Cosaint Sonraí le linn an Fheachtais Toghchánaíochta

21st Mí Eanair 2020

Tá na póstaeir curtha in airde agus tá an feachtas faoi lán seoil don olltoghchán.  Sa bhlag seo, táimid chun dul trí cén chaoi agus cén fáth a mbaineann tábhacht le cosaint sonraí i gcomhthéacs togháin agus na canbhasála, na cearta atá ag vótálaithe, agus na dualgais atá ar fheachtasóirí.

Tá sé tábhachtach go mbeadh polaiteoirí in ann cumarsáid a dhéanamh le vótálaithe sa tréimhse roimh thoghchán. Bíodh sin mar atá, nuair a bhaintear úsáid as sonraí pearsanta ar mhaithe le toghcháin, ní mór dóibh sin a bhailíonn agus a úsáideann sonraí pearsanta meas a léiriú ar chearta an duine aonair maidir le cosaint sonraí agus príobhaideachas agus cloí lena gcuid freagrachtaí mar ‘rialaitheoirí’ ar na sonraí sin faoin dlí maidir le cosaint sonraí.

Féadfaidh iarrthóirí, feachtasóirí agus páirtithe polaitíochta úsáid a bhaint as eolas ón gClár Toghthóirí ar mhaithe le toghchán. Le toiliú ón duine aonair, féadfaidh siad cumarsáid leictreonach a sheoladh go díreach chuig an duine sin agus eolas a bhailiú díreach uaidh/uaithi. Níor cheart sonraí pearsanta a úsáid ach amháin ar bhealach dleathach agus trédhearcach, agus i gcomhréir le prionsabail cosanta sonraí, agus ní mór dóibh sin a bhaineann úsáid as sonraí pearsanta na beartais agus cosaintí iomchuí a chur i bhfeidhm chun cearta agus saoirsí daoine aonair a bhfuil a gcuid sonraí pearsanta á bpróiseáil a chosaint.

Cearta Daoine Aonair

Nuair a bhaintear úsáid as do chuid sonraí pearsanta i gcomhthéacs feachtasaíochta agus gníomhaíochtaí toghcháin eile, cuireann dlíthe maidir le cosaint sonraí roinnt cearta agus cosaintí bunúsacha ar fáil duit. Ceann de na cearta is tábhachtaí is ea an ceart go dtabharfaí eolas soiléir, achomair agus trédhearcach duit maidir le do chuid sonraí pearsanta a bheith á mbailiú agus á n-úsáid, lena n-áirítear aitheantas an duine dá bhfuil na sonraí á mbailiú a thabhairt, an chúis go bhfuil siad á mbailiú, an úsáid a bhainfear astu, cé leis a roinnfear na sonraí agus an tréimhse a gcoinneofar iad.

I measc cearta eile áirítear an ceart chun cóip a fháil d’aon chuid de do chuid sonraí pearsanta atá á n-úsáid, an ceart na sonraí sin a cheartú má tá siad mícheart, nó an ceart na sonraí sin a scriosadh i gcásanna áirithe (nuair nach bhfuil siad ag teastáil a thuilleadh don chúis ar bailíodh iad, mar shampla). Chomh maith leis sin, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an DPC má bhraitheann tú go bhfuil duine aonair nó eagraíocht ag sárú a gcuid oibleagáidí maidir le cosaint sonraí.

Ní cearta iomlána iad cearta maidir le cosaint sonraí agus ní mór leas an phobail a chur san áireamh ina leith. I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí srian a chur leo, ar nós nuair is gá éascaíocht a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais toghcháin. Bíonn srianta áirithe ar cheart an duine aonair cur in aghaidh sonraí pearsanta a phróiseáil nuair a dhéantar an phróiseáil le linn gníomhaíochtaí toghcháin. Mar sin féin, ní chuireann na srianta seo ar an gceart cur in aghaidh isteach ar na cearta eile atá ag daoine aonair ná ar na hoibleagáidí atá ar fheachtasóirí.

Léigh tuilleadh: Treoir maidir le Canbhasáil agus Toghcháin – Do Dhaoine Aonair

Oibleagáidí ar Fheachtasóirí

Ba cheart go mbeadh prionsabail maidir le cosaint sonraí mar thúspointe ag feachtasóirí, nó ag duine ar bith atá ag smaoineamh ar shonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs toghcháin.

Tá freagracht ar fheachtasóirí go háirithe a chinntiú go ndéantar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta ar bhealach ‘dleathach’. Ní mór dóibh a chinntiú go bhfuil bunús dlí  acu chun sonraí pearsanta a phróiseáil agus d’fhéadfadh sé sin athrú de réir an chomhthéacs, mar shampla ‘toiliú’ a fháil do mhargaíocht dhíreach leictreonach, nó i gcás gníomhaíochtaí áirithe toghcháin, an phróiseáil a bheith ‘riachtanach chun tasc a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail’.

Chomh maith leis sin, ní mór d’fheachtasóirí an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a íoslaghdú. Is éard is brí leis sin nár chóir úsáid a bhaint astu ach amháin don chúis ar bailíodh iad, agus a chinntiú go gcuirtear an méid sin in iúl do dhaoine aonair. Bíonn oibleagáid eile i gceist nuair a dhéantar sonraí ‘catagóirí speisialta’ a phróiseáil, ar nós sonraí ina nochtar tuairimí polaitiúla. Le go mbeidh an cineál sin próiseála dleathach, ní mór go gcomhlíonfadh an phróiseáil ceann amháin de na coinníollacha atá in Airteagal 9(2) den GDPR freisin.

Ba chóir d’iarrthóirí nó páirtithe a bhfuil láithreán gréasáin acu a chinntiú go gcomhlíonann siad a gcuid oibleagáidí trédhearcachta trí ráiteas príobháideachais agus fógra maidir le fianáin a bheith acu atá éasca a theacht orthu, le feiceáil go soiléir agus éasca a thuiscint.

Maidir le feachtasóirí atá i mbun fógraíocht pholaitiúil nó atá ag baint úsáid as seirbhísí tríú páirtí do ghníomhaíochtaí toghcháin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil bunús dlí acu chun aon sonraí pearsanta a roinnt leis an tseirbhís tríú páirtí nó ardán fógraíochta sin, agus a chinntiú go ndéantar daoine aonair a chur ar an eolas maidir le haon tríú páirtí a roinnfear a gcuid sonraí pearsanta leo.

Léigh tuilleadh: Treoir maidir le Canbhasáil agus Toghcháin – D’Fheachtasóirí