cuireadh i bhfeidhm

  • Forchuireadh, leis an gcinneadh, fíneáil riaracháin de €75,000 ar Tusla mar gheall ar sháruithe Airteagal 32(1) agus Airteagal 33(1).

  • Tugadh ordú, leis an gcinneadh, do Tusla oibríochtaí próiseála a cuid sonraí pearsanta a chur ar bhonn comhlíonta le hAirteagal 32(1) de GDPR trí bhearta eagraíochtúla cuí a chur i bhfeidhm le leibhéal slándála cuí i leith an riosca a chinntiú.

  • Eisíodh, leis an gcinneadh, iomarduithe maidir le sáruithe Airteagal 32(1) agus Airteagal 33(1) den GDPR do Tusla.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: Fiosrúchán maidir leis an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla) (PDF, 1.91mb).

Fiosrúchán maidir le Comhairle Chontae Chiarraí

Tá an fiosrúchán seo ar cheann de líon fiosrúcháin dá dtoil féin maidir le raon leathan saincheisteanna a bhaineann le faireachas teicneolaíochtaí a mbaineann údaráis Stáit úsáid astu. Áirítear ar na torthaí a rinneadh sa chinneadh:

  • An toradh nach ndéanann an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar 1997, an tAcht um Bainistiú Dramhaíola 1996, agus an tAcht Rialtais Áitiúil 2001 foráil do bhunús dlí don úsáid a bhaineann Comhairle Contae Chiarraí as CCTV le cionta ó thaobh bruscair a bhraith. Bhreithnigh an DPC na hAchtanna seo go cuimsitheach agus fuarthas amach nach bhfuil an phróiseáil seo maidir le sonraí pearsanta á rialú acu mar a cheanglaítear sa Treoir um Fhorfheidhmiú an Dlí, mar atá trasuite ag an Acht um Chosaint Sonraí 2018. Sa bhreis air sin, fuarthas amach sa chinneadh nach bhfreastalaíonn na hAchtanna ar na caighdeáin soiléireachta, cruinnis agus inbhraiteachta maidir le próiseáil den sórt sin mar a cheanglaítear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.
  • Áirítear ar na torthaí eile sa chinneadh, sáruithe a bhaineann le comharthaíocht chuí agus le trédhearcacht ginearálta, easpa rialacha nó treoirlínte i scríbhinn a rialaíonn rochtain na foirne chuig CCTV, úsáid fón cliste nó gaireas taifeadta eile sa seomra monatóireachta CCTV, an cleachtas maidir le mionsonraí logála isteach le píosa scannánaíochta CCTV a rochtain a chomhroinnt agus le rianta iniúchta píosa scannánaíochta CCTV a iniúchadh, agus an ceanglas maidir le Measúnachtaí Tionchair Cosanta Sonraí, i measc nithe eile.

Na cumhachtaí ceartaitheacha a cuireadh i bhfeidhm

  • Cosc sealadach ar phróiseáil sonraí pearsanta trí cheamaraí CCTV i gcúig láthair a úsáidtear le haghaidh braith agus le gníomh forfheidhmithe a ghlacadh i gcoinne daoine atá rannpháirteach i gcaitheamh bruscair agus na ceamaraí CCTV i Siúlóid Thaitneamhachta.
  • Ordú tugtha do Chomhairle Contae Chiarraí próiseáil sonraí pearsanta a chur ar bhonn comhlíonta ag glacadh an ghnímh áirithe a sonraíodh sa chinneadh.
  • Iomardú maidir le sáruithe Chomhairle Contae Chiarraí.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Comhairle Chontae Chiarraí - Márta 2020 (PDF, 952 KB).

 

Fiosrúchán maidir leis an nGarda Síochána

Bhain an fiosrúchán seo le scéimeanna CCTV a bhí á bhfeidhmiú ag an nGarda Síochána de bhun Alt 38(3)(a) d’Acht an Garda Síochána 2005. Áirítear ar thorthaí a rinneadh sa chinneadh:

  • An toradh gur sháraigh an Garda Síochána na hAilt seo a leanas d’Acht 2018 maidir leis an úsáid a bhain siad as ceamaraí d’ Uathaithint Uimhirphlátaí (ANPR):
    • Alt 75(3) d’Acht 2018 nuair nár cuireadh an beartas cosanta sonraí cuí i bhfeidhm;
    • Alt 76 d’Acht 2018 nuair nár cuireadh an chosaint sonraí cuí i bhfeidhm trí dhearadh agus réamhshocrú coimircí maidir le ceamaraí ANPR; agus
    • Alt 84 mar gheall nár tugadh faoi mheasúnacht tionchar cosanta sonraí ar chóras faireachais ANPR a bhfuil siad ina rialaitheoir sonraí ina leith, tástáil a dhéanamh ar an riachtanas ó thaobh ceamaraí ANPR agus a léiriú go bhfuil údar maith le ceamaraí ANPR a úsáid agus go bhfuil an úsáid sin comhréireach
  • Áirítear ar na torthaí eile sa chinneadh, sáruithe a bhaineann le rochtain iomarcach chuig seomraí monatóireachta, comharthaíocht chuí agus trédhearcacht ginearálta, saincheisteanna rialachais a bhaineann le córais CCTV agus easpa conarthaí i scríbhinn idir an AGS agus próiseálaithe sonraí tríú páirtí.

Na cumhachtaí ceartaitheacha a cuireadh i bhfeidhm

  • Cosc sealadach ar phróiseáil sonraí pearsanta lena mbaineann oibriú ceamaraí ANPR.
  • Ordú tugtha don Gharda Síochána próiseáil a chuid sonraí pearsanta a chur ar bhonn comhlíonta ag glacadh an gníomh áirithe a sonraíodh sa chinneadh.
  • Iomardú maidir le sáruithe an Gharda Síochána.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): An Garda Síochána - Lúnasa 2019  (PDF, 836 KB).