Treoir ar Úsáid CCTV – Do Dhaoine Aonair

Tá úsáid a bhaint as faireachas CCTV ag éirí níos forleithne le blianta beaga anuas mar gheall ar fheabhas ar shofaisticiúlacht agus an fháil ar theicneolaíocht sa réimse seo. Tá go leor úsáidí dlisteanacha ag gabháil le CCTV ó thaobh slándála, coiriúlacht a chosc agus a bhrath agus sláinte agus sábháilteacht.  D’fhéadfadh údar imní a bheith ag baint leis freisin ó thaobh cur isteach míréasúnta ar chearta príobháideachais agus cearta cosanta sonraí daoine aonair agus mar gheall go bhféadfadh monatóireacht nó faireachas iomarcach a bheith ar siúl.

Tá sé i gceist leis treoir seo cuidiú le daoine tuiscint a fháil ar na cearta atá acu maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta ar CCTV agus maidir leis an méid ba chóir dóibh a bheith ag súil leis ó rialaitheoirí sonraí a bhaineann úsáid as córais CCTV.

Treoir ar Úsáid CCTV do Dhaoine Aonair – Treoirnóta Iomlán