Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní 2025

Is mór ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) éagsúlacht, comhionannas agus paireacht inscne inár n-áit oibre. Táimid tiomanta do thimpeallacht chuimsitheach a chothú ina bhfaigheann gach duine comhdheiseanna chun dul chun cinn agus rath a bhaint amach. Léirítear an tiomantas sin sa Tuarascáil uainn ar an mBearna Phá idir na hInscní don bhliain 2025, ina leagtar amach próifíl ár bhfórsa saothair agus na gníomhartha leanúnacha atá ar bun againn chun cothroime a chur chun cinn agus chun neamhréireachtaí pá a laghdú. Léirítear feabhas leantach sna staitisticí, agus an bhearna mheánach phá idir na hinscní agus an bhearna airmheánach phá idir na hinscní araon ag laghdú i mbliana i gcomparáid leis an mbliain seo caite. Tá rún daingean againn go fóill tacú le hionadaíocht chothromaithe ag gach leibhéal, cleachtais earcaíochta agus ardú céime a neartú, agus cultúr láidir comhionannais, éagsúlachta agus cuimsithe a leabú ar fud na heagraíochta. Tugtar sa tuarascáil seo forbhreathnú trédhearcach ar an dul chun cinn a rinneamar agus ar na bearta atá i bhfeidhm chun cothromas inscne a chur chun cinn tuilleadh laistigh den Choimisiún.

Is féidir leat an tuarascáil iomlán a íoslódáil ag an nasc seo: Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní 2025 (PDF, 542KB)