Blag faoi chosaint sonraí le linn aimsir na Nollag – na nithe is gá a bheith ar eolas agat

24th Mí na Samhna 2023

De réir mar a dhruideann aimsir na Nollag agus an séasúr gnóthach siopadóireachta linn, shíleamar go mbeadh sé ina chabhair forbhreathnú a thabhairt ar roinnt den treoir ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) maidir leis na saincheisteanna a thagann aníos go coitianta ag an tráth seo den bhliain.

Sa phostáil blag seo, iniúchfaimid na bréagáin nasctha agus na gléasanna nasctha a d’fhéadfá a thabhairt nó a fháil mar bhronntanas le linn aimsir na Nollag. Iniúchfaimid freisin na rialacha a bhaineann le r-admhálacha agus le margaíocht dhíreach do mhiondíoltóirí.

Más ann do thopaic ar leith ar spéis leat tuilleadh faisnéise a fháil fúithi, is féidir leat na naisc chuig gach ceann de na píosaí ábhartha treorach a phléitear inniu a aimsiú sa rannán ‘tuilleadh faisnéise’ thíos.

Léirigh an Coimisiún podchraoladh i gcomhar leis an mblag seo. Tá sé ar fáil anseo: Podchraoladh faoi chosaint sonraí le linn aimsir na Nollag – na nithe is gá a bheith ar eolas agat

Bréagáin nasctha agus gléasanna nasctha

Tá an cumas ag bréagáin nasctha chun idirghníomhú le leanaí, bíodh sé go díreach nó trí aip thionlacain.

I roinnt cásanna, is féidir leis na bréagáin focail a aithint agus freagairt ar bhealaí áirithe chun freagairt mhothúchánach do rudaí a deir nó a dhéanann an leanbh a léiriú – mar shampla, bábóg a dhúnann a súile nuair a iarrann an leanbh uirthi dul a chodladh. I gcásanna ina nascann na bréagáin sin le haip, d’fhéadfadh sé sin a fhágáil go bhféadfaí ‘comhráite’ idir an bhábóg agus an leanbh a bhailiú agus a thaifeadadh, nó d’fhéadfadh siad gníomhú mar shiúlscéalaí, fiú.

Tá sé tábhachtach a thuiscint gurb amhlaidh, i gcás roinnt de na táirgí sin, a chomhroinntear na taifeadtaí gutha le cuideachtaí eile agus is féidir go mbeidh sé ceadmhach, de réir théarmaí agus coinníollacha na mbréagán, comhráite an linbh a úsáid mar bhonn le fógraíocht spriocdhírithe.

Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí a fhógairt go mbaineann bréagáin áirithe úsáid as intleacht shaorga chun roinnt leanaí a mhealladh. Tríd is tríd, d’fhéadfadh sé sin a fhágáil go mbaileofaí níos mó sonraí agus go mbeadh siad faoi réir próiseáil chasta. D’fhéadfadh gurbh é an toradh a bheadh air sin ná go gcruthófaí próifíl faoi do leanbh.

Bronntanas coitianta eile d’aosaigh agus do leanaí araon is ea uaireadóirí cliste. Mar an gcéanna, is féidir le tuismitheoirí nó le caomhnóirí na gléasanna sin a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh lena leanbh trí fheidhm fóin póca agus chun suíomh an linbh a thuairisciú. Gné de roinnt uaireadóirí is ea cnaipe ‘SOS’ chun go mbeifear in ann uimhir a dhiailiú go tapa i gcás éigeandála.

Cé gur gnéithe an-úsáideach iad sin in amanna, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur aimsíodh i roinnt cásanna nach bhfuil na feidhmeanna cumarsáide sin sábháilte agus gur féidir iad a haiceáil. Dá bharr sin, d’fhéadfadh go mbeifí ag cúléisteacht le comhráite nó go ndéanfaí cumarsáid dhíreach leis an leanbh, fiú. Chomh maith leis sin, is féidir le haiceálaithe an fheidhm suímh ar na huaireadóirí sin a chúbláil chun suíomh an linbh a athrú, agus is féidir dallamullóg a chur ar an bhfeidhm ‘SOS’, fiú, chun uimhir fóin nach bhfuil iontaoibh aisti a úsáid.

Dá bhrí sin, is ann in amanna do rioscaí áirithe a bhaineann leis na bréagáin agus gléasanna sin agus is é sin an fáth ar gá duit a bheith ar an eolas faoin reachtaíocht cosanta sonraí lena gcosnaítear thú ar na rioscaí sin.

Sa treoirnóta uainn, tá liosta againn de na nithe ar cheart súil a choinneáil amach dóibh sa réimse seo. Molaimid do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí, agus d’aon duine eile ar mian leis/léi gléas cosúil a thabhairt mar bhronntanas do leanbh, breithniú go cúramach nuair atá siad ag roghnú aon ghléis:

  • A bhfuil ceamara aige nó ar féidir leis guthanna a thaifeadadh,
  • Is féidir a nascadh leis an Idirlíon,
  • Lena gceadaítear nascadh cianda trí úsáid a bhaint as aip fóin chliste nó as aip tháibléid, nó
  • A bhfuil saoráid rianaithe suímh aige.

Má tá tú sásta an bréagán nó an gléas a cheannach le haghaidh linbh, déan cinnte de go bhfuil sé ag obair ar an mbealach a thuairiscítear agus go bhfuil tú sásta lena bhfuil á dhéanamh aige, go háirithe nuair a chomhroinneann an bréagán nó an gléas faisnéis le haip, le cuideachtaí nó le suíomhanna Gréasáin a bhféadfadh sé nascadh leo.

R-admhálacha

Topaic eile lena mbaineann ábharthacht ar leith ag an tráth seo den bhliain is ea an líon méadaitheach miondíoltóirí a bhíonn ag tabhairt rogha do chustaiméirí ag an bpointe ceannaigh admháil leictreonach, nó ‘r-admháil’, a fháil.

Rinne an Coimisiún sraith iniúchtaí roimhe seo chun measúnú a dhéanamh ar an dóigh a bpróiseálann eagraíochtaí sonraí pearsanta le linn dóibh r-admhálacha a thabhairt do chustaiméirí. I roinnt cásanna, tharla sé gur chun ábhair mhargaíochta a eisiúint ansin a bhain miondíoltóirí úsáid as seoltaí ríomhphoist a bailíodh chun r-admhálacha a eisiúint. Ag teacht sna sála ar na hiniúchtaí sin, chuir an Coimisiún treoir le chéile maidir le r-admhálacha a úsáid. Is é an aidhm atá leis an treoir cabhrú le miondíoltóirí cloí leis an dea-chleachtas sa réimse seo. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach gurbh eol do chustaiméirí cé na cearta atá acu chuige sin.

Ag an bpointe ceannaigh, is amhlaidh, má iarrtar ar chustaiméir seoladh ríomhphoist a thabhairt:

  • Ba cheart a chur in iúl don chustaiméir go bhfuil a s(h)eoladh ríomhphoist á iarraidh ionas gur féidir r-admháil a sheoladh chuige/chuici; agus
  • Ba cheart a chur in iúl go soiléir don chustaiméir nach bhfuil aon oibleagáid air/uirthi a s(h)eoladh ríomhphoist a thabhairt ionas gur féidir r-admháil a sheoladh chuige/chuici, in ionad admháil cóipe crua ón scipéad a thabhairt dó/di.

I gcás gur bailíodh seoladh ríomhphoist chun r-admháil a sheoladh agus go bhfuil an miondíoltóir ag iarraidh ansin ríomhphoist mhargaíochta a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist sin, deirimid i gcónaí nach mór don mhiondíoltóir an méid sin a chur in iúl don chustaiméir agus an deis a thabhairt don chustaiméir, tráth atá a m(h)ionsonraí teagmhála á mbailiú, diúltú do ríomhphoist mhargaíochta a fháil. Má theipeann ar an miondíoltóir déanamh amhlaidh, ní fhéadfaidh an miondíoltóir, de réir an dlí, seoladh ríomhphoist an chustaiméara a úsáid chun na críche sin. Chomh maith leis sin, ba cheart deis éasca a thabhairt don chustaiméir, gach uair a dhéantar teagmháil leis/léi ina dhiaidh sin chun críocha margaíochta, diúltú do chumarsáidí breise margaíochta a fháil.

Ceanglaítear leis an dlí cosanta sonraí ar mhiondíoltóirí sonraí a phróiseáil go trédhearcach agus bheith cuntasach do na custaiméirí a bpróiseálann siad a sonraí agus don Choimisiún araon. Maidir le miondíoltóirí ar mhaith leo ríomhphoist mhargaíochta a sheoladh ar an mbealach sin, ní mór dóibh cloí leis na rialacha atá leagtha amach sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus sna Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach. Is ionstraimí iad sin lena rialaítear an chéad topaic eile ba mhaith linn a phlé, eadhon margaíocht dhíreach, rud a dtagann méadú suntasach air go hiondúil de réir mar a dhruideann tréimhse siopadóireachta na Nollag linn.

Margaíocht dhíreach

Is é a bhíonn i gceist le margaíocht dhíreach de ghnáth ná eagraíocht nó margóir a bheith ag iarraidh táirge nó seirbhís a chur chun cinn nó ag iarraidh tusa a spreagadh chun faisnéis bhreise a iarraidh faoi tháirge nó faoi sheirbhís trí spriocdhíriú ortsa mar dhuine aonair.

Is gnách go bhfaigheann an Coimisiún a lán ceisteanna faoi na cineálacha cumarsáide sin agus faoi conas is féidir diúltú dóibh. De ghnáth, is le ríomhphost, le teachtaireacht téacs nó trí ghlaonna teileafóin (modh a dtugtar ‘mangaireacht fóin’ air) a sheoltar cumarsáidí margaíochta den chineál sin. Is minic a bhíonn tairiscintí speisialta nó promóisin le fáil sna cumarsáidí. Is féidir le margaíocht dhíreach a bheith níos leithne ná reiceanna díolacháin, áfach, toisc go n-áirítear léi freisin canbhasáil a dhéanamh le haghaidh vótaí i dtoghchán nó éiteas eagraíochta a chur chun cinn.

Má fhaigheann tú margaíocht dhíreach i gcás nár thug tú d’fhaisnéis d’eagraíocht nó nár thug tú d’fhaisnéis di chun críche margaíochta, is é atá ansin ná rud a dtugtar ‘margaíocht dhíreach gan iarraidh’ air. Is cuma cé acu a thug nó nár thug tú d’fhaisnéis teagmhála go díreach d’eagraíocht, ní fhágann sé sin i ngach cás gur thug tú do mhionsonraí teagmhála chun go gcuirfeadh an eagraíocht a cuid táirgí nó seirbhísí chun cinn duit.

Féadfaidh tú stop a chur le tuilleadh margaíochta dírí gan iarraidh a bheith á seoladh chugat ag eagraíocht trí iarraidh ‘díliostála’ nó diúltaithe a sheoladh chuig an eagraíocht a sheol an t-ábhar margaíochta chugat. Maidir leis an ábhar margaíochta a fhaigheann tú, ba cheart seoladh bailí a bhféadfaidh tú iarraidh den sórt sin a sheoladh chuige a bheith ar áireamh ann i gcónaí, agus ní mór d’iarraidh díliostála a chur chun feidhme.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis na cumarsáidí margaíochta uile a sheolann eagraíocht agus gurb amhlaidh, dá bhrí sin, nach bhfuil feidhm ag na rialacháin cosanta sonraí maidir leis na cásanna sin. Mar shampla, ní áirítear le margaíocht dhíreach suirbhéanna margaidh ina n-iarrtar do thuairimí ar shaincheisteanna amhail nithe polaitiúla nó sainroghanna pearsanta an lucht éisteachta raidió.

Cé is moite de na cásanna sin, áfach, is amhlaidh, más rud é go bhfaigheann tú margaíocht dhíreach ó eagraíocht nár dhéileáil tú léi riamh agus go bhfuil imní ort faoi cá háit ar foinsíodh d’fhaisnéis, a fhéadfaidh tú iarraidh ar an eagraíocht lena mbaineann míniú a thabhairt.

I gcás go bhfuil tú míshásta leis an toradh atá air sin, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun tuilleadh comhairle a fháil. Is ábhar tromaí iad sáruithe ar na rialacha lena rialaítear margaíocht dhíreach gan iarraidh agus caitear le sáruithe den sórt sin mar chionta coiriúla a bhféadfaidh an Coimisiún iad a ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche. Féadfar pionóis suas le €5,000 a fhorchur i leith gach ciona.

Má fhaigheann tú cumarsáidí margaíochta dírí a sháraíonn na rialacha atá pléite thuas, féadfaidh tú d’ábhar imní a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus na mionsonraí á leagan amach agat trínár bhfoirm ar líne atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.


Tuilleadh faisnéise:

Bréagáin nasctha agus gléasanna nasctha: 

R-admhálacha: 

Margaíocht Dhíreach: