Jennifer Dolan
08th Mí Deireadh Fomhair 2026
08th Mí Deireadh Fomhair 2026
01st Mí Deireadh Fomhair 2026
25th Mí Meán Fomhair 2026
21st Mí Meán Fomhair 2026
08th Mí Meán Fomhair 2026
02nd Mí Meán Fomhair 2026
D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí an cinneadh críochnaitheach uaidh tar éis fiosrúchán ar ionsaí bogearraí éirice a rinneadh ar an gcóras faisnéise saotharlainne san Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí. Braitheadh an sárú an 14 Samhain 2018. Ghnóthaigh na hionsaitheoirí rochtain ar ríomhairí lenar stóráladh agus lenar próiseáladh torthaí saotharlainne ar thástálacha diagnóiseacha othar, agus bhain siad úsáid as an rochtain sin chun sonraí pearsanta othar a chriptiú.
Scrúdaíodh san fhiosrúchán ón gCoimisiún na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bhí i bhfeidhm ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun slándáil próiseála sonraí pearsanta a chinntiú ar na córais a ndearnadh ionsaí orthu. Scrúdaíodh ann freisin a mhéid a chomhlíon FSS an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i ndáil lena chonarthaí le soláthraithe seirbhíse amhail próiseálaithe sonraí tríú páirtí, a thaifead ar ghníomhaíochtaí próiseála, agus an ceanglas atá air fógra a thabhairt do dhaoine a ndéanann sáruithe ardriosca difear dóibh.
Tagtar ar na conclúidí seo a leanas sa chinneadh ón gCoimisiún, rud a cuireadh in iúl do FSS an 11 Meitheamh 2026:
sháraigh FSS prionsabal na sláine agus na rúndachta faoi Airteagal 5(1)(f) RGCS nuair a mhainnigh sé slándáil iomchuí na sonraí pearsanta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta othar a chinntiú trí úsáid a bhaint as bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla;
sháraigh FSS Airteagal 28 RGCS nuair nár chinntigh sé go raibh coimircí dóthanacha ar áireamh i gcomhaontuithe le tríú páirtithe a phróiseáil sonraí pearsanta thar a cheann chun a chinntiú go mbeadh an phróiseáil i gcomhréir go hiomlán le RGCS agus go gcosnófaí cearta ábhar sonraí;
I bhfianaise na sáruithe atá sainaitheanta thuas, rinne an Coimisiún an méid seo a leanas:
Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: Fiosrúchán ar Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí (PDF, 1.3MB)
Tá Oifig IS na hÉireann ainmnithe mar phointe teagmhála aonair maidir le Rialáil na hIntleachta Saorga in Éirinn. Féach suíomh Gréasáin na hOifige IS
Tá Oifig IS na hÉireann ainmnithe mar phointe teagmhála aonair maidir le Rialáil na hIntleachta Saorga in Éirinn. Féach suíomh Gréasáin na hOifige IS
Tá feidhmeanna agus cumhachtaí áirithe ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí faoi Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir leis an Intleacht Shaorga (2024).