Treoir d’Eagraíochtaí maidir le hIonsaithe Fioscaireachta agus Innealtóireachta Sóisialta

Bealach amháin ina bhféadfadh rioscaí maidir le slándáil sonraí pearsanta a theacht chun cinn ná trí ionsaithe ar a dtugtar ‘fioscaireacht’ nó ‘innealtóireacht shóisialta’. Is féidir é seo a dhéanamh ar líon bealaí, ar nós ‘ríomhphost faoi bhréagriocht’ (ina mbaintear úsáid as seoladh ríomhphoist nó ainmneacha atá clónáilte nó a bhfuil ar an gcuma chéanna) agus úsáideoirí a chur ar strae chun faisnéis íogair a chur isteach ar láithréan gréasáin bréige (a fhéachann an-chosúil leis an láithreán gréasáin dlisteanach) nó bogearraí a fhéachann neamhdhíobhálach ach bogearraí atá mailíseach a íoslódáil (a bhíonn ceilte go minic mar cheangaltáin ríomhphoist).

Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cuidiú le rialaitheoirí fanacht glan, agus chun oiliúint a thabhairt dá bhfoirne fanacht glan, ar rioscaí le slándáil agus ionrachas na sonraí pearsanta a phróiseálann siad, trí leideanna chun a leithéid d’ionsaithe a aimsiú, bealaí chun riosca na n-ionsaithe a laghdú, agus moltaí maiidr le conas slándáil eagraíochtiúil a mhéadú i gcoinne ionsaithe den saghas seo.

Treoir d’Eagraíochtaí maidir le hIonsaithe Fioscaireachta agus Innealtóireachta Sóisialta - Treoirnóta Iomlán