Blag – TCI sa bhaile

18th Mí Iúil 2019

Tá níos mó agus níos mó dúinn ag suiteáil ceamaraí inár dtithe –ceamara chun súil a choimeád ar do pheata nuair nach bhfuil tú ann, b’fhéidir, nó ceamara ar do chloigín dorais ionas gur féidir leat d’fhón a úsáid chun féachaint cé atá ag an doras.

Baineann roinnt mhaith de na ceisteanna a fhaighimid sa Choimisiún um Chosaint Sonraí le TCI agus cosaint sonraí agus, mar sin de, tugaimid freagraí anseo le roinnt de na ceisteanna is coitianta a fhaighimid maidir le TCI sa bhaile.

Tá ceamaraí agam laistigh de mo theach gur féidir liom seiceáil le m’fhón cliste – an dteastaíonn comharthaí uaim le cur in eol do chuairteoirí go bhfuil ceamaraí agam?

Leagtar raon na reachtaíochta um chosaint sonraí amach in Airteagal 2 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, ina luaitear nach bhfuil feidhm ag an Rialachán má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin.

Is gnách go nglaoitear an díolúine teaghlaigh, nó an díolúine baile, ar an bhforáil seo.

Is éard atá i gceist leis seo ná má úsáidtear córas inmheánach ceamara slándála i mbun gníomhaíocht an úinéara tí atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin, ní bheadh sé/sí faoi réir na hoibleagáidí céanna agus a bheadh rialaitheoir sonraí faoi dlí um chosaint sonraí. Mar sin de, ní gá duit comharthaí a chur suas chun é a chur ar shúile do chuairteoirí, agus ní gá duit rochtain ar phíosaí scannánaíochta ó na ceamaraí a chur ar fáil.

Tá sé tábhachtach tabhairt faoi deara, áfach, gur féidir rialaitheoir sonraí a dhéanamh duit chun críocha dlí um chosaint sonraí, ag brath ar cad a dhéanann tú leis an bpíosa scannánaíochta a thaifeadtar. Is éard atá i gceist ná má dhéanann tú, mar shampla, an píosa scannánaíochta a fhoilsiú ar líne nó a roinnt ar na meáin shóisialta, is féidir leat teachta faoi réir oibleagáidí rialaitheora sonraí. Léigh Treoir ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí do Rialaitheoirí Sonraí maidir le húsáid TCI.

Ach de ghnáth, sáraíonn úsáid a leithéid de córais scóip cosanta sonraí.

Tá cloigín físeáin agam ar mo dhoras agus is féidir liom m’fhón cliste a úsáid chun súil a choinneáil air – an rialaitheoir sonraí mé dá bharr seo?

Cosúil leis na ceamaraí laistigh den teach, is dócha go dtiocfadh cloigín cliste dorais faoin díolúine baile mar go n-úsáidfear é i mbun gníomhaíocht an úinéara tí atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin.

D’fhéadfadh sé seo bheith difriúil ón cás roimhe seo má tá an ceamara ar an gcloigín dorais dírithe ar limistéar atá inrochtana don phobal agus más féidir leis an gceamara daoine aonair sa limistéar sin a thaifead.

Dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás ‘Ryneš’ go dtagann úsáid córas baile TCI faoi scóip dlí um chosaint sonraí má chlúdaíonn an córas spás poiblí.

Chun é seo a sheachaint, ba cheart bheith cúramach agus cloigín cliste dorais á shuiteáil nach bhfuil limistéar atá inrochtana don phobail san áireamh. Mura féidir é seo a sheachaint, ba cheart d’úsáideoir féachaint ar ár dtreoir maidir le córais TCI chun a oibleagáidí maidir le trédhearcacht a thuiscint.

Ar an mbealach céanna, ní chlúdaíonn an sainmhíniú ar ‘shonraí pearsanta’ ach faisnéis (fístaifeadadh sa chás seo) ina n-aithnítear daoine nó ina bhfuil daoine inaitheanta.

Ní bheadh sonraí pearsanta i gceist le scannánaíochta físeáin a ghabhann íomhánna de dhaoine mura féidir na daoine sin a aithint. Mar shampla, is dócha go ngabhfadh an cloigín dorais pictiúr réasúnta soiléir den duine ag an doras, ach d’fhéadfadh go mbeadh sé deartha nó suite i mbealach go bhfuil aon íomhánna de dhaoine ar shráid phoiblí ródhoiléir agus ar chaighdeán ró-íseal chun iad a aithint.

Tá ceamaraí slándála TCI agam lasmuigh de mo theach atá dírithe ar mo chabhsán agus mo ghairdín – an bhfuil mé fós díolmhaithe ó dlí um chosaint sonraí?

Tá an scéal seo cosúil leis an gceann don chloigín dorais cliste. Fad is a ghabhann do cheamaraí do ghairdín nó do chabhsán amháin agus nach ghabhann siad spás poiblí, beidh an díolúine teaghlaigh i gceist. É sin ráite, má ghabhann na ceamaraí spás poiblí – mar shampla an cosán, bóthar nó cúlsráid – de bharr an treo nó an uillinn ina bhfuil siad dírithe, is dócha go dtiocfadh sé seo faoi scóip an dlí um chosaint sonraí agus beidh tú i do rialaitheoir sonraí má ghabhann sé íomhánna inaitheanta de dhaoine sa spás poiblí. Ba cheart bheith cúramach freisin nach ngabhann tú réadmhaoin do chomharsana (teach, gairdín, srl...) cé go gcuirfeadh sé seo isteach ar a gcuid príobháideachta.

Arís, mura féidir é seo a sheachaint, ba cheart duit féachaint ar ár dtreoir maidir le córais TCI.

Léigh – Treoir maidir le húsáid córais TCI do dhaoine aonair