Treoir do Mhiondíoltóirí ag Eisiúint r-Admhálacha

Rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) sraith iniúchtaí roimhe seo chun measúnú a dhéanamh ar an dóigh a ndéanann eagraíochtaí sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil le linn dóibh admhálacha leictreonacha (‘r-admhálacha’) a thabhairt do chustaiméirí. I roinnt cásanna, tharla sé gur chun ábhar margaíochta a eisiúint ansin a bhain miondíoltóirí úsáid as seoltaí ríomhphoist a bailíodh chun r-admhálacha a eisiúint. Ag teacht sna sála ar na hiniúchtaí sin, chuir an DPC treoir le chéile maidir le r-admhálacha a úsáid chun cabhrú le miondíoltóirí cloí leis an dea-chleachtas sa réimse seo.

Treoir do Mhiondíoltóirí ag Eisiúnt r-Admhálacha - Treoirnóta Iomlán