Ag Fanacht Sábháilte Ar Líne Le Linn Paindéim

26th Mí Márta 2020

Le linn an phaindéim COVID-19 feicimid tacaíocht ó gach cuid den tsochaí, chomh maith le réitigh agus uirlisí nuálacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, i dtimpeallacht atá ag athrú go tapa, tá sé tábhachtach go ndéanfaimid ar fad gach beart le cinntiú go bhfanaimid sábháilte inár n-idirghníomhaíocht ar line, go háirithe nuair atá an oiread sin camscéim maidir le COVID-19 chun cleas a imirt ar dhaoine a gcuid sonraí pearsanta a chomhroinnt nó chun rochtain a fháil ar a gcuid gairis.

Tá roinnt leideanna anseo faoi conas is féidir leat fanacht sábháilte ar line agus cinntiú nach roinnfear do shonraí pearsanta, go háirithe sonraí íogaire ar nós sonraí sláinte, ach amháin le faighteoirí iontaofa, agus nach mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta ag aon duine seachas na faighteoirí céanna sin.

Léigh níos mó: Cosaint sonraí agus COVID-19

 

 Leideanna chun Fanacht Sábháilte ar Líne

  • Cuimhnigh i gcónaí ar leis a bhfuil tú ag roinnt do shonraí pearsanta, agus déan iarracht gan sonraí pearsanta íogaire (ar nós sonraí sláinte) a roinnt ach amháin le faighteoirí iontaofa, mar shampla, ranna rialtais, oifigigh sláinte phoiblí, gairmithe sa chúram sláinte, nó faighteoirí eile a mholann siad nó a thacaíonn siad leo.
  • Stop agus tóg cúpla nóiméad an polasaí príobháideachais nó an fógra cosanta sonraí a bhaineann le seirbhís, aip, nó láithreán gréasáin a léamh, chun a bheith cinnte cé leis a bhfuil do shonraí pearsanta á roinnt, cén áit a stórálfar nó a phróiseálfar iad, agus cad iad na cuspóirí lena n-úsáidfear iad, i measc faisnéis thábhachtach eile.
  • Má tá faisnéis maidir le cosaint sonraí nó polasaí príobháideachais easnamhach nó mura féidir í a fháil, ba cheart duit bheith airdeallach ar sonraí pearsanta a roinnt leis an tseirbhís, aip nó laithreán seo, agus b’fhéidir gur mhiste duit bearta breise a dhéanamh, cosúil le teagmháil a dhéanamh leo, chun soléiriú a fháil.
  • Fiú nuair atá tá tú ag smaoineamh ar shonraí pearsanta a roinnt le faighteoir iontaofa trí aip, láithreán gréasáin, SMS, nó ríomhphost, déan cinnte gurb é an duine sin lena bhfuil tú ag roinnt na sonraí pearsanta. D’fhéadfaí go ndéanfar aip, láithreán gréasáin, uimhir fóin, nó seoladh ríomhphoist a cheilt le bheith cosúil leis an gceann a bhaineann leis an bhfaighteoir iontaofa.
  • Bí airdeallach ar naisc a sheoltar ar aghaidh chugat trí SMS, aipeanna teachtaireachta, nó ríomhphost, go háirithe mura bhfuil tú ag súil leo nó má cheapann tú gur seoladh iad go huathoibríoch, mar is bealach coitianta é seo chun naisc mailíseacha a scaipeadh.
  • Fan glan ar naisc a chliceáil nó ceangaltáin a oscailt mura bhfuil tú cinnte fúthu. Go háirithe, bí airdeallach ar cheangaltáin nach raibh tú ag súil leo. Cuimhnigh go bhféadfadh téacs a thaispeántar le haghaidh nasc bheith cosúil le URL dlisteanach, ach d’fhéadfaí go rachaidh an nasc áit éigin éile nuair a chliceálann tú air.
  • Tabhair aird ar naisc i ríomhphoist agus ar leathanaigh gréasáin lena cheanglaíonn tú. Cuir an cúrsóir os cionn an nasc sula chliceálann tú air; ba cheart go bhfeicfidh tú an URL ag bun do bhrabhsálaí ar dheis. An aithníonn tú é? Mura aithníonn, smaoinigh arís as é a úsáid.
  • Bí cinnte go bhfuil bogearraí frithvíreas nó bogearraí slándála ar line a bhfuil suas le dáta suiteáilte ar gach ceann de do ghairis – ná déan dearmad sa lá atá inniu ann go mbeidh cosaint frithvíreas agus cosaint i gcoinne bogearraí mailíseacha ag teastáil ag fóin cliste agus taibléid ar an mbealach céanna le ríomhairí glúine nó ríomhairí desice.

Léigh níos mó: Cosaint Sonraí Pearsanta agus tú ag Obair ó Chian

Léigh níos mó: Rioscaí Coitianta Ar Líne

Léigh níos mó: Treoir d’Eagraíochtaí maidir le hIonsaithe Fioscaireachta agus Innealtóireachta Sóisialta

Léigh níos mó: Treoir ar Shlándáil Sonraí