Mearthreoir maidir le Prionsabail um Chosaint Sonraí

Tá prionsabail mar chuid thábhachtach don dlí cosanta sonraí, agus tá siad, déanta na fírinne, lárnach ó thaobh an Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Tagráitear don GDPR go minic mar rialachán ‘prionsabalbhunaithe’. Leagtar amach in Airteagal 5 den GDPR, go háirithe, seacht gcinn de bhunphrionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta,nach mór do rialaitheoirí a bheith ar an eolas maidir leo agus na prionsabail seo a chomhlíonadh agus iad ag bailiú nó ag próiseáil sonraí pearsanta:

  • Dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht;
  • Teorannú de réir cuspóra;
  • Íoslaghdú sonraí;
  • Cruinneas;
  • Teorannú Stórála;
  • Sláine agus rúndacht; agus
  • Cuntasacht.

Ba cheart don treoir seo cuidiú le rialaitheoirí na prionsabail um chosaint sonraí a chomhlíonadh, agus is é sin an chéad céim agus, b’fhéidir, an céim is tábhachtaí go bhféadfadh rialaitheoirí a dhéanamh chun cinntiú go gcomhlíonann siad riachtanais an GDPR agus an dlí cosanta sonraí go ginearálta.

Mearthreoir maidir le Prionsabail um Chosaint Sonraí - Treoirnóta Iomlán