Comhairle DPC maidir le Bréagáin agus Gléasanna Nasctha

Baineann a lán páistí sult as a bheith ag súgradh le bréagáin agus gléasanna a bhíonn ábalta idirghníomhú leo, go díreach nó trí ‘aip’ ar líne. Ciallaíonn an móréileamh atá ar na bréagáin agus na gléasanna sin, lena bhfuiltear ábalta eispéireas spraoi agus oideachais a chur ar fáil, mar aon leis an dul chun cinn sa teicneolaíocht, go bhfuil níos mó agus níos mo de na táirgí sin ar an margadh le roghnú uathu. Agus aird á tabhairt air sin, chuir an Coimisiún Cosanta Sonraí (DPC) an chomhairle seo le chéile chun cuidiú leat má cheannaíonn tú/nuair a cheannaíonn tú ceann díobh.

Bréagáin agus gléasanna

D’fhéadfadh an chuma a bheith ar bhréagáin nasctha, go háirithe bábóga, go bhfuil pearsantacht acu agus go bhfuil cáilíocht cosúil le daoine acu chun páistí a mhealladh. I roinnt cásanna, is féidir leis na bréagáin focail a aithint agus gníomhú ar bhealaí áirithe chun freagairt mhothúchánach a mholadh don rud a dheir nó a dhéanann an páiste.

Nascann roinnt bréagán le haipeanna chomh maith ar fhóin chliste nó ar tháibléid, lena bhféadfaí “comhráití” idir an bhábóg agus an páiste a bhailiú agus a thaifeadadh, nó is féidir leo feidhmiú mar shiúlscéalaí fiú. Le haghaidh cuid de na táirgí sin comhroinntear na taifeadtaí gutha sin le cuideachtaí eile, agus faoi théarmaí agus coinníollacha na mbréagán d’fhéadfadh sé go mbeifí ábalta comhráití an pháiste a úsáid mar bhonn le haghaidh fógraíocht spriocdhírithe. Is féidir bréagáin a fhógairt nó a chur chun cinn ag baint úsáid as “faisnéis shaorga” chun páistí áirithe a mhealladh. Go ginearálta ciallaíonn sé sin go mbaileofar tuilleadh sonraí agus go mbeidh sé faoi réir próiseáil chasta lena bhféadfaí próifíl faoi do pháiste a chruthú.

Uaireadóirí cliste

Mar an gcéanna, le huaireadóirí cliste is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí cumarsáid a dhéanamh lena bpáiste trí fheidhm fóin phóca, agus suíomh an pháiste a thuairisciú. Tá cnaipe “SOS” ar roinnt uaireadóirí ar féidir diail ghaiste a dhéanamh orthu má bhíonn éigeandáil ann. Mar sin féin, fuarthas i roinnt cásanna nach bhfuil na feidhmeanna cumarsáide slán agus gur féidir iad a haiceáil agus mar sin is féidir bheith ag cúléisteacht le comhráití, nó fiú cumarsáid dhíreach a dhéanamh leis an bpáiste. Is féidir le haiceálaithe an fheidhm suímh a chlúbláil chomh maith ionas go bhfeicfear an páiste áit éigin eile, agus is féidir cleas a imirt ar an bhfeidhm “SOS” trí thabhairt air uimhir fóin neamh-iontaofa a úsáid. 

Reachtaíocht

Faoi reachtaíocht maidir le cosaint sonraí, má tá do pháiste faoi bhun 16, ceanglaítear ar mhonaróir bréagán den sóirt sin nó “rialtóir sonraí” a bhailíonn agus a phróiseálann sonraí pearsanta cead a fháil ó thuismitheoirí/chaomhnóirí chun iad a phróiseáil. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh ar bhealaí éagsúla, ach ba cheart do thuismitheoirí/chaomhnóirí a chinntiú go n-iarrtar cead orthu, go dtuigeann siad cé hé an rialtóir sonraí, an fáth a bhfuil na sonraí pearsanta á mbailiú agus an dóigh a gcosnaítear iad. Lena chois sin, ba cheart do thuismitheoirí/chaomhnóirí a bheith ábalta a gceart a fheidhmiú chun a gcead a aistarraingt, a fháil amach cad iad na sonraí pearsanta a coinníodh nó iad a rochtain, agus/nó a scriosadh.

 

Tá idirghníomhaíocht ar bith a d’fhéadfadh a bheith ag do pháiste leis na bréagáin, uaireadóirí cliste, nó gléasanna cliste comhchosúla eile ina cheist a d’fhéadfadh a bheith an-íogair B’fhéidir gur mhaith le tuismitheoirí/caomhnóirí atá ag smaoineamh ar cheann a cheannach an Nollaig seo a bheith cúramach agus ceann á roghnú a bhfuil cumas ceamara nó taifeadta gutha air, a nascann leis an idirlíon, ar féidir é a nascadh go cianda ag baint úsáid as fón cliste nó aip táibléid, nó a bhfuil áis rianaithe suímh air.

 

Cad ba cheart bheith ag faire amach do

  • An féidir leat na téarmaí agus na coinníollacha agus a himpleachtaí príobháideachais/cosanta sonraí a bhaineann le húsáid an pháiste as an mbréagán/ngléas a thuiscint go héasca, agus an dtugtar deis duit cead a thabhairt i leith gach cuspóra agus smacht a bheith agat ar úsáid shonraí pearsanta do pháiste?
  • An n-iarrtar ort údarú a thabhairt i gcomhair phróiseáil shonraí pearsanta do pháiste – a nguth nó a suíomh, mar shampla? An bhfuil an dóigh ar féidir leat do chead le haghaidh do pháiste a aistarraingt agus an dóigh le do chearta maidir le cosaint sonraí a fheidhmiú soiléir?
  • Cén cineál “braiteoirí” atá ar an mbréagán/ngléas – mar shampla, an dtaifeadfaidh sé guth do pháiste? An féidir leis focail nó frásaí áirithe a thuiscint? An féidir leis grianghraif a ghlacadh nó an féidir físeán a ghabháil air?
  • An bhfuil GPS nó bealach ar bith eile le suíomh a rianú air?
  • An féidir an bréagán/gléas a nascadh leis an idirlíon nó Bluetooth a úsáid chun é a nascadh le haip a shuiteálann tú ar d’fhón póca nó ar do tháibléad?
  • An bhfuil aip ann is féidir leat a úsáid leis an mbréagán nó leis an ngléas, an féidir le duine ar bith é a íoslódáil nó a úsáid nó an iad na páistí (nó tuismitheoirí/caomhnóirí) a bhfuil sé acu go díreach atá ábalta é a íoslódáil nó a úsáid?
  • An gcaithfear cnaipe ar an mbréagán/ngléas a úsáid, nó an gcaithfear an bréagán a úsáid ar bhealach áirithe le go nascfar an aip leis.
  • An féidir leat na braiteoirí eile, an nasc idirlín nó an rianú suímh a chasadh air agus as, nó an gcaithfidh an páiste cnaipe a bhrú gach am le go n-oibreoidh siad?
  • An bhfuil sé soiléir don pháiste agus duitse nuair atá na braiteoirí ag oibriú – mar shampla, an lasann na bréagáin nó na gléasanna nó an ndéanann siad torann nuair a ghníomhachtaítear na braiteoirí?
  • An bhfuil cur síos soiléir ar an bpacáistiú nó sa lámhleabhar a thagann leis an mbréagán/ngléas ar an dóigh a n-oibríonn na braiteoirí agus cad is féidir leat a dhéanamh chun iad a rialú?
  • An bhfuil sé soiléir ar an bpacáistiú nó sna treoracha má chuirtear an fhaisnéis a bhailítear trasna an idirlín chomh maith chuig an monaróir nó chuig cuideachtaí nó suíomhanna gréasáin eile?
  • An luaitear ar na bpacáistiú nó sna treoracha go mbailítear an fhaisnéis “go slán”, ag úsáid téarmaí amhail “https” nó “ssl” nó “tls”?
  • I gcás go gcomhroinntear faisnéis le dreamanna eile, an bhfuil sonraí teagmhála do na heagraíochtaí ann? An bhfuil beartais phríobháideachais ag suíomhanna gréasáin na gcuideachtaí lenar féidir leat tuiscint a fháil ar cad a dhéanann siad leis an bhfaisnéis a bhailíonn siad, cá chomh fada a choinníonn siad í, agus trínar féidir leat teagmháil a dhéanamh leo agus a iarraidh go scriosfaí an fhaisnéis?
  • Má chaithfidh tú clárú ar shuíomh gréasáin chun cuntas a oscailt don bhréagán nó aip ghaolmhar, an dtugann sé “deais” nó “tairseach” duit chun cad é an fhaisnéis a bhailítear a fheiceáil agus trínar féidir leat smacht a bheith agat air. (Go sonrach, an féidir leat a iarraidh gur féidir sonraí pearsanta a scriosadh, stop a chur lena mbailiú, nó stop a chur lena n-úsáid do rudaí amhail fógraíocht/comhroinnt tríú páirtithe?) 
     

Má fhaigheann tú nach féidir na freagraí ar na ceisteanna sin a aimsiú nó mura bhfuil tú sásta leo, is é ár gcomhairle mar sin smaoineamh go cúramach sula gceannaíonn tú an bréagán/gléas. Má tá tú sásta an bréagán/gléas a cheannach do pháiste, bí cúramach mar sin a chinntiú go bhfuil sé ag oibriú ar an mbealach ar a gcuirtear síos, agus go bhfuil tú sásta le cad a dhéanann sé, go háirithe nuair a chomhroinneann sé faisnéis le haip nó le cuideachtaí nó suíomhanna gréasáin a bhféadfadh sé nascadh leo.

Nóta:

In 2016, rinne Comhairle Eorpach do Thomhaltóirí teagmháil le hÚdaráis Cosanta Sonraí ar fud na hEorpa chun buarthaí a ardú maidir le ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann faoi chosaint sonraí a d’fhéadfadh tarlú nuair a úsáideann páistí agus tuismitheoirí/caomhnóirí bréagáin ar a bhfuil micreafóin agus ceamaraí ar féidir leo nascadh leis an idirlíon. I mí Dheireadh Fómhair 2017, d’eisigh an Chomhairle Eorpach do Thomhaltóirí fógra comhchosúil  maidir le huaireadóirí cliste a bhí dírithe ar mhargadh na bpáistí. Ó tugadh isteach an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i mí na Bealtaine 2018, tá an treoir seo fós bailí, agus leis an GDPR tugtar an chumhacht do thuismitheoirí/chaomhnóirí chun níos mó smachta a bheith acu ar phróiseáil shonraí pearsanta a bpáistí.